Náire faoin Arm

Caitear drochmheas ar arm na hÉireann mar is dóigh le daoine nár chóir go mbeadh arm na hÉireann ann in aon chor

Grianghraf: Niall Carson/PA Wire

Grianghraf: Niall Carson/PA Wire

 

Is cuimhin liom nuair a bhíos pas beag níos óige ná mar atáim anois gur ghnách liom dul ar an ordóig. Thaistealaíos Éire ina fóda caola, agus an Bhreatain suas síos, agus sciar maith de mhór roinn na hEorpa. Bhí cead agat síobshiúl a dhéanamh an uair sin, mar níor déanadh talamh slán de gur dúnmharfóir ba ea gach tiománaí a dhein gar duit. Go deimhin, bhí cuid acu thar a bheith cneasta agus thugadh bheith istigh duit ina scioból féin, nó cupán tae nuair a bhí an phingin dheiridh caite agat. Fuaireas turas uair amháin ó adhlacóir a raibh cónra laistiar díom sa chairt aige agus deireadh nithe ar nós, ‘thabharfadh daoine a mbeatha ar son marcaíocht a fháil uaimse,’ nó ‘ní thugaim lift do dhaoine ach aon uair amháin.’

Bhí difríochtaí móra gnáis sna tíortha a raibh mé siúlach iontu. D’fhéadfá trí scór míle nó ceithre scór ciliméadar féin a choisíocht sa bhFrainc gan trucail ar bith moilliú ar do shon d’fhonn do ghrinnidh. Chun a gceart a thabhairt do na Sasanaigh bhídis flaithiúil go leor, go háirithe ar na mionbhóithre. Bhí eisceachtaí ann, áfach. Ráinig dom a bheith ar bhóithre a bhí gnóthach agus gach rud ag sciorradh tharam. D’imíodh uaireanta fada an chloig thart agus d’ordóg ag éirí caite ó bheith in airde san aer. Ansin de phreib, céad slat os do chomhair amach gan chuireadh gan choinne, nochtadh feairín éigin in éide saighdiúra de chuid fhórsaí na banríona. I bhfaiteadh na leathshúile stopadh gluaisteán. Bhíodh ardaithe leis sula ndéarfá Amritsar nó Batang Kali féin. Bhínn ann go ceann uaireanta fada an chloig fós.

Níor mhar sin abhus. Is cuimhin liom siúl formhór an bhealaigh ó Bhaile Átha Cliath go dtí campa an Churraigh le cara dem chuid a bhí in Óglaigh na hÉireann. É féin gléasta go hiomlán mar shaighdiúir, mise gan fhéasóg, gan chroiméal agus carabhat ar mhaithe le meas. Stop ná stad ná staonadh níor dhein gluaisteán ná carbad ná tarracóir fan na slí. Níorbh é an t-aon uair amháin é, ach ní ar an mbóthar sin.

Buaileadh isteach im aigne gur bheag an urraim a bhí ag daoine d’arm na tíre. Bhí an bualadh sin isteach im aigne pianmhar go maith, agus b’eo mise ag taighdeadh go domhain faoim intinn cad ba bhrí leis. Léirigh bleaist an tseachtain cheana ón gCeannfort Cathal Berry an lagmheas leanúnach atá ar an arm. Gan amhras, ní mar bhleaist a shamhlaigh sé é, ach léiriú réasúnta ar an ngábh ina bhfuil na fórsaí cosanta. Ionaíodh ionadh, mar dhea.

B’iontaí iontasach an t-ionadh sin óir is drochmheas is rómhinic a chaitear le h-arm na hÉireann. Mar mhalairt, mórtar de shíor is de ghnáth na hÉireannaigh bhaotha a throid ar son Impireacht na Breataine agus iad ag marú aoirí gabhar sna Dardanelles nárbh aon bhaol dóibh do Bhaile Átha Cliath, agus aoirí caorach san Afraic Theas nach smaoineodh a choíche ná go deo ar ionradh a dhéanamh ar Thrá Lí. Caitear drochmheas ar arm na hÉireann mar is dóigh le daoine nár chóir go mbeadh arm na hÉireann ann in aon chor. Tá an imir sin go leanúnach san éileamh go gclasóimis le NATO.

Níos measa ná sin, tugtar aithis d’arm na hÉireann mar ceaptar gur náire an mhaise dhúinn saoirse a bhaint amach le lámh láidir. Bhí colún áititheach ar an nuachtán seo le déanaí a mhaígh nár cheart aon chomóradh choíche a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. As sin, nár cheart comóradh a dhéanamh ar chogadh na saoirse; as sin, caitheamh go náireach le hArm na hÉireann.

Tá líne dhíreach idir chéim síos Óglaigh na hÉireann agus an náire a leanann cogadh na saoirse.