Leasuithe ceadaithe chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a neartú

Tá sé beartaithe go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030

An tAire Stáit, Jack Chambers.

An tAire Stáit, Jack Chambers.

 

D’fhógair an Rialtas inniu go bhfuil ceannteidil 32 leasú ceadaithe chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a neartú.

Bhí gá leis an reachtaíocht a láidriú chun go bhféadfadh saoránaigh na tíre seirbhísí a éilimh agus a fháil trí Ghaeilge.

I measc na bpríomhleasuithe a ceadaíodh glacadh leis go mbeidh 20 faoin gcéad de earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ag labhairt na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

Beidh ar gach córas TFC a oibríonn comhlachtaí poiblí a bheith i ndán an síneadh fada a chur ar fáil, beidh ainmneacha ar chomhlachtaí reachtúla nua-bhunaithe as Gaeilge amháin (féach leasú 13) agus beidh ar a laghad 20 faoin gcéad dá fhógraíocht bhliantúil a bheith i nGaeilge ag gach comhlacht poiblí.

Dúirt an tAire Stáit, Jack Chambers go bhfuil cuid mhaith de na leasuithe a fógraíodh inniu bunaithe ar shaincheisteanna a d’ardaigh an freasúra ag Céim an Choiste.

“Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí.”

Dúirt an tAire go mbeidh deis ag ionadaithe an fhreasúra suí síos leis sna seachtainí amach romhainn chun na leasuithe a phlé.

Fáilte

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na leasuithe. Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go mbeidh “láidriú suntasach” déanta ar an mbille leis na leasuithe.

“Tá an tAire Stáit Jack Chambers, an tAire Catherine Martin agus a gcuid Oifigeach sa Roinn le moladh as éisteacht leis na moltaí déanta leis an reachtaíocht a leasú,” a dúirt sé.

“Tá moladh le dul chomh maith do gach duine sa phobal, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus do na polaiteoirí sa Rialtas agus sa fhreasúra a chabhraigh agus a thacaigh leis na moltaí a chuir muid chun cinn.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá cúpla céim eile le dul leis an mBille sula n-achtófar é agus ba mhaith liom a aithint go bhfuil dul chun cinn mór déanta.

“Sin ráite, beimid ag coinneáil súil ar an bhfoclaíocht do na leasuithe fógartha inniu agus beimid ag cur leasuithe fágtha ar lár chun cinn fós roimh dheireadh an phróisis.”

Seo a leanas iad na leasuithe atá curtha i láthair ag Céim na Tuarascála.

Leasú 1: Míniú ar ‘Foirm oifigiúil’ a chur san áireamh mar a d’iarr an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Leasuithe 2, 3, 4 agus 5: Mar thoradh ar na leasuithe seo, beidh ar an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint laistigh de thrí mhí ó achtú an ailt seo chun cabhrú le comhlachtaí poiblí a n-oibleagáidí i ndáil le húsáid ainmneacha, seoltaí agus teideal daoine aonair i nGaeilge a chomhlíonadh.

Leasú 6: Mar thoradh ar an leasú seo, beidh ar cheann comhlachta phoiblí duine de chuid a lucht bainistíochta sinsearaí a ainmniú chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht sin. Chomh maith leis sin, ceanglóidh an leasú seo ar an duine sin tuarascáil bhliantúil i scríbhinn a sholáthar don Cheann maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur i bhfeidhm fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht poiblí sin agus déanfar achoimre ar an ábhar sin a chur san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil an chomhlachta.

Leasú 7: Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid leis i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Leis an leasú sin, leathnófar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheáin shóisialta.

Leasú 8: Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Leathnóidh an leasú seo an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun an comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn.

Leasú 9: Leis an leasú seo, déantar socrú maidir le foráil a dhéanamh lena chinntiú go ndéanann comhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad dá bhfógraíocht in aon bhliain ar leith i nGaeilge agus déanfaidh gach comhlacht poiblí 5 faoin gcéad dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith sna meáin Ghaeilge.

Leasú 10: Leis an leasú seo, cinnteofar, chun amhras a sheachaint, go bhfuil an síneadh fada ar fáil le haghaidh foirmeacha oifigiúla uile comhlachtaí poiblí le go bhféadfar ainm, seoladh nó teideal duine sa Ghaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart. De réir mar a fhoráiltear cheana féin sa Bhille a foilsíodh, tabharfar an socrú sin isteach le Rialachán ar bhonn céimnithe tar éis dul i gcomhairle le hAirí.

Leasú 11: Cinnteoidh an leasú seo go bhfuil an ceart ag duine gan teideal a úsáid, más mian leis nó léi déanamh amhlaidh.

Leasú 12: Cinnteoidh an leasú seo go dtiocfaidh alt 9C maidir le húsáid na Gaeilge i lógónna oifigiúla i bhfeidhm tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis achtú an ailt sin.

Leasú 13: Cinnteoidh an leasú seo gur i nGaeilge amháin a bheidh ainmneacha comhlachtaí reachtúla nua-bhunaithe, seachas Ranna Rialtais lárnacha agus comhlachtaí eile den chineál céanna leo sin atá liostaithe i mír 1(1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht.

Leasú 14: Cinnteoidh an leasú seo gurb amhlaidh, i gcás ina ndéanann Comhlacht Poiblí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas fála poiblí, nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe ar an soláthraí seirbhíse maidir le cumarsáidí, fógairtí béil, comharthaíocht, éascú úsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge, foirmeacha oifigiúla agus lógónna i nGaeilge a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhar don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Tá míniú ann freisin ar ‘seirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal’, is é sin le rá, seirbhís a sholáthraíonn tríú páirtí don phobal i gcoitinne, nó d’aicme den phobal i gcoitinne, thar ceann comhlacht poiblí.

Leasú 15: Leis an leasú seo, cuirfear isteach spriocdháta nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024 le haghaidh thosach feidhme alt 9C(1), á chinntiú go mbeidh lógónna nua atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Leasú 16: Cinnteoidh an leasú seo gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla araon, a bheidh giorrúcháin agus acrainmneacha atá ann i lógónna nua nó i lógónna leasaithe a úsáideann comhlachtaí poiblí.

Leasú 17: Cinnteoidh an leasú seo go gcuirfear saoráidí ar fáil ionas go mbeidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge in ann ceachtar den dá theanga oifigiúla a úsáid le linn cruinnithe de chuid an choiste.

Leasú 18: Leis an leasú seo, cinnteofar go bhfuil Gaeilge líofa ag Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh.

Leasú 19: Leis an leasú seo, déanfar foráil maidir leis an Aire d’ainmniú comhalta amháin den Choiste Comhairleach, ar comhaltaí é nó í a bheidh ionadaitheach don phobal Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Déanfar foráil leis freisin maidir le próiseas roghnaithe an chomhalta sin agus maidir le próiseas roghnaithe an chomhalta atá ionadaitheach don Ghaeltacht, ar próiseas é sin dá bhforáiltear sa Bhille atá foilsithe, agus is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a riarfaidh an próiseas roghnaithe sin.

Leasú 20: Cinnteoidh an leasú seo nach ndéanfar daoine a eisiamh ó chomhaltas ar an gcoiste comhairleach ar an mbonn gur breithníodh ina bhféimheach iad.

Leasú 21: Leis an leasú seo, déanfar foráil maidir leis an gCoiste Comhairleach do bhailiú faisnéise agus staitisticí faoi leibhéal na hinniúlachta Gaeilge sa tseirbhís phoiblí uair amháin i ngach tréimhse cúig bliana.

Leasú 22: Leis an leasú seo, sonraítear gur ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheidh an fhreagracht i ndáil le comhordú a dhéanamh, faoin bPlean Náisiúnta, ar sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge dá bhforáiltear cheana féin sa Bhille atá foilsithe. Is ceart a rá go bhfuil gealltanas tugtha ag an Rialtas cheana féin maidir le cur i bhfeidhm an phlean sin, ar gealltanas é atá ann in Athnuachan na Státseirbhíse 2030.

Leasú 23: Mar thoradh ar an leasú seo, beidh sé de cheangal ar an gCoiste Comhairleach tuarascáil bhliantúil faoi dhul chun cinn a thabhairt don Aire maidir lena chuid oibre i rith na bliana roimhe sin, agus sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana féilire.

Leasú 24: Leis an leasú seo, beifear in ann caighdeáin fhorordaithe teanga a chur i bhfeidhm i ndáil le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí faoi chonradh do chomhlachtaí poiblí, ar seirbhísí iad lena ngabhann teagmháil leis an bpobal. Beidh na caighdeáin sin ar aon dul leis na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí.

Leasú 25: Leis an leasú seo, leagfar síos sprioc ar dá réir a bheidh 20 faoin gcéad de na hearcaithe nua i gcomhlachtaí poiblí inniúil ar an nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

Leasú 26: Leis an leasú seo, cinnteofar go bhforordóidh an tAire dátaí ar fúthu a thiocfaidh an Ghaeilge chun bheith mar theanga oibre oifigí comhlachtaí poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus, ina theannta sin, ar fúthu a bheidh gach seirbhís a sholáthraíonn comhlacht poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta á soláthar i nGaeilge. Déanfar na dátaí sin a fhorordú laistigh de 3 mhí tar éis don Aire an Plean Náisiúnta a fháil agus tar éis taighde cuimsitheach a choimisiúnóidh an Coiste Comhairleach a chur i gcrích i dtaobh an féidir na spriocdhátaí atá beartaithe a bhaint amach.

Leasú 27: Leis an leasú seo, leagtar amach foráil maidir leis an gCoiste Logainmneacha a bhunú mar choiste reachtúil, déantar foráil maidir lena rúnaíocht a bheith á soláthar ag an Aire (mar a bhí amhlaidh roimhe seo) agus déantar foráil maidir le saineolaithe i réimsí na logainmneacha Gaeilge, stair na hÉireann agus na Gaeilge a bheith ina gcomhaltaí den choiste. Ina theannta sin, tugtar feidhm don Choiste i leith comhairle a thabhairt don Aire maidir le logainmneacha. Chomh maith leis sin, chun amhras a sheachaint, cuirfear deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011.

Leasú 28: Leis an leasú seo, leagtar oibleagáid ar an Aire comhairle a fháil ón gCoiste Logainmneacha sula ndéantar Ordú Logainmneacha faoin Acht.

Leasú 29: Leis an leasú seo, cinnteofar go ndéanfar an liosta comhlachtaí poiblí a chlúdaítear faoin sceideal a ghabhann leis an Acht a uasdátú le Rialachán a dhéanfaidh an tAire uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse dhá bhliain.

Leasú 30: Leis an leasú seo, ceanglófar maidir le hailt de chuid an Bhille nach bhfuil tagtha i ngníomh, go dtiocfaidh siad i ngníomh tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thráth rite an Bhille.

Leasuithe 31 agus 32: Leis na Leasuithe seo, ceartófar coimhlint atá sainaitheanta idir athrú a dhéanamh ar logainmneacha i reachtaíocht rialtais áitiúil agus forálacha maidir le logainmneacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla.