Ní féidir a bheith cinnte ach de thrí rud sa saol

Is ábhar iontais do chách é nach bhfuil réiteach faighte fós ar an ngéarchéim náisiúnta i gcúrsaí tithíochta

FOCLÓIR: Tromchúiseach - grave; géarchéim - crisis; séanadh - deny; caoithiúlacht - convenience; dífhostaíocht - unemployment; ráchairt - demand; imeachtaí seach-churaclaim - extra curricular activities; i bhfogas - within/near; ionramháil - management.

Sa bhliain 1789, dúirt an Meiriceánach Benjamin Franklin nach féidir a bheith cinnte ach de dhá rud sa saol - an bás agus cáin. I gcás na hÉireann, ba cheart an éigeandáil tithíochta a chur leis an liosta sin.

Ceist thromchúiseach í atá ar cheann de na fadhbanna sóisialta is mó dá bhfuil againn.

Deireann na polaiteoirí nach féidir an éigeandáil tithíochta náisiúnta a réiteach thar oíche. B’fhéidir gur fíor dóibh, ach ní féidir a shéanadh ach an oiread nach fadhb í seo a tháinig aniar aduaidh orthu.

READ MORE

Nuair a thit an tóin as an margadh breis is deich mbliana ó shin gealladh go ndéanfaí gortghlanadh ceart ar chultúr na bhforbróirí agus ar an tionscal tógála go ginearálta.

Cé gur gealladh go leor, níor spreag an cúlú eacnamaíochta mórán athruithe bunúsacha ar an gcóras. Ina áit sin, cuireadh béim ar chaoithiúlacht an mhargaidh agus ar theorannú an caiteachas stáit ar sheirbhísí poiblí.

Níl lá sa tseachtain anois nach dtuairiscítear scéal uafáis éigin as ceard éigin den tír a bhaineann le gné éigin den ghéarchéim náisiúnta seo.

Tá sé geallta i straitéis nua a d’fhoilsigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien le déanaí go gcaithfear €20bn agus go dtógfar 300,000 aonad tithíochta faoi 2030. Díobh seo, tá sé i gceist go mbeidh 90,000 aonad sóisialta san áireamh, 36,000 aonad ar “phraghas réasúnta,” agus 18,000 aonad a chuirfear ar cíos. Cuirfidh an earnáil phríobháideach an chuid eile (156,000 aonad) ar fáil.

Ach ní hé seo an chéad iarracht tabhairt faoin bhfadhb. Cheadaigh an rialtas an “Straitéis Tithíochta Shóisialta 2020” i mí na Samhna 2014. Agus i 2021 tá na pubaill le feiceáil ar fud bhailte na tíre!

Cé gur chuir an phaindéim leis an bhfadhb dar ndóigh, tá cúrsaí chomh holc sin anois gur bagairt í an ghéarchéim ar leas an tsochaí. Sin gan trácht a dhéanamh ar an ngeilleagar, ar chúrsaí dífhostaíochta, ar an gcóras sláinte nó ar chúrsaí oideachais.

Níl pobal sa tír nach bhfuil a lorg fágtha air ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Níl sé d’acmhainn ag lánúin óga tithe a cheannach sa Ghaeltacht, mar shampla, agus is minic nach dtugtar cead dóibh tithe a thógáil ar a suíomh féin.

Mar bharr ar an donais, tá an easpa spéise atá léirithe ag an stát cosaint ar bith a thabhairt don Ghaeltacht nó dá pobal. Reáchtáil an t-eagras Todhchaí na Tuaithe agóid lasmuigh de Dháil Éireann an tseachtain seo caite chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta.

Tá géarghá le polasaí tithíochta ar leith a chur i bhfeidhm gan mhoill chun stop a chur le bánú na ndúichí Gaeltachta agus le forbairtí mífheiliúnacha, nó ní fada nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha.

Tá sé ráite ag airí rialtais go bhfuil sé “tábhachtach” go dtacódh an córas pleanála le cosaint agus le cur chun cinn na Gaeilge ach an cheist atá ann i gcónaí ná: an ndéanfaidh siad beart de réir a mbriathar?

Mar a dúirt ionadaí Chonradh na Gaeilge Peadar Mac Fhlannchadha le Tuarascáil le déanaí, “is mó an chosaint atá ag an seilide ná mar atá ag cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta. Níl siad san áireamh”.

Tá an feachtas ag bailiú nirt agus cé nach bhfuil toghchán romhainn díreach fós tá gach seans ann go mbeidh sé seo ina ábhar mór spairne nuair a fhaigheann an pobal an deis breithiúnas a thabhairt ar chúrsaí.

Goilliúint
Tá gach cuid den phobal thíos le fadhb na tithíochta ach ó thaobh cúrsaí cíosa de b'fhéidir gur ar na mic léinn is mó atá sé ag goilliúint faoi láthair.

Agus doirse an tríú leibhéal ar oscailt arís tá ráchairt mhór ar thithíocht do mhic léinn. Is cosúil gur fearr leis na tiarnaí talún beaga lóistín a ligean le teaghlaigh nó le daoine gairmiúla.

Tá ar mhic léinn dul in iomaíocht leo siúd ar acmhainn dóibh cíos níos airde a íoc ar lóistín. Agus is ar thithíocht ar dhroch chaighdeán agus ar thiarnaí talún gan scrúpall a bhíonn siad ag brath go minic dá bharr.

Bíonn orthu siúd nach acmhainn dóibh lóistín ar bith a fháil turais fhada a dhéanamh chun freastal ar léachtaí agus an t-aistear fada a dhéanamh sa treo eile istoíche. Is cúis náire é go bhfuil daoine ann freisin nach acmhainn dóibh freastal ar an tríú leibhéal ar chor ar bith de bharr na gcostas ard a bhaineann leis.

Ní féidir nach mbeadh droch thionchar aige seo ar fad ar na mic léinn óga ná nach gcuireadh sé isteach ar chúrsaí acadúla.

Cén chaoi ar féidir staidéar a dhéanamh mura mbíonn láthair staidéir ag duine? Cén chaoi ar féidir leas a bhaint as áiseanna an choláiste nó a bheith rannpháirteach in imeachtaí seach-churaclaim mura bhfuil lóistín ar fáil atá i bhfogas aistir réasúnta ón gcampas?

Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Cóiríochta do Mhic Léinn i 2017 agus gealladh ann go gcuirfí soláthar níos fearr tithíochta ar fáil do mhic léinn agus go ndéanfaí amhlaidh a thapúla ab fhéidir.

Ag cur san áireamh cé chomh mór is atá éileamh na n-institiúidí oideachais ar airgead dá ngnóthaí eile, dúradh sa phlean go mbeadh gá le hinfheistíocht ó fhorbróirí príobháideacha freisin chun díriú go cuimsitheach ar an nganntanas lóistín.

Is chun donais arís a chuaigh cúrsaí ó shin. Beartaíodh dhá bhliain ó shin go dtógfaí áiseanna do 6,000 leaba ar champais ollscoile ar fud na tíre. De bharr costas ard agus deacrachtaí eile a bhaineann le cead tógála tuairiscítear anois nach acmhainn do na hollscoileanna tabhairt faoi árais a thógáil iad féin.

De bharr costas ard gearradh an líon sin leapacha anuas go 3,000. Tá an baol ann anois go dtitfidh an líon sin arís.

Thóg forbróirí árais nua príobháideacha do mhic léinn ar fud na tíre ar chostas ard le tamall anuas ach tá sé tuairiscithe anois go bhfuil daoine nach mic léinn iad ag cur fúthu i gcuid de na hionaid sin.

An fáth nach bhfuiltear in ann mic léinn a mhealladh? Tá an cíos atá á ghearradh ar na haonaid seo ró-ard!

Cé go raibh athrú polasaí ag teastáil go géar, theip ar an earnáil phríobháideach agus ar na polaiteoirí tabhairt faoin ngéarchéim ar bhealach a chinnteodh soláthar maith tithíochta a chur ar fáil ar chíos réasúnta.

Cuma cén gaisce a rinneadar faoina gcuid polasaithe féin tá blas láidir i gcónaí d’fhealsúnacht an nualiobrálachais ar pholasaithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil maidir le cúrsaí eacnamaíochta. Tá toradh na h- ionramhála seo greanta ar an earnáil tithíochta.

Thug saoránaigh Bheirlín tacaíocht d’éilimh go nglacfadh údaráis na cathrach seilbh ar suas le 226,000 árasán ó ollchomhlachtaí príobháideacha le déanaí. Cé nach dócha go ligfí dá leithéid tarlúint anseo, tá go leor den tuairim gur gá beartas sa bhreis cosúil le beartas Bheirlín a chur i bhfeidhm mar chosaint don saoránach.

Bealach amháin a moladh chun tabhairt faoi ná go gcumhdófaí ceart tithíochta do gach saoránach i mBunreacht na hÉireann.

Dar ndóigh dhéanfadh captaein agus ceannairí na tionsclaíochta díspeagadh ar a leithéid. Ach, dá gcuirfí an cheist dhá bhliain ó shin, déarfaí go mbeadh sé dodhéanta ag an stát smacht a fháil ar na hospidéil phríobháideacha.

Léirigh an phaindéim gur féidir athruithe móra as cuimse a chur i gcrích laistigh d’achar ana ghairid ach an toil a bheith ann.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.