Moladh Baoth

Is í fírinne shearbh, oighear diachrach an scéil é, go bhfuil gach roinnt thíreolaíoch éagothrom agus leatromach

Is mó sin moladh baoth a dhéantar i gcúrsaí spóirt, abair, corn an domhain sa tsacar a bhronnadh ar an gCatar. Tá sin dona go leor ach is baoithe fós an moladh atáthar á dhéanamh Baile Átha Cliath a dheighilt ina dhá, nó ina thrí chuid féin, i gcraobhchomórtas peile na hÉireann . Ba dhóigh leat go bhfuil an ruaig ar a chúig thart cheana féin agus slán agaibh a abhaic bheaga eile.

Fág gach rud as an áireamh go fóill is deacair daoine a shamhlú ag béiceach amach ‘Baile Átha Cliath Thuaidh abú!’ nó ‘Suas Dún Laoghaire-Ráth an Dúin!’, nó ‘Up Leath-Dhuibhlinne!’ B’fhéidir gurbh mhí-ámharach an bheart é ag an gCumann Lúithchleas Gael dílseachtaí na gContaetha a ghearr Rí Shasana amach dúinn a dhaingniú sa chéad dul síos, cé go raibh cuid de na dílseachtaí sin sa leaba le tamall. B’ait anois é an comórtas craoibhe a bhunú ar na seanríochtaí, ‘Oirialla abú!’ nó ‘Suas Bréifne’, nó ‘Up Ciarraí Coirche!’ Mar adeirtear sa chlísé is clíséúla ar fad díobh, táimid san áit ina bhfuilimid, bíodh is gurb ait liom go gceapfadh duine ar bith go rabhamar áit ar bith eile.

Tá an moladh baoth seo suite ar an tuiscint go scuabfaidh Baile Átha Cliath an chraobh leo gan doic, agus go bhfuil siad ró-shuasánach, ró-cheannasach, ró-mhór-in-uachtar.

Nuair a bhí Caill Chainnigh féin in uachtar san iomáint fadó agus gach dream eile á phleancadh acu le pléisiúr mí-chuibheasach, ní cuimhin liom aon duine ag áiteamh go gcaithfeadh siad peil a imirt ar son iad a chothromú anuas.

READ MORE

Níor mhol aon duine Ciarraí a scoilteadh ina dtreana, nó ina dtriúcha céad, nuair ba dhóbair dóibh naoi gcraobh Éireann as a chéile a ghnóthú murach flúcanna Shéamais Darby agus Thaidhg Uí Mhurchú sna nóiméid dheiridh sin nuair nach bhféadfadh siad teacht ar ais.

Is í fírinne shearbh, oighear diachrach an scéil é, go bhfuil gach roinnt thíreolaíoch éagothrom agus leatromach. Is cuma cén cluiche a bheidh ar bun idir an tSín agus San Marino, glacaimse leis go mbeidh an lá ag an tSín. Má imríonn an India tiddlíbhincs i gcoinne na Vatacáine, is ródhócha go mbeidh an bua ag an India dá mhéid is a imrítear tiddlíbhincs sa Vatacáin féin.

Níl aon duine ag coinne go mbuafaidh Cill Mhantáin craobh na hÉireann sna deich mbliana atá romhainn, ach sa chás is go sroichfeadh siad craobhchluiche Laighean, ba ghaisce an méid sin. Ar éigean go ndéanfaidh Fear Manach aon mharc in Uladh go ceann cúpla glúin, ach dá gcloífeadh siad an Dún nó Tír Eoghain anois is arís bheadh tinte cnámha ar fud Inis Cheithlinn agus éisc nach bhfacthas riamh ag léim aníos as doimhneacht Loch Éirne.

Deirtear go bhfuil pobal níos mó i mBaile Átha Cliath ná i mball ar bith eile den tír. Mé ar mo mhine ghéire ag iarraidh teacht ar fhianaise a bhréagnódh sin, ach ar chúis éigin ag dul díom. Ní hé sin an fáth gurb iad curaí na hÉireann iad, áfach.

Is é fáth gurb iad curaí na hÉireann iad ná gur tháinig glúin faoi leith peileadóirí le chéile atá ar chéim feabhais as an ngnáth, agus go bhfuil bainistíocht acu a fháisceann gach orlach cumais astu maidir le scil is le tufáilteacht de.

Bhí pobal níos líonmhaire peile riamh ag Corcaigh seachas mar a bhí ag Ciarraí, ach fós féin éiríonn leis na smuga-gheansaithe urlacan-óir smaoisghlasa úd Corcaigh a chloí seacht n-uaire as a hocht. Sna cosa agus san intinn atá.

Dob fhéidir, gan amhras, Baile Átha Cliath a roinnt ina chodanna beaga nuair a bheidh níos mó craobhacha Éireann acu ná mar atá ag Ciarraí - ar ball.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar