Milis an teanga an Ghaeilge

Foilsíodh eagrán nua de ‘Croí Cine’, saothar clúiteach an scríbhneora Seán de Fréine ar na mallaibh

Seán de Fréine. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

Seán de Fréine. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

 

Cúis áthais do léitheoirí na Gaeilge go bhfuil an dara heagrán den chnuasach uileghabhálach ‘Croí Cine’ curtha i dtoll a chéile ag an scríbhneoir Seán de Fréine.

Sa bhliain 1990 a foilsíodh don chéad uair é. Mar a dúradh san díonbhrollach nochtar i gCroí Cine sruth beo comhfheasa “ó thús na staire scríofa, míle go leith bliain ó shin, go dtí ár linn féin.”

Sleachta agus blúiríní as scríbhinní, as an mbéaloideas, as dánta agus amhráin ón séú céad i leith, atá sa leabhar. Tá siad scríofa sa Nua Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh fáil éasca ag cách ar an litríocht shaibhir a cruthaíodh i dteanga na nGael agus ar an meon agus ar an gcroí as ar fáiscíodh í.

Is mór an gar don léitheoir é freisin go bhfuil leanúnachas san ábhar-- eagraíodh na sleachta ina sain-téamaí ionas go bhféadfaí an leabhar a léamh mar ábhar leanúnach. Agus, mar a bheadh gar eile ann, cuireadh innéacs nua, cuimsitheach leis an eagrán nua seo - rud a chuireann go mór leis an leabhar.

Tá trí mhór-rannóg sa leabhar - ceann a bhaineann leis an stair, ceann a bhaineann leis an nGaeilge agus an litríocht agus ceann a bhaineann le haislingí, le crábhadh, leis an mbás, leis an ngrá agus leis an tseanaois i measc téamaí eile.

Labhair Tuarascáil le Seán de Fréine le gairid agus iarradh air cé dó ar scríobh sé an leabhar.

“Sa chéad áit is saothar saoil atá ann. Thosaigh mé ag bailiú blúiríní agus rudaí a thaitin liom nuair a bhí mé óg. Tá stuif ansin a théann i bhfad siar chomh maith le stuif a bhaineann le saol an lá inniu.

“Déarfainn gur don ghnáth dhuine é - duine ar mhór aige nó aici an Ghaeilge ach nach duine scolártha nó acadúil é nó í.”

“Blúiríní atá ann a scríobh daoine, go minic gan mórán oideachais orthu sna aoiseanna atá caite a léirigh a gcuid mothúcháin féin faoi chúrsaí a bhí ag titim amach thart timpeall orthu”.

Tá cur síos i dtús gach caibidil ar chúlra pholaitiúil agus ar chultúr na linne. Déantar trácht sa leabhar ar na réanna litríochta is fearr aithne chomh maith leis na réanna úd nach gá go mbeadh an gnáthléitheoir cleachtach orthu.

“Tosaíodh ar scríobh na Gaeilge sular tosaíodh ar aon teanga eile san Eoraip seachas an Laidin agus an Ghréigis agus bhí an Ghaeilge i lán a nirt san ochtú agus sa naoú haois nuair nach raibh an Fhraincis tagtha ar an saol fós nó formhór teangacha eile na hEorpa”.

“Ní féidir a leithéid seo d’aiste a chur ar fáil as foinsí Béarla na hÉireann. Is i nGaeilge amháin atá sé agus ní féidir a leithéid a dhéanamh dar liom in aon teanga eile san Eoraip ag dul siar 1,000-1,500 bliain” a deir de Fréine.

“Chun an stair a thuiscint i gceart caithfidh tú í a chur i gcomhthéacs na linne lenar bhain na haistí seo, seachas a bheith ag ceapadh gurb é an dearcadh atá againne san aois seo an dearcadh nó an t-eolas (céanna) a bhí ag daoine fadó.

Dar leis an údar, siad an 11ú haois, an 17ú haois agus an 20ú haois na trí aoiseanna is tábhachtaí i litríocht na Gaeilge.

“Tá muid i ré órga ó thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge de agus tá i bhfad níos mó dhá scríobh anois ná mar a bhí riamh” ar sé.

Ach cén fáth, más mar sin atá sé, gur beag Gaeilge a léitear ar na saolta seo?

“Sin í an fhadhb is mó. Sé sin, nós na léitheoireachta i nGaeilge a fhréamhú sna daltaí scoile - go háirithe sna Gaelscoileanna. Níl sé sin ag tarlú. Feictear an Ghaeilge mar ábhar scoile seachas mar ábhar pobail agus ábhar sóisialta.

Tá an iliomad cúiseanna leis seo dar ndóigh ach dar le de Fréine, b’fhiú dul i ngleic le gramadach na Gaeilge atá “ró-chasta”.

“Tá rudaí beaga áiféiseacha ann ar chóir a ghlanadh as. In aon teanga eile bunaítear an caighdeán in aon chanúint amháin - sé sin caighdeán na cumhachta, canúint an rialtais nó an rí. In Éirinn, tá margaíocht ar siúl idir lucht na gcanúintí éagsúla.

“Má ghéillim duit ar an bpointe seo, caithfidh mise géilleadh duit ar an bpointe siúd. Fágann sin dar liom go bhfuil seans maith ann go bhfuil an caighdeán níos casta ná mar atá aon chanúint faoi leith. Ba chóir glacadh leis na canúintí mar fhoinse ar féidir saibhreas a tharraingt astu ach ba chóir an caighdeán a bheith neamhspleách ar fad”.

Agus é ag déanamh atheagair ar Croí Cine, chloí sé le rialacha ar leith a leag sé féin síos.

“Chuaigh mé tríd ó bhun go barr. Léigh mé gach píosa agus d’athraigh mé an t-ord in áiteanna. Thóg sé seo sé mhí orm. Rún daingean atá agam ná gan aon saothar cruthaitheach a chur ann le húdar ar bith atá beo. Chaithidís a bheith marbh.

“Dá mbeinn ag cur sleachta ann ó dhaoine atá beo bheadh cuid acu - agus bheadh an ceart acu - ag rá ‘cén fáth nár chuir tú mise isteach,” ar sé.

Ó thaobh a leabhar féin de, an bhfuil ábhar ann ar bhain sé taitneamh ar leith as?

Luann sé eisimircigh an 19ú haois.

“Bhí fear as Co Port Láirge a bhí ina thimire ceardchumann sa Bhreatain Bheag (Pádraig Ó Mileadha, Trí Glúine Gael). Agus ansin bhí na hUltaigh i gCo Dhún na nGall a bhí ag plé lena a gclann mhac thall in Albain agus iad ag pósadh cailíní na ‘hilands’ (Na Buachaillí in Albain)

“Tá píosaí álainne i ngach aois. Ag tús an 20ú haois tá dán, Ochón, a Dhonncha. Sa naoú haois déag bhí Máirín Ní Dhroma (Amhrán na bPrátaí Dubha) ag caint faoi na prátaí dubha agus ansin dar ndóigh, san aois roimhe sin bhí Brian Merriman, (Cúirt an Mheáin Oíche).

“Sin trí phíosa filíochta den scoth. Tá siad ar na dánta is fearr a scríobhadh san 18ú, 19ú agus 20ú haois.”

Níl iontu sin, dar ndóigh, ach samplaí de na seoda atá le fáil sa leabhar.

Mar a deireann de Fréine, ba leis “an t-uafás léitheoireachta seachas taighde” a tháinig sé ar an ábhar luachmhar seo agus “ní ar mhaithe le taighde ach ar mhaithe le léitheoireacht” a rinne sé an obair.

B’fhéidir go bhfuil sé sin ar cheann de na rudaí is imtharraingthe faoin saothar cuimsitheach seo - ábhar maith léitheoireachta atá ann. Ní gá a bheith i do shaineolaí teanga le Croí Cine a bhlaiseadh.

Maidir leis na sleachta ar fad atá sa leabhar gleoite seo is mo rogha féin é ráiteas a rinne Aodh Ó Neill, Iarla Thír Eoghain: “Beidh lá geal gréine go fóill in Éirinn”.

* Croí Cine, le Seán de Fréine (Cló Iar-Chonnacht, cic.ie, €25).

FOCLÓIR: Eagrán - edition, díonbhrollach - preface, blúiríní - snippets, sruth comhfheasa - stream of consciousness, fáisc - squeeze, gar - favour, cuimsitheach - comprehensive, comhthéacs - context, áiféiseach - exaggerated/absurd, iliomad - numerous.