Léargas ar shaol na nÉireannach i Sasana sa naoú haois déag

Is deacair gan smaoineamh ar na teifigh a bhíonn ag triall ar an Eoraip

 

FOCLÓIR: Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach - it’s a small world (it’s a rare place you would find a lobster), léargas - insight, úrscéal - novel, long - ship, duganna - docks, eachtraí - events, barr - crop, teitheadh - retreat, stailceanna - strikes, muilte cadáis - cotton mills.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, a deirtear. Is fánach an áit freisin a bhfaighfeá léargas éigin ar shaol na nÉireannach i Sasana i lár an naoú haois déag ach tá beagán de sin ar fáil i dhá úrscéal a léigh mé le gairid. Redburn, leis an scríbhneoir Meiriceánach Herman Melville, agus North and South, leis an Sasanach Elizabeth Gaskell. Dhá leabhar an-difriúil óna chéile iad, scríofa ag beirt údar a raibh taithí dhifriúil acu ar an saol.

Is duine de mhórscríbhneoirí an Bhéarla é Melville, a raibh 200 bliain a bhreith á cheiliúradh anuraidh. Foilsíodh Redburn i 1849, cúig bliana roimh a shárshaothar Moby-Dick. Cur síos barrúil atá ann ar aistear farraige ó Nua Eabhrach go Learpholl a dhéanann Wellingborough Redburn. Ag obair ar bhord loinge atá sé is gan é ach ina stócach cúig bliana déag d’aois. I mí Iúil a bhaineann sé Learpholl amach. Ag na duganna ansin, feiceann sé scata mór Éireannach, atá díreach tar éis teacht i dtír, iad ag brostú amach faoin tuath, ag cuartú oibre ag baint is ag cur isteach an fhomhair.

Baineann roinnt mhaith de na heachtraí sa leabhar le haistear loinge trasna an Atlantaigh a rinne Melville é féin sa mbliain 1839 agus é naoi mbliana déag d’aois. Seans gur ag teitheadh ón ngorta, a bhí forleathan in Éirinn an bhliain chéanna, a bhí go leor de na hÉireannaigh a chonaic Melville i Learpholl. Bhí cuid acu ar a mbealach go New Holland, mar a thugtaí ar an Astráil an tráth sin, cuid eile acu ar a mbealach go Meiriceá agus chuir roinnt mhaith acu fúthu i Learpholl féin. Go deimhin, ní raibh an dara rogha ag roinnt acu ach fanacht i Sasana toisc nach raibh a ndóthain airgid acu le híoc as aistear níos faide nó gur goideadh cibé airgid a bhí acu nó gur buaileadh go dona tinn iad.

Tagraítear sa leabhar don mhéid mór táirgí feirme a bhí á dtabhairt as an tír seo go Sasana in ainneoin an ghorta. Cé go dteipeann ar na fataí go minic, a deir Melville, tá barr amháin nach dteipeann air ariamh in Éirinn - sin na daoine.

Bhí na hÉireannaigh ag teitheadh ón ndrochshaol sa mbaile, ach is beag a bhí rompu i Learpholl, ach bochtannas agus tinneas. Bhí an eitinn agus an tíofas fairsing sa chathair agus ba seacht mbliana déag meánaois an bháis sa mbliain 1839.

Bhí breis is 191,000 imirceach as an tír seo i Lancashire, de réir daonáirimh 1851. B’in 10 faoin gcéad de dhaonra an chontae sin. Is ar éigin go raibh cúrsaí níos fearr ná mar a bhíodar i Learpholl i mbailte eile sa chontae, ar nós Manchain agus Preston.

Ba le stailceanna a bhriseadh a tugadh grúpa Éireannach don chathair Milton-Northern (atá bunaithe ar Mhanchain) san úrscéal North and South, a foilsíodh sa mbliain 1855. “Knobsticks” a tugtar ar an dream seo sa leabhar agus is beag an meas a leirítear dóibh ag lucht na stailce ná ag na fóstóirí.

Tá an cás seo bunaithe ar stailc sna muilte cadáis i bPreston i 1853 is 1854. Anonn as tithe na mbocht i mBéal Feirste a tugadh roinnt den dream. Mháirseáil na fostóirí iad trí shráideanna Phreston ag súil go gcuireadh siad lagmhisneach ar na stailceoirí. San úrscéal, nuair a theipeann ar an stailc cuirtear an ruaig ar na hoibrithe Éireannacha as na monarchana.

Ag léamh an dá úrscéil sin, tuairim is 170 bliain ó scríobhadh iad, is deacair gan smaoineamh ar na teifigh a bhíonn ag triall ar an Eoraip. Is deacair fresin gan cuimhneamh ar an mBreatimeacht agus ceann de na cúiseanna ar cuireadh chun cinn é

I gceann eile de húrscéalta Gaskell - Mary Barton a foilsíodh in 1848 - titeann fear óg a bhfuil muileann cadáis ag a athair i Manchain i ngrá le Mary, ach mar a bheadh súil ag an léitheoir leis níl ach briseadh croí agus anró i ndán di dá bharr. Ní fhéadfadh sé tarlú i ré Victoria go mbeadh bean bhocht in ann a saol a chaitheamh le fear de lucht an rachmais.

Ach tharla a leithéid i ndairíre i Manchain i lár an naoú haois déag roinnt mílte ón áit ina raibh cónaí ar Ghaskell. Chaith bean óg de bhunadh na tíre seo, Mary Burns, na blianta ag maireachtáil le fear ar lena mhuintir an muileann cadáis ina mbíodh sí féin ag obair. Ba é an Gearmánach Friederich Engels an fear sin. Cuireadh é go Manchain i 1842 le muileann cadáis a mhuintire a bhainistiú.

Deirtear nach raibh léamh na scríobh ag Mary Burns, ach gurb í a chuir ar a shúile do Engels cé chomh dona is a bhí an saol ag na bochtáin i Manchain ag an am, go háirithe na daoine a raibh cónaí orthu sa gceantar ar a tugadh “Irish Town”. I 1845, foilsíodh leabhar Engels faoi shaol an lucht oibre i Sasana. Trí bliana níos déanaí, scríobh sé an “Communist Manifesto” i bpáirt lena chomrádaí Karl Marx, ach sin scéal eile.

Cóisir Mhór Cheanadach

Ghlac slua mór Ceanadach páirt sa ‘Chóisir Mhór,’ ar an Satharn seo caite. Ócáid a bhí ann a chuir críoch le ranganna Gaeilge a bhí ar siul le cúig sheachtain anuas. Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a sholatharaigh na ranganna do 400 foghlaimeoir.

Chruinnigh na céadta le chéile ó gach cearn de Cheanada agus i ndiaidh fáiltithe Phríomhfheidhmeannach na Fondúireachta James Kelly, chas Liam Ó Maonlaí, a bhí i mBaile Átha Cliath cúpla amhrán le tionlacan pianó.

Bhí seans ag na rannpháirtithe a gcuid Gaeilge a chleachtadh le linn na hócáide. I ndiaidh dóibh na ranganna a chríochnú líon na foghlaimeoirí ceistneoir. Léirigh ochtó haon faoin gcéad go raibh fonn orthu cuairt a thabhairt ar Éirinn. Is é an mhórsprioc a bhí ag an tsraith ná go meallfadh na ranganna daoine le freastal ar ócáidí cultúrtha Éireannacha ina bpobail féin. Breis eolais do fhoghlaimeoirí agus do theagascóirí Gaeilge: déan teagmháil le James Kelly (james.kelly@icuf.ie)