Is féidir athruithe as cuimse a chur i gcrích

Nuair a tharlaíonn athrú sa tsochaí, go hiondúil is go mall réidh a tharlaíonn sé

Beagnach folamh: Sráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Grianghraf: Nick Bradshaw / The Irish Times

Beagnach folamh: Sráid Grafton i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Grianghraf: Nick Bradshaw / The Irish Times

 

FOCLÓIR: Rannpháirteach - participate, socheolaithe - sociologists, gnáis - convention, ionradh - invasion, searbh - sharply, bagairt - threat, san fhaopach - in dire straits, dúil gan fháil - unfulfilled expectation.

Is trí shúile an chultúir thart timpeall orainn a fheiceann muid an saol. Is as a bhfaigheann muid brí ar an tsochaí ina bhfuil muid rannpháirteach agus tuiscint ar a bhfuil i ndán dúinn inti.

Nuair a bhíonn eolaithe comhdhaonnacha agus socheolaithe ag plé le cultúr, ní ar chúrsaí teanga, ceol nó ealaín amháin a chuimhníonn siad dar ndóigh. Is éard a bhíonn i gceist acu ná córas iomlán de ghréasáin iompair dhaonna.

Ach ní fhanann cultúr ina staic ach an oiread. Bíonn nósanna agus gnáis chultúrtha de shíor ag athrú de réir mar a bhíonn gnéithe ag dul i dtreis agus ag dul ar gcúl.

Nuair a tharlaíonn athrú sa tsochaí is go mall réidh a tharlaíonn sé go hiondúil. Ach uaireanta tarlaíonn sé go hobainn.

De ghnáth is cúinsí mar lagair eacnamaíochta, ghorta, chogadh, ionradh nó bhrú cultúir a bhíonn mar bhun údar le hathruithe a tharlaíonn go hobainn

Cúinsí iad a léiríonn go searbh agus go soiléir do chách na héagsúlachtaí idir an saol nua mar atá sé anois agus an saol mar a bhíodh sé sular tháinig an cúinse sin chun cinn.

Is minic go dtagann athrú ar iompar an phobail dhá bharr. Ní gá mar shampla ach smaoineamh siar go tús na bliana seo.

Cé a cheap i mí Eanáir go gcuirfí srian ar chaidreamh shóisialta nó go mbeadh pobal na tíre scoite amach óna chéile sár i bhfad?

Cé a cheap go mbeadh muid faoi ordú fanacht laistigh mar chuid d’iarracht náisiúnta chun moill a chur le scaipeadh an ráig ghalair Cóivid-19?

Cé a cheap go mbeadh na hospidéil faoi bhrú ollmhór - a leithéid nach bhfacthas riamh roimhe sin?

Cé a cheap go mbeadh liúntas éigeandála nua ag an rialtas dóibh siúd a chaill a bpost gan choinne?

Níl sé chomh fada ó shin ó a bhí daoine ag caint ar an Nollag, ar rúin na hAthbhliana agus, cuid acu, ar cheolchoirmeacha agus ar ócáidí spóirt.

Bagairt

Nuair a thugtar bagairt faoi deara agus nuair a chreideann an duine gur féidir gníomhú chun an bhagairt sin a mhaolú, is minic é nó í a bheith sásta dul i bpáirt le daoine eile i ngluaiseacht ghinearálta shóisialta chun an aidhm sin a bhaint amach.

D’fhéadfaí a rá anois go bhfuil pobal uile na hÉireann -iad siúd atá sa bhaile agus iad siúd atá fós ag obair go cróga in éadan Cóivid-19 - mar chuid de ghluaiseacht amháin sóisialta atá aontaithe faoi láthair in aghaidh scrios an ráig-ghalair seo.

Ach le daoine a spreagadh le bheith rannpháirteach i ngluaiseacht ní leor bagairt ann féin nó fiú tuiscint a bheith acu ar bhun fhoinsí an bhagartha.

Tá rud éigin eile ag teastáil. Dóchas go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí de bharr a gcuid rannpháirtíochta sa ghluaiseacht.

Agus tá an rannpháirtíocht seo le feiceáil go forleathan ar fud fad na tíre faoi láthair. Agus tá sé ag obair. Tá daoine aonaracha agus cuideachtaí pobail ag obair as lámh a chéile chun seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd atá i bpriacal.

Is cinnte go bhfuil súil ag cách go dtiocfaidh deireadh leis an éigeandáil seo sár i bhfad ach is fada go ndéanfar dearmad ar an gcomhrac seo.

Cinnteacht

Ón méid atá feicthe againn thar lear go dtí seo, níl aon chinnteacht ann go mbeidh deireadh leis an éigeandáil go luath.

Tá fadhbanna san Iodáil agus daoine imníoch faoi ghanntanais bia. Teip rialtais é seo a léiríonn an tábhacht atá le cur chuige dúthrachtach ag ár bpolaiteoirí.

Tá freagracht ar rialtas na hÉireann gach iarracht a dhéanamh gan dul san fhaopach mar a rinne an Iodáil agus an Spáinn.

An tseachtain seo caite ghearr AIB táillí bainc ar chuntais a gcuid custaiméirí - ar an lá céanna a íocadh an chéad liúntas éigeandála dóibh siúd a chaill a bpoist.

Dúradh cheana nár cuireadh dúshlán eacnamaíochta riamh ar an Stát Éireannach mar an dúshlán a chuireadh air sa bhliain 2008.

Níor spreag an cúlú eacnamaíochta sin mórán athruithe bunúsacha sa chóras nó sa gheilleagar- cé go raibh go leor ag súil go spreagfadh.

Táthar ann a chreideann nach chun leas eacnamaíochta agus sóisialta na ndaoine a cuireadh polasaithe an rialtas agus an troika i bhfeidhm. Bhí an méid seo soiléir ó thoradh an olltoghcháin is deireanaí (an cuimhin le haon duine an t-olltoghchán?).

Ó bhorradh go cliseadh cuireadh béim ar chaoithiúlacht an mhargaidh agus ar chaiteachas an Stáit ar sheirbhísí do na daoine a theorannú.

Cuireadh daoine i dtuilleamaí an chúnamh dífhostaíochta, rinneadh athchaipitiliú ar na bainc ar chostas na ndaoine, tugadh íocaíochtaí do bhannóirí sóisearacha agus cuireadh costais nua ar dhaoine ar nós an muirear teaghlaigh, an cháin mhaoine áitiúil agus trialladh táillí uisce a thabhairt isteach.

Níor réitíodh fadhbanna a bhain le tithíocht nó easpa dídine. Cé gur tháinig ísliú ar líon na ndaoine a bhí dífhostaithe le roinnt blianta anuas, bhí ceist i gcónaí ann faoi chaighdeáin agus pá na bpost nua.

Athrú

Dar ndóigh, ní hé an córas a chruthaigh an Cóivid-19 ach bheadh sé deacair a shéanadh nach scaipfeadh sé chomh tapaidh agus chomh forleathan agus a scaip gan umhlaíocht na rialtas d’idé-eolaíocht an saormhargaidh.

Leis an oiread sin ag obair go cróga sa bhearna bhaoil (ar bheagán pá go minic) in éadan scrios an ghalair, an aon ionadh é go bhfuil fearg ar dhaoine nach bhfuil an Dáil ag feidhmiú ar bhealach éigin in am na héigeandála?

Tá sé soiléir faoi seo nach mbeidh an saol díreach mar a bhí sé roimhe seo tar éis dúinn an ráig-ghalar a dhíbirt.

Cé nach fios dúinn fós cén fhad a thógfaidh sé sin a dhéanamh tá sé soiléir go mbeidh gá le hathrú cultúir ó thaobh an creat pholaitiúil de.

Tá sé feicthe gur féidir leis an gcóras athruithe móra as cuimse a chur i gcrích laistigh d’achar ana ghairid. Nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith.

Tá smacht anois ag an Stát ar na hospidéil phríobháideacha.

Nach bhféadfaí an cur chuige céanna a úsáid leis na liostaí feithimh a ghlanadh?

Tá straitéis nua curtha i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirtear dídean agus seirbhísí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo.

Nach bhféadfaí an cur chuige céanna a úsáid le dul i ngleic leis an fhadhb chéanna go fadtéarmach?

Tá íocaíocht éigeandála pá anois ann a chabhraíonn le comhlachtaí féimheacht a sheachaint.

Nach bhféadfaí leanúint le hiarrachtaí mar seo amach anseo?

Rud amháin atá soiléir dúinn faoi seo ná cumas na ndaoine tarraingt le chéile in éadan bagartha.

Nuair a thagann deireadh leis an éigeandáil seo, ní hé amháin go mbeidh tuiscint nua againn ar an tsochaí ina bhfuilimid rannpháirteach ach beidh léargas nua againn ar a bhfuil i ndán dúinn inti.

Beidh dúil agus súil ann go gcuirfear feabhas ar chúrsaí an tsaoil leis an gcur chuige céanna a chonaiceamar le roinnt seachtainí anuas.

Beidh sé de dhualgas ar chách a chinntiú nach dúil gan fháil a bheidh ann.