Mórfhoclóir úr in aimsir na Paindéime

‘Níor éirigh leis an Stát polasaí cuimsitheach foclóireachta a chur le chéile don Ghaeilge riamh’

FOCLÓIR: Léirmheas - review, cuimsitheach - comprehensive, tráthúil - timely, éachtach - extraordinary, san áireamh - included, tionscadal - project, comharba - successor, téagartha - substantial, priacail - risk.

“Compiling a dictionary of contemporary Irish must be one of the most difficult tasks with which a lexicographer can be entrusted. …[(S)HE] has the unique assignment of codifying an idiom which is regarded by some as a dying language and by others as a language in the making - and which is, for the time being, both.”

Focail an Ollaimh Magne Oftedal ó Ollscoil Oslo sa bhliain 1962 agus é i mbun léirmheasa ar English-Irish Dictionary (EID) (1959) Thomás de Bhaldraithe. Bíonn dúspéis ag Gaeilgeoirí i bhfocail, nathanna cainte, frásaíocht, díorthuithe agus, ar ndóigh, foclóirí. Spreagadh foclóirithe chomh fada siar le haimsir Uí Chléirigh agus na bProinsiasach sa tseachtú haois déag ag a leithéid chéanna de shuim. Is deacair a chreidiúint go mbeadh teacht chomh héasca ar úsáid fhairsing na teanga sa lá atá inniu ann, gan trácht ar mhéadú ná caomhnú na Gaeilge gan na háiseanna foghlama a chuireann foclóirí ar fáil.

Níor éirigh leis an Stát polasaí cuimsitheach foclóireachta a chur le chéile don Ghaeilge riamh, ach tugadh faoi bheartais áirithe aonaracha san aois seo caite ar éirigh go maith leo sna spriocanna a cuireadh rompu, foclóir éachtach Uí Dhuinnín san áireamh. Faoi lár an chéid, d’fheabhsaigh na hiarrachtaí Stáit agus bonn níos socra leo. Faoin am a foilsíodh Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) Néill Uí Dhónaill (FGB), bhí an fhoireann Stáit ab oilte i dtiomsú foclóireachta ar fáil; bhí tús curtha le foclóir stairiúil don teanga (FNG) in Acadamh Ríoga na hÉireann agus córas ceart ann sa Roinn Oideachais chun téarmaí a chruthú agus a fhoilsiú mar fhoclóirí. Ar an drochuair, bhí costas substaintiúil ar na tionscadail ar fad, airgead nach raibh flúirseach i gciste an rialtais an t-am sin. Agus easpa comharbaí ar leithéidí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe, agus deacrachtaí dul i ngleic le teicneolaíocht nua, tháinig meath ar scéal na foclóireachta Nua-Ghaeilge faoi dheireadh an chéid.

READ MORE

Tá sé tráthúil cuimhneamh ar an gcomhthéacs sin agus Concise English-Irish Dictionary (2020) (CEID), foilsithe ag Foras na Gaeilge, ag teacht ar an saol sa bhliain eisceachtúil seo in aimsir na paindéime; meastar gurb é an mórfhoclóir deireanach a chuirfear i gcló, agus nósanna léitheoireachta bogtha cuid mhór anois ar líne le blianta beaga anuas. Is féidir stair CEID a ríomh siar chomh fada le ‘Meitheal Oibre’ chomhairleach a bunaíodh faoi scáth Bhord na Gaeilge i bhfómhar na bliana 1998. Chreid Caoilfhionn Nic Pháidín (a bhí ina ball den Mheitheal) ag an am: ‘[gur] áis bhunúsach don ghnáthphobal agus don chóras oideachais trí chéile is ea foclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge a bheadh suas chun dáta’ (1999). Níl aon amhras ach gur tháinig éabhlóid ar theanga an Bhéarla go mór ón uair a tiomsaíodh EID, sa ghnáthúsáid reatha, i réimsí an bhéarlagair agus i dtaca leis an téarmaíocht, rud a d’fhág foclóir mar é stálaithe.

Agus Foras na Gaeilge curtha ar na bonnaibh i 1999, le freagracht dhlíthúil ar an réimse orthu, cuireadh tús ceart le NEID, New English-Irish Dictionary, sa bhliain 2003. Tá suíomh an fhoclóra ar fáil ar líne ó 2013 (iomlánaithe ó 2017 i leith), aip ar fáil ó 2015, agus anois an foclóir clóite le 31,000 ceannfhocal den 48,000 ar an suíomh. Tá an-chuid le moladh. Tá ardluachanna tairgíochta bainteach leis an saothar le dearadh an-shlachtmhar agus na mínithe leagtha amach in ord minicíochta úsáide, rud atá an-inmholta. Tá forlíonadh gramadaí cuiditheach, agus lear mór nótaí mínithe a chuireann comhthéacs leis na cinntí a rinneadh leis an teanga agus an foclóir á ullmhú don chló. Tá sé téagartha, rud atá ríthábhachtach in áis oideachasúil, a bheidh ar an tseilf cuid den am, ach ansin i do lámh cuid mhaith den am freisin.

Tá an tseanchastacht ann, mar sin féin, áit go mbíonn difríochtaí áirithe idir An Caighdean Oifigiúil (2017) agus CEID. Bíodh agus nár mhaith liom locht a fháil ar cheachtar d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin, ar thaobh amháin, agus foireann Fhoras na Gaeilge, ar an taobh eile, caithfidh an phleanáil teanga an easpa comhaontachta seo a shárú luath nó mall ionas nach mbeimid, mar fhoghlaimeoirí fad-saoil, ag snámh go síoraí in umar na héiginnteachta.

Tá aitheantas ag dul sa tslí agus nach raibh ach beirt ag obair go lánaimseartha ar CEID ag pointe ar bith: a eagarthóir, Pádraig Ó Mianáin, agus a bhainisteoir tionscadail (Cathal Convery sa chéad áit, agus Cormac Breathnach le dhá bhliain anuas). Ní maith an ní é, creidim, do léirmheasanna comparáid a dheanamh idir an foclóir seo agus a ndeachaigh roimhe; bíodh agus nár mhiste a aithint gur caitheadh seacht mbliana déag ar an togra seo; seacht mbliana déag ar FGB; ceithre bliana déag ar EID; agus go fóill, 42 bliain le FNG san Acadamh, mar shampla. Tógann na tograí seo am, agus tá sé sin riachtanach. Mar sin, ní féidir liom an éacht a bhaineann le tionscnamh mar seo, agus é ag braith ar fhoireann lánaimseartha chomh beag sin, a thréaslú i gceart leo. Tá ár meas tuillte ag na foclóirithe seo dá réir.

Mar atá ráite ag Michael Cronin agus Brian Ó Conchubhair (2011): ‘In a general sense we have to acknowledge the power of dictionaries as official texts. They effectively become the last word. In the process of their production, especially when linked to the creation and sustaining of a nascent Irish identity, dictionaries become the repository of absolute knowledge’. Léiriú is ea é sin ar a thábhachtaí agus atá scéal na foclóireachta san aois ina mairimid; scáthán is ea é ar athruithe sa teanga i dtréimhsí éagsúla i stair na tíre seo. Céim thábhachtach eile é CEID agus an stair sin á ríomh.

Nótaí

Beidh an Dr Ríona Ní Ghriallais, innealtóir bith mheicniúil as Conamara a ainmníodh don mhór-ghradam ‘EY Emerging Entrepreneur of the Year’ i mbliana, i mbun cainte ag ócáid ar-líne do lucht gnó a bhfuil Gaeilge acu ar an Déardaoin.

Beidh an Dr Ní Ghriallais, atá ina comh bhunaitheoir agus Príomh Oifigeach Teicneolaíochta ar an gcomhlacht trealamh leighis ProVerum, ag ócáid atá eagraithe ag Borradh, fóram nua do lucht gnó le Gaeilge.

Chaith Ní Ghriallais agus Conor Harkin, a comhpháirtí gnó, dhá bhliain ag obair le chéile i gColáiste na Tríonóide agus iad i mbun taighde ar mhion trealamh leighis a bhaineann leis an bhfaireog phróstatach. Tá dáréag ag obair don chomhlacht anois in Ospidéal Naomh Séamuis, áit a bhfuil oifig agus saotharlann acu agus ní fada go mbeidh láthair nua oibre acu ar Ché Éidin i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Labharfaidh Ní Ghriallais ar na dúshláin mhaoinithe atá roimh lucht gnó agus iad ar thóir deiseanna le linn na géarchéime.

“Tá go leor fadhbanna leis sin. Bíonn sé deacair ag comhlachtaí san earnáil seo: tógann sé an oiread sin airgid le dul chun cinn a dhéanamh. Beidh mé ag caint ar bhealaí le h-airgead a ghnóthú, na priacail, céard iad na rudaí a chaithfear a chur le chéile le cur rompu siúd atá ag smaoineamh ar an infheistiú a dhéanamh,” a dúirt sí agus í ag caint le Tuarascáil.

“Tá seans ann nach bhfuil dóthain airgid in Éirinn le tacaíocht a chur ar fáil dúinn ar fad agus caithfear dul go dtí na Stáit Aontaithe nó áit éigin san Eoraip agus de bharr an ráig ghalair ní féidir suí síos leis na daoine sin anois leis an gcomhrá sin a bheith againn.”

Breis eolais: borradh.ie