Is deacair sean-nós a bhriseadh

Tá meascán amhrán idir shean agus nua ar albam úr ón amhránaí iomráiteach Treasa Ní Mhiolláin

Treasa Ní Mhiolláin. Grianghraf: Maurice Gunning

Treasa Ní Mhiolláin. Grianghraf: Maurice Gunning

 

Foclóir: Mianach - calibre, cáil - fame, ceolmhar - musical, saibhreas - wealth, file - poet, taifead - recording, dlúthdhiosca - compact disc, sabhdán - sultan, eagla - fear, ar ceal - cancel, luachanna - values, daoránaigh - convicts,

Tá Treasa Ní Mhiolláin ar dhuine de mhór amhránaithe shean-nós na hÉireann agus tá a guth tar éis lucht éisteachta a chur faoi gheasa i bhfad is i gcéin le breis agus dhá scór bliain.

Ní haon ionadh mar sin é go bhfuil fáilte mhór curtha roimh Lán Mara - dlúthdhiosca nua léi - tríocha bliain tar éis di an chéad albam dá cuid féin, An Clochar Bán, a sheoladh i 1989.

Iníon í le Bairbre (Baba Pheige Cheaite) agus Micheál Ó Miolláin (Michael Sheáin Mhicil) agus tógadh í ar bhaile an tSrutháin ar Inis Mór.

Bhain sí cáil amach le feabhas a cuid ceoil go luath ina saol agus bhuaigh sí an iliomad mór-ghradam agus duaiseanna ó shin i leith.

I 1972 bhí sí ar an gcéad duine a bhuaigh Corn Uí Riada agus bhuaigh sí an comórtas céanna arís i 1979. Ag cur lena cáil freisin tá duaiseanna a bhuaigh sí ag feiseanna - ina measc Fleadh Cheoil na hÉireann agus Oireachtas na Gaeilge.

Mianach

Bhí mianach an cheoil sa bhaile agus is ann a d’fhoghlaim sí cuid mhaith dá stór amhrán.

“Ó mo mhuintir féin an chuid ba mhó acu i ndáiríre. Bhí cúpla duine sa chlann a bhí go maith ag an amhránaíocht agus bhídísean ag bailiú amhrán. Ag an am sin bhíodh go leor ‘timeanna’ mar a thugtaí orthu sna tithe agus ba shin é an áit i ndáiríre ba mhó a chloisfeá na hamhráin.”

“Bhí muid ar fad ceolmhar. Bhí mo mháthair thar cionn ag an sean-nós. Nuair a bhíodh bainiseacha sna tithe ar an oileán fadó bhíodh cuireadh aici i gcónaí dul ag gabháil fhoinn agus bhíodh sí ag canadh léi i gcónaí ag dul thart,” a dúirt sí agus í ag caint le Tuarascáil.

Is sa traidisiún béil a áitítear múnla an tsean-nóis agus ní haon ionadh mar sin é go raibh amhrán amháin - ceann a théann siar chomh fada le ré na Normannach sa dara haois déag - ar cheann de na sean amhráin ba mhó a mheall i dtosach í.

“Cheapainn gurb é Dónall Óg an chéad cheann a d’fhoghlaim mé uaidh mo mháthair agus mé i mo ghasúr beag bídeach,” a dúirt sí.

“Seán Mac Donncha an laoch a bhí agam nuair a bhí mé óg. Bhíodh sean record-player againn sa bhaile agus bhíodh meascán ceart ceol tíre is chuile shórt againn ach bhíodh an ceirnín seo againn le Seán Mac Donncha agus chasaidís é sin i gcónaí, théis an dream eile.

“Sin é is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Seosamh Ó hÉanaí freisin agus Máire Nic Dhonnacha as an Cheathrú Rua,” a dúirt sí.

“Na hamhráin ba choitianta a bhí ar an oileán ag an am sin ná Cuairt Bhaile Nua, Baile an Róba agus Tiocfaidh an Samhradh. Bhídís sin an-choitianta go deo. Ní chloistear chomh minic sin anois iad cé gur bhain mé féin Corn Uí Riada amach le Baile an Róba agus Cuairt Bhaile Nua na blianta ina dhiaidh sin.

Taisteal

Bhí an-tóir ar Threasa mar amhránaí agus í ina cailín scoile agus ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin gur leath a cáil thar sáile.

“Thosaigh mé ag taisteal le De Danann sna 70dtí. Bhí mise i’m amhránaí aonair agus chaith muid trí sheachtain sa nGearmáin agus seachtain san Eilvéis.”

Obair chrua a bhí inti, a dúirt sí.

“Chaitheadh muid a bheidh réidh le himeacht ar an bpointe ag a naoi a chlog ar maidin agus amanna bheadh b’fhéidir 200 míle le déanamh againn. Obair thuirsiúil a bhí inti.”

“Ach, bhí sé an-sásúil ag na ceolchoirmeacha. Bhíodh na céadta ann. Na mílte uaireanta! Bhí scuainí leath-mhíle ar fad ann uair an chloig sula dtosódh an cheolchoirm. Bhain mé an-sásamh as i ndáiríre - rud nua a bhí ann.

“Ba dheas an rud é go raibh an oiread sin measa ag an lucht éisteachta ar an sean-nós. Bhí an-suim acu sa cheol, i gceol Clannad agus De Danann, ach bhí suim acu sa sean-nós freisin agus bhí sé sin an-deas.”

D’eascair ceirníní faoin teideal The 3rd Irish Folk Festival in Concert as sin agus chaith sí na blianta ina dhiaidh sin ag taisteal anonn agus anall go dtí an Eilvéis ag reachtáil ceardlanna agus ranganna ceoil.

“Ba hiad na hamhráin sean-nós is mó a chuir siad suim iontu. Chaithfidís chuile fhocal a fháil ceart agus i ndáiríre sula mbeinn críochnaithe leo cheapfá gur as Árainn nó as Conamara iad.

Lean sí leis an dteagasc sa bhaile freisin agus í ag múineadh gasúir scoile ar thrí oileán Árann. Cé go gcailleann roinnt acu suim san amhránaíocht “ag aois a 10 nó a 11” tá sí dóchasach faoi thodhchaí an cheoil.

“An té a bhfuil suim cheart acu ann coinníonn siad orthu,” a dúirt sí.

“Fuair cuid acu duaiseanna sna hOireachtais agus bhuaigh cailín amháin Fleadh Ceoil na hÉireann dhá bhliain ó shin.

“Tá go leor daoine óga i gConamara a ghlacann páirt i gcomórtais an Oireachtais; ní cheapainn go bhfuil aon bhaol air mar gheall orthu sin,” a dúirt sí.

Dlúthdhiosca

Tá saibhreas amhránaíochta na háite go smior ar Lán Mara agus bhí sé éasca uirthi na hamhráin a roghnú.

“Bhí cúpla file maith thart anseo ar Inis Mór ach tá siad imithe anois ar shlí na fírinne – Maitiú Ó Maoláin (Matt Neainín Ó Maoláin), Cóilín Ó hIarnáin (Cóilín Mhicilín Ó hIarnáin) agus Éamon Ó Tuathail (Neidín Sheáin Neide) a chum Bóthar an Gharraí Nua.

Cé gur amhránaíocht aonair is mó a bhíonn i gceist leis an sean-nós, tá tionlacan ceoil curtha le sé amhrán ag Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile ar an dlúthdhiosca nua.

“Bhí mé ag iarraidh ceol a chur le cuid acu - go mór, mór, le hamhráin nua-chumtha ag daoine as an áit.”

Taifeadadh formhór na n-amhrán sa séipéal is sine in Árainn, Séipéal Eochla, faoi chúram Jack Talty.

“Bhí sé éasca é a dhéanamh ann. Bhí sé gar don bhaile agus bhí an fhuaim thar cionn ann,” a dúirt sí.

Beidh an t-albam á sheoladh ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh ag a 8in ar an Domhnach, 12ú Bealtaine in Óstán Árann i gCill Rónáin, Inis Mór, 9in ar Dé hAoine 14ú lá Meitheamh i gcuideachta an Ghóilín i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath; agus ag Róisín White ag a 4.30in ar an Domhnach 7ú Iúil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co an Chláir.

Tá Lán Mara ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht ag cic.ie