Leithscéalta agus leithscéalta

Crobhinge: An triúr ban déag sin, an bhfuil taighde déanta agaibh ar a gcúlra?

Nigel Farage agus an póstaer úd.  Grianghraf: Jack Taylor/Getty Images

Nigel Farage agus an póstaer úd. Grianghraf: Jack Taylor/Getty Images

 

FOCLÓIR: Ag máinneáil - loitering, bundúchasaigh - natives, trudaireacht - stammering, doicheallach - inhospitable, lúitéis - fawning, monarchan - factory, imircigh eacnamaíochta - economic migrants, meacain - roots, dúmhál - blackmail.

Aha! Sea, tá an fhírinne nochtaithe anois.

Tá na leithscéalta ag éirí gann.

Dúradh i dtosach go raibh an iomad díobh ag teacht.

Go raibh na huimhreacha dorcha rómhór do ghileacht an lae.

Dúradh go sroichfeadh siad an ‘tipping point’ sin a d’fhógair Nigel Farage lena phóstaeir mór le linn feachtais léanmhair an Bhreatimeachta.

Gan amhras, ní raibh aon chiníochas i gceist.

Ní raibh ann ach go raibh an iomad díobh ag teacht.

An iomad ‘díobh’.

Níl na Faragistos imithe tá’s agat.

Braithim féin go bhfuil ‘an iomad díobh’ ann, an iomad Faragistos.

Gan amhras, níl aon chiníochas ann, níl ann ach go bhfuil an iomad díobh ann.

An iomad de dhaoine eile.

Dúradh go mbeadh ‘siad’ contúirteach, go mbeadh na fir óga seo ag máinneáil timpeall ag fiach ar mhná óga na dúiche.

Mná óga nach bhfuil ann.

Tá na mná óga seo imithe.

Tá na mná óga seo in Melbourne agus in Massachusettes.

Tá an iomad díobh ann, in Melbourne agus in Massachusettes.

Ceapann na bundúchasaigh gur cheart dóibh dul abhaile chun a dtíre bige féin.

Dúirt sibh go raibh eagla oraibh roimh na fir óga seo. Fir óga fhiaine. Fir óga a bheadh ag máinneáil thart.

Is ea, triúr ban óg déag in Acaill. Tá sin iomarcach. Gan fear ar bith ina measc.

Athraigh an leithscéal, athraigh go mear.

Ní bheadh iomarcach dá dtiocfadh siad as Tóin an Bhaile, nó Cloch an Chaca, nó Béal a’ Mhuirthid féin. Is iomarcach iad má thagann as tír ina bhfuil an ghrian ag taitneamh.

Níl taithí againn ar an ngrian a bheith ag taitneamh in Éirinn.

B’fhearr linn nach mbeadh an ghrian ag taitneamh orainn, ar an bhfírinne.

Is fearr linn leithscéalta.

Tá an iomad díobh ann.

Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbréagfadh siad fir Acla agus go ngoidfeadh siad an fheirm.

Ach, mo léan, ní hann d’fhir Acla níos mó.

Is in New York atáid, agus Newark agus Nimbucktoo.

Tá an iomad díobh ann.

Níos mó ná triúr fear déag.

Níl siad imithe, tá’s agat, na Faragistos.

Muileann leithscéalta iad.

Níl aon Bhéarla ag na hinimircigh seo agus ní thuigfear iad.

Beidh Béarla níos fearr ag cuid acu ná an phlobaireacht phloic a chleachtann bailte beaga gránna na hÉireann.

An é go dtuigfeadh an duine léannta as tír isteach an trudaireacht Bhéarla abhus?

Tá scoileanna beaga na tuaithe ag fáil bháis de cheal daltaí.

Níl go leor díobh ann.

Ach tá an iomad eile díobh ann, na daoine eile sin, tá’s agat na daoine eile sin, daoine nach bhfuil ainm againn orthu.

Daoine nach leomhfaimis a n-ainm a lua, a n-ainm a fhoghlaim.

B’fhearr scoil mharbh ná scoil ina mbeadh páistí ag glaoch is ag gairm i dteangacha eile.

B’fhearr scoil gheal bhalbh, ná scoil bhreicneach lán de ghuthanna.

Tá an iomad díobh ann, na bailte beaga gránna seo atá ag fáil bháis.

Tá an iomad díobh ann, triúr ban déag ar oileán mara.

Níl sibh ciníoch, ach mar sin féin, cuid de na cairde is fearr atá agaibh…

Ní hionann cás daoibhse agus dóibh siúd, deir sibh.

B’éigean dúinne teicheadh ón mbochtaineacht, is imircigh eacnamaíochta iad seo. Ní hionann inné agus inniu. In aon chor. Ar chor ar bith. Mise i mbannaí air. Mo lámh is m’fhocal air.

Triúr ban déag ar a dteicheadh ón uafás, ón éigean, ón ngorta, ó bhuamaí, ó mharú na maidne, ón neamhfhios gach uair an chloig, tá an iomad díobh ann. Dáréag, ghlacfaí le dáréag, ach triúr ban déag, tá sin iomarcach. Mar adúirt Nigel, tá ‘tipping point’ ann, bítear siúrálta de.

Is oscailte fáilteach an áit seo Acaill, agus Béal an Mhí Ádh Mhóir agus Uachtar Aird, ach ní féidir dul thar fóir. Ní féidir fáilte a chur roimh gach duine. Tar éis an tsaoil, ní bheadh a fhios agat…ní bheadh a fhios agat cé a bheadh ag teacht in bhur measc.

An triúr ban déag sin, an bhfuil taighde déanta agaibh ar a gcúlra? An Isisigh iad? Ar bhain duine ar bith díobh cloigeann de dhuine eile? An gcuirfidh siad dlí Sharia siar ar an mbaile? Cad tá i bhfolach faoi na róbaí acu?

Caithfear iad a dhíphrógramú, gan amhras. Ionad Coraintín. Sin atá a dhíth.

Níl sibh in aghaidh daoine gorma ná cróndhaoine per se ná per siúd ach ní hionann iad, agus, abair, muintir na Polainne. Táid sin, saghas, cosúil libhse. Ach ní ar fad.

Tá an iomad díobh ann, an iomad culchies i mBaile Átha Cliath, an iomad jaicíní i gContae an Chláir, an iomad ban óg eachtrannach ar a dteicheadh ón mbás in Acaill.

Ba cheart dúinn fanúint san áit inar saolaíodh sinn, inár meacain, inár dtornaip, inár lumpars, ach amháin sa chás is go mbeadh orainn gluaiseacht thar lear mar Ghaeil nár dhein aon dochar d’aon duine riamh.

Triúr ban déag de bhunadh iarthar Chiarraí in Springfield Massachusetts, ní bheadh sin iomarcach go fiú go sealadach.

Triúr ban déag ag teicheadh ón ngorta in Acaill go Cleveland, bheadh sin iomarcach. D’fhéadfaí glacadh le dáréag, gan cheist.

An bloc árasán sin i lár an tsráidbhaile thall sa bhaile ciníoch gaolta, bhí áthas orthu go raibh le tógáil. Thiocfadh daoine isteach. Mhéadófaí daonra an bhaile fiche faoin gcéad. Bheadh foireann peile arís acu. Choimeádfaí múinteoirí sa scoil.

Ach faraoir, dúradh leo gur teifigh, nó dream éigin, nó eachtrannaigh, nó lucht iarraidh déirce, nó súmairí isteach, nó tincéirí a bheadh iontu. Níorbh é sin an méadú ar an mbaile a bhí uathu.

Triúr teifeach déag isteach, nó triúr déag lucht déirce isteach, nó triúr súmaire déag isteach, bheadh sin iomarcach. Ach ghlacfaí le dáréag. Maidir le tincéirí, nó lucht taistil féin, abair beirt, nó níos lú.

Ní hé gur de na Faragistos sibh ar fad. Ach cá bhfios? N’fheadaraís. Ní fheicimse aon difear eadraibh. Ach mar sin féin, smaoinítear air: 0.6 faoin gcéad de na daoine atá ag lorg tearmainn san Eoraip atá ag triall orainne, is dócha go bhfuil sin iomarcach. B’fhéidir go nglacfadh sibh le 0.5 faoin gcéad, nó rud éigin níos lú ná sin. Abair, 0.2 faoin gcéad nó 0.1 faoin gcéad nó timpeall air síos go bun go náid.

Níl sibh in aghaidh na carthanachta ar son duine nó beirt.

Óir dúirt Dia libh gan an iomad den charthanacht a bheith agaibh, rud diabhlaí is ea an iomad den charthanacht.

Dáréag aspail a bhí ag Íosa Críost. Ní triúr déag. Ní gan chúis an méid sin. Shíl Íosa gur leor dáréag agus go raibh an iomad sa duine breise sin. Níor theastaigh ó Íosa dul thar fóir. Go háirithe maidir le cúrsaí grá.

Tar éis an tsaoil, mar adeir sibh, ní féidir le gach duine a bheith slán ar an domhan seo. Tá sin scríte. In áit éigin.

Caithfidh daoine áirithe bás a fháil. Tá sin scríte. In áit éigin.

Tá an iomad díobh ann. San Afraic. San Áise. Is dual dóibh bás a fháil.

Níl cead acu teacht abhus chughaibhse mar táid bocht.

Tá cead agaibhse dul sall chucu mar táimid saibhir.

Ní maith libh eachtrannaigh cé gur creideamh Giúdach atá agaibh.

Áiríonn sibh bhur gcuid airgid sna huimhreacha sin a fuaireabhair ó na hArabaigh.

Bhur ndaonlathas, rud Gréagach é.

Bhur gcuid scríbhneoireachta ó na barbaraigh idir dhá abhann.

Bhur gcógais leighis, as gach áit ar fud na cruinne.

Ach fós féin, eachtrannaigh iad na daoine a bhronn na buanna seo oraibh.

B’fhéidir go mbronnfadh siad bronntanais eile.

B’fhéidir gur fearr iad ná sibhse.

Bunaítear monarchana ar imill na mbailte. Déantar árasáin díobh. Is ann a bheidh na teifigh, bochtáin Dé, daoine gan luid gan bhia gan dídean gan dóchas. Gineann na monarchana seo leithscéalta. Leithscéalta á gcumadh acu ó mhaidin go hoíche.

Ach ní féidir an iomad leithscéalta a chumadh.

Cé acu ab fhearr libh, go bhfaigheadh siad bás ar an bhfarraige, nó den ocras ina dtíortha féin, nó go mairfeadh siad saol an éaga bheo i gcampaí géibhinn ina mbeadh dúmhál agus dúshaothrú agus banéigean? Nó arbh fhearr go gcuirfí fáilte bheag dhoicheallach theoranta shealadach rompu i seomra cúng gar dod theach mór fairsing féin?

Is ea, tuigim go maith, ní maith leat smaoineamh lasmuigh, maith dhom an cliché, lasmuigh ded bhosca cúng teoranta féin. Bhueil, ní thuigim go maith. Ní thuigim in aon chor. Ní thuigim ach go bhfuil an ciníochas dulta go smior ionaibh agus ní heol daoibh é.

Tá an teist an-simplí. Abair go raibh triúr ban déag ag teacht chugaibh ó Bhaile Átha Cliath, nó níos fearr as Londain, nó níos fearr fós ar fad ar fad, as Hollywood California. Bheadh bhur dteanga amuigh le slabar is le lúitéis.

Níor ghá leithscéalta a thóraíocht. Ní bheadh ann dóibh.

Bheadh an cairpéad dearg bog clúmhchaonaigh amuigh níos saibhre ná mar a bhí roimh an Trumpa féin i gContae an Chláir.

Is ea, tá na leithscéalta ag éirí tanaí.

Níl ionaibh ach monarcha leithscéalta.

Tá an leithscéalta ag éirí gann.

Níl ionaibh ach Faragistos ar deireadh thiar thall.