Léitheoirí na Gaeilge: Tionscadal uaillmhianach seolta

Beartaithe gach gné den léitheoireacht sa Ghaeilge a chur chun cinn

FOCLÓIR: Tearc - scarce, gan amhras - without doubt, easpa - absence, bríomhar - buoyant, aonraic - solitary, ré órga - golden era, seachas - other than, sracfhéachaint - cursory glance, léirmheastóirí - reviewers, deimhnithe - confirmed.

Tá togra nua ar an bhfód ag a bhfuil sé mar sprioc pobal na Gaeilge a chumasú i ngach gné den léitheoireacht. Is deá scéal é seo gan amhras. Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil léitheoirí na Gaeilge tearc go leor.

Ar ndóigh, is fadhb dhomhanda í an léitheoireacht, nó an easpa léitheoireachta ab áil liom a rá. Baineann sé le chuile theanga agus más slat tomhais é an líon eagras agus institiúid atá ag fónamh do léitheoireacht sa saol Béarlach, níl an léitheoireacht sa Bhéarla féin chomh bríomhar is ba mhaith le daoine go mbeadh sí.

Ní cadhain aonraic muid, mar sin agus ní gá dúinn díomá a bheith orainn go bhfuil gá le gníomhaíocht a chuirfidh le líon lucht léite na Gaeilge.

READ MORE

Agus é faoi agallamh anseo i mí Feabhra, dúirt an scríbhneoir Seán de Fréine go bhfuilimid i ré órga ó thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge de. Dúirt sé, leis, go bhfuil i bhfad níos mó á scríobh anois ná mar a bhí riamh.

Ach cén fáth mar sin, a d’iarr Tuarascáil air, gur beag Gaeilge a léitear ar na saolta seo? “Sin í an fhadhb is mó,” a dúirt sé.

“Sé sin, nós na léitheoireachta i nGaeilge a fhréamhú sna daltaí scoile - go háirithe sna Gaelscoileanna. Níl sé sin ag tarlú. Feictear an Ghaeilge mar ábhar scoile seachas mar ábhar pobail agus ábhar sóisialta.”

Mar atá cúrsaí faoi láthair, is follas go bhfuil fadhb ann ó thaobh soláthar agus infheictheacht leabhar Ghaeilge sna siopaí leabhar.

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar réimse na leabhar Gaeilge atá ar díol i ngnáth shiopaí leabhair. Cé go dtugann roinnt siopaí aird ar leabhair Gaeilge, ní mórán iad.

Ach cén fáth atá leis seo? An é nach bhfuil tóir ag an bpobal orthu? An é gur leasc le lucht ceannaithe na leabhar sna siopaí leabhair Ghaeilge a ordú ceal tuisceana nó eolais ar an réimse leathan leabhar atá i gcló sa teanga.

Nó an é go nglactar leis nach áil le daoine leabhair Ghaeilge a léamh ar chor ar bith agus nach mbeidh brabús le déanamh dá bharr?

Nach aisteach é freisin go mbeadh an teanga go líofa ag an óige laistigh de chúpla bliain tumoideachais ach nach mbíonn, de réir dealraimh, fonn ar a bhformhór í a léamh ar fágáil na scoile dóibh.

Níl an cath caillte agus is maith an rud é go bhfuil iarracht phíolótach tosaithe anois chun tabhairt faoin dúshlán seo.

Tá sé i gceist leis an togra, Léitheoirí na Gaeilge, go gcruthófar creat chun gach gné den léitheoireacht sa Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin. Tá sé beartaithe tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do léitheoirí agus ábhar léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, clubanna leabhar, leabharlannaithe agus léirmheastóirí.

Togra uaillmhianach

Tá Foras na Gaeilge ag cur €30,000 ar fáil i mbliana agus táthar ag súil go gcuirfear maoiniú ar fáil sna 5 bliana romhainn trí Chlár na Leabhar Gaeilge, socrú nach bhfuil deimhnithe díreach fós.

Dar le Liam Mac Amhlaigh atá ina chomhairleoir tionscadail ar an togra tá ábharthacht teanga na Gaeilge féin i mór-shaol Bhéarla na hÉireann agus feiceálacht an ábhar léitheoireachta imeasc na constaicí is mó atá i mbealach léitheoireacht na Gaeilge.

“Scáth thionscadal uaillmhianach is ea Léitheoirí na Gaeilge,” a dúirt sé.

“Ceanglóidh an togra an-chuid páirtnéirí agus páirtithe leasmhara. B’aoibhinn linn gach cuid de thionscal na foilsitheoireachta Gaeilge a thabhairt i bpáirt le ‘Léitheoirí na Gaeilge’ chun an maitheas is fearr a bhaint amach don earnáil iomlán.

“Mar a chéile an scéal le leabharlannaithe, oideachasóirí, foghlaimeoirí, grúpaí pobail, forais Stáit, agus ceannaitheoirí agus léitheoirí an ábhair léitheoireachta féin’.

Tá tús curtha cheana féin le próiseas comhairliúcháin chun an togra a threisiú.

Tá sé i gceist lárionad digiteach (léitheoirí.ie) a chur ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn eolas uathu faoi leabhair Gaeilge. Foilseofar forlíonadh, An Léitheoir, gach bliain sna hirisí Comhar agus Books Ireland agus scaipfear é ar scoileanna, ar leabharlanna agus ar ghrúpaí pobail freisin.

Tá sé i gceist freisin bealaí a fhiosrú inar féidir leabharlanna agus pobail scoile a nascadh leis an gcuid eile den phobal léitheoireachta agus go gcruthófaí ‘cainéal nua cumarsáide’ idir scríbhneoirí, foilsitheoirí agus léitheoirí.

Beartas uaillmhianach atá ann gan dabht ach, má éiríonn leis an togra cuid de na spriocanna thuasluaite a bhaint amach, beidh dul chun cinn déanta.

Maoiniú na Gaeilge

Bhí an chuma ar an scéal an tseachtain seo caite gur tháinig Daidí na Nollag seachtain luath nuair a fógraíodh breis agus €455,000 de mhaoiniú bhreise do Chonradh na Gaeilge. Airgead é atá sa bhreis ar an méid a fhaigheann Conradh na Gaeilge ón bhForas go bliantúil.

Beidh €130,000 ar fáil chun leanúint ar Chartlann Athbheochan na Gaeilge a fhorbairt, agus beidh os cionn €47,000 ar fáil le stiúideo nua Raidió RíRá a thógáil i nGaillimh. Anuas ar sin beidh timpeall €280,000 curtha ar leataobh do ‘Gluaiseacht 2021-2022’ - feachtas a dhíreoidh ar dhaoine óga chun spreagadh a chur iontu an Ghaeilge a úsáid agus chun iad a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta sa Ghaeilge.

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers freisin go bhfuil cead pleanála faighte anois le ceannáras Chonradh na Gaeilge a fhorbairt ag uimhir 6 Sráid Fhearchair mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt an tAire Chambers gur “céim eile chun cinn” a bhí sa chead pleanála don tionscadal.

“Beidh an lárionad seo mar áit lárnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sé go mór le feiceálacht na teanga agus stádas na Gaeilge sa chathair,” a dúirt sé.

“Tá obair fhíorthábhachtach ar bun ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Chonradh na Gaeilge na tograí seo a fhorbairt agus leanúint leis an obair atá ar siúl acu chun dearctha dearfacha i dtaobh na Gaeilge a chothú i measc an mórthimpeall. Tá obair dhúshlánach ag baint leis na tograí seo agus tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na tionscnaimh seo.”

Mar chuid de fheachtas ‘Gluaiseacht 2021-2022’ beidh foireann Chonradh na Gaeilge ag taisteal ar fud na tíre chun ceardlanna idirghníomhacha a reáchtáil. Tráth dá raibh is sna craobhacha áitiúla a bhí láidreacht an Chonratha is mó le sonrú. B’fhéidir gur seans é an feachtas seo gníomhaíocht leanúnach a spreagadh ar bhonn áitiúil imeasc pobal na Gaeilge.

Comhaltaí

Tionóladh an dóú cruinniú déag den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas an tseachtain seo caite áit ar ceadaíodh roinnt ceapachán mar bhaill Bhoird den Fhoras Teanga.

Ceapadh imreoir iománaíochta Bhaile Átha Cliath Liam Rushe ina chomhalta de bhord Fhoras na Gaeilge ar feadh téarma ceithre bliana agus athcheapadh Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéidigh mar chomhaltaí ar feadh tréimhse bhliana.

Chuir Wuraola Majekodunmi, Neasa Ní Chiaráin agus Dáithí Mac Cárthaigh tús lena dtréimhsí ceithre bliana ar an mbord ar an Aoine, an 11 Nollaig.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.