Machnamh agus mótarbhealach; Autobahn agus Imram

Oisín i ndiaidh na fealsúnachta


Seans gur chuala tú iomrá ar an fhealsamh agus ar an scríbhneoir, Alain de Botton. Tá mórán leabhar dea-scríofa aige ar cheisteanna troma ach iad scríofa faoi nithe a d'aithneodh an léitheoir nár chaith 50 bliain i mbun staidéir ar ábhar acadúil – Essays in Love, The Pleasures and Sorrows of Work, srl.

Tá mé ag déanamh go bhfuil an t-am agam aithris a dhéanamh ar an chur chuige atá aige. Tá rún agam leabhar mór fealsúnachta a scríobh i nGaeilge faoi Autobahnen na hÉireann. Mórmhachnamh ar Mhótarbhealaí a bheas mar theideal air agus is é a thabharfas léargas ar an fheiniméan nua taistil seo in Éirinn – an dóigh go dtig leat imeacht ó A go B ach gan cos amháin a leagadh ar thalamh (not so) naofa na hÉireann ar na saolta seo.

Tá muid uilig cosúil le hOisín ag pilleadh ar Éirinn ó Thír na hÓige; téann muid isteach sa charr agus fanann muid sa charr go dtí go mbaineann muid ceann scríbe amach. Ní cead againn tuirlingt. Bhuel, sea, is fíor go bhfuil cead agat múnstad a dhéanamh in Applegreen ach sin uilig. Níl deis agat stopadh ar shráidbhailte na hÉireann mar ní hann dóibh níos mó; tá siad imithe den bhealach mhór agus an baile nach bhfuil ar an bhealach mhór, ní fiú stopadh ann. A go B. Sin é.

An M9 a spreag mo mhachnamh an iarraidh seo, imram Ultach ó dheas. Agus tú ar an M50, mothaíonn tú go bhfuil gach aon charr ar an phláinéad i do chuideachta. Ní hamhlaidh scéal an M9; bhí sé ar nós bheith ag taisteal ar mhótarbhealach príobháideach; mise agus mo charr beag féin ag taisteal linn; mo shúile greamaithe de gach aon chomhartha bóthair ar eagla go rachainn ar strae.

READ MORE

Spreagann na comharthaí cois an bhealaigh an machnamh ionat. Chuir mé sonrú i dtrí cinn d’fhógraí.

Ceann amháin acu a chuir fáilte romham go Ceatharlach. Ní raibh mé riamh i gCeatharlach go dtí sin. Ach an raibh mé i gCeatharlach i ndáiríre? Stad ná cónaí ní dhearna mé ann. Lean mé liom ar mo thuras. Ní fhaca mé Applegreen ar bith. Cad chuige a stopfainn?

Thug an dara fógra le fios go raibh áit ann a raibh “Baile Phóil” air. Tá mé thar a bheith buíoch de na daoine a d’ainmnigh baile asam. Is iad atá cineálta agus níl mé á rá nach bhfuil an onóir tuillte agam as fad saoil a chaitheamh i mbun pinn i nGaeilge. Go raibh maith agaibh. Faraor, ní raibh Baile Phóil ar an bhealach mhór; níl a fhios agam an bhfuil Applegreen ar bith ann agus stad ná cónaí ní dearna mé ann dá réir sin.

An tríú fógra a thug ábhar machnaimh dom ná ceann dátheangach a thug le fios: Maraíonn tuirse TIREDNESS KILLS. An chéad smaoineamh a bhíonn agat gur deas go bhfuil fógra i nGaeilge ann; an dara ceann gur fíor faoin chontúirt a bhaineann le tuirse agus tú ag tiomáint agus an tríú ceann, an bhfuil sin cruinn mar aistriúchán?

Maraíonn tuirse? An féidir leat sin a rá i nGaeilge ghlan nó an Google-Ghaeilge atá ann? Maraíonn tuirse? Maraíonn tuirse? Maraíonn tuirse – agus maraíonn ceisteanna aistriúcháin. Paidreacha ar an M50 D’fhógair an t-aisteoir Robert Redford an lá faoi dheireadh go raibh sé le héirí as an aisteoireacht. Tá sé ag dul anonn in aois agus creideann sé gur beag an seans go mbeidh ról mór ar bith eile aige feasta.

Ait go leor, bhí mé mé ag smaoineamh ar Redford le linn m'aistir ó dheas, ar an pháirt sin a bhí aige in A Bridge Too Far ach go háirithe. Baineann an scannán le Operation Market Garden agus ionsaí thar an Réin ar dhroichid atá i seilbh na Naitsithe. Tá Redford ina shaighdiúir Meiriceánach, é i mbád beag bídeach ag trasnú na habhann agus é faoi ionsaí ag na Gearmánaigh. Bíonn sé le feiceáil ag guí agus "Hail Mary, full of grace" á rá arís agus arís eile aige.

Níl aindiachaí ar bith ann agus duine faoi ionsaí.

Tagann mo chuid paidreacha chun béil ar na hócáidí sin a thugtar orm an M50 a thrasnú. An bhfuil mótorbhealach ar bith eile ann a spreagann níos mó paidreacha ná é?

Chuala mé an oiread sin scéalta uafáis faoi gur sheachain mé ar mo bheo é ar feadh na mblianta. Ní féidir liom sin a dhéanamh níos mó. Má tá fonn taistil ort, is i dtreo an M50 a rachaidh tú le go dtig leat an mótarbhealach go Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Cill Chainnigh nó eile a aimsiú.

Caithfidh tú táille an airgid a íoc as an infrastruchtúr a úsáid agus táille an allais a ofráil i bhfoirm paidreacha. Caitheann tú an t-am ar fad ag fanacht leis an taisme, leis an mhoill, leis an mhearbhall, leis an acomhal cheart. (Rinne mé rogha den acomhal chontráilte am amháin agus thug cuairt gan choinne ar cheantar i mBaile Átha Cliath nach bhfaca mé roimhe agus nach bhfeicfidh mé arís, slán beo a bheas muid.)

Sé do bheatha, a Mhuire. Sé do bheatha, a Mhuire. Sé do bheatha, a Mhuire.

Cé a bhíonn gan phaidir ar an M50?