Liathróidí den uile chruth

Spreagann an sacar cuimhní cinn – agus bíodh trua agat don té nach bhfuil dúil ann.


Tá biaiste Chorn an Domhain i bpeil an airgid chugainn arís. Nach ait go léir é gur féidir leat do bheatha a thomhas de réir na gcomórtas céanna. Ach an oiread le dúnmharú John F.Kennedy, nó marú 9/11, nó an t-am gur chaill Michael McDowell a shuíochán Dála, bíonn cuimhne agat ar an áit a raibh tú nuair a nocht an nuacht; agus cuimhne dá réir ar na cairde a bhí leat nó na himeachtaí a bhí ag gabháil duit le linn an tsamhraidh seo nó siúd.

Ní cuimhin liom, gan amhras, na comórtais thosaigh sin, nó tá súil agam nach cuimhin. Uragua ag pleancadh na hArgaintíne sa bhliain 1930, ach ní fhágann sin nach mbeimid ag faire amach an mbeidh ocras ar Luis Suarez an t-am seo. An Iodáil ag ciceáil seacht gcineál caca as an tSile in la batalla de Santiago sa bhliain 1962, ach faraoir géar, níl an Iodáil ann an t-am seo rud a fhágann an comórtas ar fad fiarsceabhach éagothrom. An Ghearmáin Thiar ag tiomáint a gcuid Panzer peile thar an bhfoirinn is fearr nár bhuaigh an comórtas riamh, foireann na hUngáire 1954. Sasana le sciorta mór den ádh agus le cabhair ó mhaor líne Rúiseach ag teacht in uachtar in 1966. Míorúilt na Brasaíle 1970, mí-ádh na hIsiltíre 1974, iontas ealaíonta agus caimiléireacht na hAirgintíne 1978, agus mar sin de ar aghaidh gur éirigh linne leathbhróg a chur thar tairseach isteach sa bhliain 1990.

Ní fhacthas peil Ghaelach á himirt gan lámha ag oiread sin daoine go dtí sin. Thuig Jack Charlton go maith cad a bhí ar siúl aige. Lascadh ard san aer, guí chun na gealaí, agus tuirlingt in áit éigin a ghobfadh bróg amach gar don bháire. Ní fheicfeá beartaíocht chomh cliste i gcluiche sóisir peile in oirthear Liatroma.

Sinn ag súil nach mar sin a bheidh sa Rúis agus a bhfuil de Phutingradachaí ina n-aoichathracha cluichí. Ní móide é, óir tá imreoirí ann a thuigeann an difear idir milliún agus dhá mhilliún. Agus tá imreoirí ann ar mór acu a meas orthu féin agus ar a bhfearann dúchais. Go deimhin, tá imreoirí ann a osclóidh a mbéal nuair a bheidh a n-amhrán náisiúnta á phíopaireacht go neamhbhinn. Agus go deimhin deimhnitheach féin, tá beagán imreoirí ann nach ndíolfaidh a n-anam ar an leite is raimhre dá bhfuil ar fáil. Is orthu siúd is mó a mbímid ag féachaint.

READ MORE

Tá an cluiche eile ann, leis, cluiche na sráide. Conas mar a bheidh ag buachaillí an chúinne, ag taighgíní tufáilte na dtábhairní, ag maistíní mascalacha na mionárasán, gan trácht ar mhucarlaigh na meánaicme nach mbíonn deis acu scód a ligean lena ndoirne go rómhinic? An mbeidh an lá agus an oíche ag na Rúisigh san imirt seo, mar is cinnte nach mbeidh ar an bpáirc? An mbeidh na Sasanaigh níos gairbhe sna cúl-lánaí ná mar a bheidh an fhoireann acu ar an mbán? Agus, ní bheidh lucht leanúna na Pobbaluchta ann le léiriú gurb iad is béasaí, is ceolmhaire agus is mó craic ar fud na cruinne go leipreachánach paddaí-hataúil.

Bheadh trua agat do dhaoine ar díth spéise leo an comórtas. Mar tá an uile ní anseo: polaitíocht agus pobail agus drámaíocht agus caimiléireacht agus caidreamh daonna agus éiginnteacht agus seansúlacht an tsaoil. D’fhéadfadh ealaín peile a bheith ann chomh maith - anois is arís.

Pé ní ina thaobh sin, ní bheidh leath chomh healaíonta le cluichí iomána na craoibhe Éireann atá in airde láin faoi láthair; ná leis na cluichí caide nuair a thiocfaidh aníos as sloc leamh na mbabhtaí tosaigh.

Is ea, go fírinneach, is mór idir na liathróidí.