Is fearr réal inniu ná scilling amárach

Bhí formhór mhuintir na hÉireann sásta leis na boinn ach bhí olc ar an Eaglais Chaitliceach de bharr nach raibh naomh ar bith orthu

Foclóir: Bonn - coin, réal - sixpence, laochra - heroes, ealaíontóir - artist, creabhar coille - woodcock, giorria - hare, cú faoil - Irish wolfhound, capall seilge - hunting horse, feoirling - farthing, muc - pig, reithe - ram, cearc - hen, tarbh - bull, bradán - salmon, milseáin - sweets.

Agus mé ag éirí aníos sna caogaidí agus sna seascaidí bhí an-tóir go deo imeasc pháistí, ar na sean-bhoinn Éireannacha - bíodh is gurbh annamh a bhí ceann acu againn. Ba é WB Yeats, file agus seanadóir a bhí ina chathaoirleach ar choiste a bhí i bhfeighil boinn nua a dhearadh sna fichidí i dtús ré an tSaorstáit. Ar dtús bhí sé i gceist ag an gcoiste boinn a dhearadh a bhí bunaithe ar laochra stairiúla na hÉireann ach bhí sé deacair na laochra seo a roghnú.

Faoi dheireadh, chuir Yeats in iúl go mb’fhearr na boinn a dhearadh ar ainmhithe agus ar éanlaith na hÉireann. D’aontaigh baill an choimisiúin agus foilsíodh an reachtaíocht cuí sa bhliain 1926.

Bhuaigh Percy Metcalfe (1895-1970) comórtas leis na boinn a dhearadh agus eisíodh ocht gcinn de bhoinn ar an 12ú lá de mhí na Nollag i 1928*.

READ MORE

Bhí formhór mhuintir na hÉireann sásta leis na boinn ach bhí olc ar an Eaglais Chaitliceach de bharr nach raibh naomh ar bith orthu. In ainneoin sin scaipeadh na boinn a bhí ag teacht leis na boinn Shasanacha ó thaobh méid agus meáchain de. Chonacthas na h-ainmhithe seo, a raibh baint acu leis an bhfeirm ina measc: muc, reithe, cearc agus tarbh agus na h-ainmhithe eile a raibh baint acu leis an tseilg: creabhar, giorria, cú faoil, agus capall seilge.

Ba í an fheoirling an bonn ba lú luach agus an leathchoróin an bonn ba mhó luach. Bonn eile airgid ba ea an flóirín, a raibh bradán air. Ar an taobh eile de na boinn go léir bhí an chláirseach Ghaelach.

Nuair a rinne mé mo chéad Chomaoineach Naofa thug mé féin agus mo mháthair cuairt ar ár ngaolta go léir: Mamó, mo chuid uncailí agus aintíní agus mo chol ceathracha ar fad. Ba ghnách dhá scilling (flóirín) nó fiú leathchoróin (dhá scilling agus sé phingin) a thabhairt do pháiste ar an ócáid seo agus, ní nach ionadh, bhí mo phócaí lán agus iad ag gliogarnach faoin a n-ualach bonn.

Nuair a d’fhilleamar abhaile um thráthnóna, leag mé síos na boinn go léir ar an mbord agus thosaigh ag comhaireamh. Bhí beagnach cúig phunt agam agus bhí sceitimíní orm. Chuir mé na boinn Shasanacha i leataobh agus leag mé amach na boinn Éireannacha. Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag féachaint ar na hainmhithe go léir: an cú, an tarbh an giorria agus an bradán.

Bhí sé i gceist agam traein bhréagach agus saighdiúirí bréagacha a cheannach ach ba ghearr gur chuir mo mháthair an smaoineamh sin as mo cheann mar go raibh éadaí de dhíth orm. B’é críoch agus deireadh na mbeart nár fágadh ach cúpla scilling agam chun milseáin a cheannach!

Nuair a cheannófá buidéal liomóide sa siopa áitiúil bhí dhá phingin le fáil dá dtabharfá an buidéal folamh ar ais. Bhí sé de nós ag m’athair roinnt de na buidéil fholamha seo a fhágáil amuigh i gclós an chúlghairdín. Nuair a bhíodh mé féin agus mo chairde ar an gcaolchuid thógaimis na buidéil fholamha go dtí an siopa agus ansin bhíodh féasta beag againn.

De ghnáth bhíodh na pinginí salach go leor tar éis a bheith ag gabháil ó láimh go láimh. Dá gcuimleofá cré ar na boinn le do mhéara, ba ghearr go mbeadh an phingin chomh snasta leis an lá a múnlaíodh é. Bhí an chearc agus a cuid sicíní chomh soiléir le grian an mhéanlae, nó, dá mba leathphingin í, bhí an chráin mhuice agus a bainbh go soiléir sofheicthe.

Ba mhinic na boinn faoi chaibidil sna seanfhocail féin: ‘faigheann pingin pingin eile,’ nó ‘is fearr cara sa chúirt ná pingin sa sparán,’ ní áirím ‘is fearr réal inniu ná scilling amárach.’

Bhí muicín airgid ag mo dheartháir óg Brian. Chuireadh sé na pinginí agus na réalacha i dtaisce ann. Bhí ar mo chumas an muicín airgid seo a oscailt. Thóg mé cúpla pingin as ó am go chéile agus ansin, d’iarr ar mo dheartháir a bharra seacláide a roinnt liom - ag geallúint pingin nó dhó don bhuachaill bocht. B’ionadh leis an gcréatúr cén fáth nach raibh líon na bpinginí istigh ag dul i méid!

Leathchéad bliain ó shin baineadh as an timpeall an fheoirling de dheasca bhoilsithe. Sa bhliain 1971 tháinig an deachúlú agus b’shin creill na seanbhonn Éireannach. Ón mbliain sin amach bhí pinginí nua á scaipeadh, le dearadh éin Cheiltigh ar thaobh amháin agus an chláirseach Ghaelach ar an taobh eile. Úsáideadh an scilling fós ach bhí luach chúig phingin uirthi ón mbliain sin amach. Bhí bonn nua caoga pingin á scaipeadh a raibh an creabhar ar thaobh amháin de mar a bhí ar an bhfeoirling blianta roimhe sin.

Faoin mbliain 2002 bhí an Euro agus boinn Euro in Éirinn ba bheag seanbhonn a bhí le feiceáil a thuilleadh. An cóir mar sin na seanfhocail thuasluaite a athrú de dheasca bhoilsithe?!

* Nóta: Is é Percy Metcalfe a dhear na boinn nua a d'eisigh an tSaorstáit sa bhliain 1928. Dhear an t-ealaíontóir Gabriel Hayes an píosa dhá phingine, an pingin agus an leathphingin nua a eisíodh sa bhliain 1971.