Moltaí déanta chun cabhrú le stáisiúin raidió craoladh i nGaeilge

Gá le breis tacaíochta chun freastal a dhéanamh ar lucht éisteachta na Gaeilge

FOCLÓIR: Seach-bhuaice - off peak, earnáil raidió ceadúnaithe - licenced radio sector, cuibhiúil - proper, aschur - output, nós imeachta mear - fast track, closamhairc - audiovisual, tobhach - levy, creat - framework.

Tá gá le creat tacaíochta chun cabhrú le stáisiúin raidió na tíre cláir i nGaeilge a sholáthar ar bhealach a dhéanfadh freastal cuibhiúil ar lucht éisteachta phobal na teanga.

Sin moladh amháin atá ag an Dr John Walsh, atá ina údar ar thuarascáil nua OÉ Gaillimh ar úsáid na Gaeilge in earnáil raidió ceadúnaithe na hÉireann. Tá an tuarascáil, a fhoilsítear inniu agus atá maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), ar an tríú cuid de mór thaighde ar an earnáil.

Dírítear sa tuarascáil ar dhearctha na gcraoltóirí maidir leis na constaicí agus na deiseanna is mó a bhaineann le soláthar clár raidió Ghaeilge agus déantar moltaí chun aghaidh a thabhairt orthu sin.

READ MORE

Is léir ón taighde go meastar go mbaineann contúirt airgeadais le craoladh i nGaeilge. I ngeall ar sin, bíonn leisce ar chuid de na craoltóirí aon mhéadú a dhéanamh ar a n-aschur Ghaeilge.

Craoltar cuid mhaith de na cláir ag uaireanta seach bhuaice agus nochtar soláthar an-íseal ó thaobh líon na gclár Gaeilge go ginearálta. Tugtar léiriú sa taighde freisin ar an easpa tuisceana atá ann i dtaobh lucht éisteachta phobal na Gaeilge, cé go bhfuil comharthaí dóchais agus ábhar machnaimh ann freisin.

“Tríd is tríd, ní dóigh liom gur le droch mhian nó droch chroí don Ghaeilge atá an easpa tuisceana seo ann ach gur aineolas é seachas naimhdeas don teanga,” a dúirt an Dr Walsh le Tuarascáil.

Bhí éagsúlachtaí le sonrú sa mhéid Gaeilge a chloistear ar na stáisiúin a ghlac páirt sa taighde ach ní raibh mórán difríochta idir soláthar na staisiún a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht agus iad siúd nach bhfuil aon cheantar Gaeltachta ina gceantar ceadúnais.

Stáisiúin phoiblí, tráchtála agus phobail atá san áireamh sa taighde. Ina measc bhí stáisiúin náisiúnta (RTÉ, Newstalk), stáisiúin réigiúnacha agus áitiúila (iRadio, stáisiún anaithnid, Ocean FM, Galway Bay FM, Radio Kerry, Highland Radio) agus stáisiúin chomharsanachta (Flirt FM, Athlone Community Radio, NEAR FM).

Constaicí
Bhí go leor cosúlachtaí idir na stáisiúin ó thaobh na constaicí de. Bhaineadar go minic le heaspa tuisceana maidir le pobal éisteachta na Gaeilge, le ganntanas foirne le Gaeilge, agus aineolas maidir le treoir agus dualgais reachtaíochta.

Cháin an stáisiún anaithnid riachtanais cláir a chraoladh i nGaeilge. Bhí sé deacair áit a fháil don teanga i sceideal stáisiúin tráchtála i gceantar uirbeach agus dúirt sé gur “féinmharú tráchtála” a bheadh ann dá gcraolfaí an iomarca Gaeilge.

Cé go bhfuil RTÉ ar an stáisiún is mó sa tír, thug an stáisiún sin le fios ar nós go leor eile, go raibh sé dúshlánach air cláir raidió Ghaeilge a sholáthar.

Tháinig ardú beag ar aschur seachtainiúil iomlán na gclár Gaeilge ar raidió RTÉ ó 4 uair an chloig agus 15 nóiméad a tomhaiseadh i 2018 go dtí 6 uair an chloig agus 8 nóiméad i 2020.

Luadh éileamh íseal an lucht éisteachta agus easpa foirne a bhfuil Gaeilge líofa acu. Luadh freisin go raibh bac ann i dtaobh easpa cuideachtaí neamhspleácha a sholáthródh ábhar i nGaeilge ar ardchaighdeán don stáisiún.

Chun aghaidh a thabhairt ar sin, dúirt an stáisiún go raibh sé ag obair i gcomhar le Raidió na Gaeltachta chun níos mó ábhar Gaeilge a sholáthar ar RTÉ Raidió 1.

“Ach, má fhéachann tú ar na stáisiúin eile atá acu, na stáisiúin is mó a n-éistear leo agus a théann i bhfeidhm ar an bpobal - go háirithe RTÉ Raidió 1, is beag ar fad an soláthar a dhéantar - cé go gcaithfear a rá go bhfuil méadú tagtha ar an soláthar Gaeilge ar Raidió 1 ón am deireanach a dheineas an taighde cainníochtúil i 2018,” a dúirt an Dr Walsh.

“Agus arís, is cuid é sin den phlé leathan faoi thodhchaí na craoltóireachta poiblí agus an chraoltóireacht seirbhís phoiblí agus tá sé sin mar phríomhaidhm ag an gCoimisiún (Um Thodhchaí na Meán).”

“Ba cheart go mbeadh difríocht idir an chraoltóireacht seirbhís phoiblí agus an chraoltóireacht go ginearálta agus mura bhfuil an chraoltóireacht seirbhís phoiblí ag tabhairt aitheantais don Ghaeilge cé atá chun é dhéanamh?”

Is léir go bhfuil fadhbanna le brath freisin maidir leis an bpróiseas ceadúnais. Thuairiscigh roinnt stáisiún nach mbíonn treoir shonrach ar fáil ón BAI agus dúradh go bhfáilteofaí roimh níos mó rannpháirtíochta ón eagras.

“Tá na míreanna faoi áit na Gaeilge sna ceadúnais doiléir agus dá bhrí sin tá an soláthar íseal agus níl aon chinnteacht ag na stáisiúin féin cad is gá dóibh a dhéanamh,” a dúirt an Dr Walsh.

Deiseanna
Chreid roinnt stáisiún go raibh deiseanna ann ó thaobh na comhpháirtíochta de le heagrais Ghaeilge agus scoileanna áitiúla.

Dúirt ionadaí NEAR FM go raibh naisc ag an stáisiún sin le daoine a bhí páirteach sa ‘chiorcal comhrá’ áitiúil agus gur éirigh go maith leis an gcaidreamh sin in amanna.

Measann an Dr Walsh go bhfuil ról anseo do na heagrais Ghaeilge.

“I ndeireadh báire má theastaíonn uathu an teanga a chur chun cinn go háitiúil seo bealach an-mhaith chun é a dhéanamh ach ní dóigh liom go bhfuil siad ag tapú na ndeiseanna sin.

“Tá na stáisiúin ag lorg cabhrach agus tacaíochta, tá na heagraíochtaí Gaeilge ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ach ní dóigh liom go bhfuil an dá dhream ag labhairt lena chéile.”

Anuas ar sin tá deiseanna ann a bhaineann le húsáid a bhaint as na hardáin nua dhigiteacha. Nuair a bhaintear úsáid as podchraoltaí mar shampla, cuirtear leis an lucht éisteachta lasmuigh den lucht éisteachta traidisiúnta.

Moltaí
Tá sraith moltaí déanta a chuirfeadh bonn níos láidre faoin earnáil.

Moltar gur fiú níos mó béime agus freagrachta a leagadh ar Aerthonnta. Acmhainn í seo atá faoi stiúir faoi láthair ag Oireachtas na Gaeilge. Bailíonn an tseirbhís eolas ó stáisiúin raidió faoi na cláir atá á gcraoladh acu i nGaeilge agus cuirtear an t-eolas sin ar fáil ar an suíomh aerthonnta.ie. B’fhiú an tseirbhís a threisiú chun creat tacaíochta a chur ar fáil do stáisiúin raidió na tíre.

Ina theannta sin, moltar gur ceart maoiniú a chur san áireamh d’ábhar nua Gaeilge as tobhach ar sheirbhísí closamhairc atá mar chuid de thogra sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne.

Tá stáisiúin ann nach raibh eolas acu faoi ról foireann Ghaeilge an BAI agus moltar gur cheart don eagras (nó Coimisiún na Meán amach anseo) an ról sin a shoiléiriú.

D’fhéadfaí oiliúint agus deiseanna oibre a bheadh dírithe ar chraoltóireacht na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal mar chuid den ról sin.

Moltar freisin go bhfiosrófaí féidearthachtaí a bhaineann le cláir reatha a roinnt idir na stáisiúin nó ábhar nua sindeacáitithe a chruthú. B’fhiú machnamh a dhéanamh ar urraíocht a lorg.

Laigí
Tá go leor laigí san earnáil raidió faoi láthair agus tuigim é sin," a dúirt an Dr Walsh.

“Tá aighneacht déanta ag na stáisiúin tráchtála ar an gCoimisiún go mbeadh aitheantas acu as an gcraoltóireacht seirbhís phoiblí a dhéanann siad.

“B’fhéidir gurb é sin cuid de réiteach na faidhbe, go socraíonn an Stát go bhfuil sé chun tacú le gach saghas craoltóireacht seirbhís phoiblí - is cuma más ar Radio Nova atá sé, ar Radio Kerry, nó ar RTÉ,” a dúirt sé.

“Tuigim an brú atá ar an earnáil raidió chomh maith.Tá an earnáil ar a glúine ag Facebook agus ag Twitter. Sin an áit atá an fhógraíocht ar fad ag dul.”

Tá gá le breis plé a dhéanamh, dar leis, ach tá athruithe gur féidir a dhéanamh chun tabhairt faoin fhadhb.

“Creat tacaíochta is mó a theastaíonn agus an rud a phlé ar shlí níos leithne i gcomhthéacs obair an Choimisiúin agus todhchaí na meán chomh maith. Ach ó thaobh an riachtanas faoi láthair sílim gur creat tacaíochta a theastaíonn.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.