Is ait an masc an saol

Ach is deacra anois a áiteamh nach n-aithneoidh tú an duine laistiar den chaille

Tá iarrtha ar chách masc a chaitheamh mar chosaint in aghaidh an Chóivid-19. Grianghraf: Getty

Tá iarrtha ar chách masc a chaitheamh mar chosaint in aghaidh an Chóivid-19. Grianghraf: Getty

 

Is ea, leis. Ba mhinic gur cuireadh in aghaidh mná den chreideamh Ioslamach go raibh giotaí éadaigh orthu a chlúdaigh a n-aghaidh agus gur chuir sé as don tsibhialtacht nach bhfaca siad a gcuid fiacla. Ba mhó sin an leithscéal a ceapadh ar son an fhrithsheimíteachais seo: ní fhéadfaí a n-aghaidh a fheiscint, b’fhéidir gur sceimhlitheoirí de chuid Isis iad, ba bhoscaí litreach iad, ba bhaol slándála iad, ní bheadh a fhios agat cé a bhí i bhfolach taobh thiar den chaille sin.

Ceart go leor: ní maith libh ‘frithsheimíteachas’ sa chomhthéacs seo. Seimítigh is ea na hArabaigh agus nós Arabach is ea an chaille a chaitheamh. Mar sin, abraimis, ‘frith-Arabach Mhoslamach’ ar son na huaire.

Nach lánait anois é nach bhfuil an gearán sin chomh coitianta is a bhíodh? Tá iarrtha ar chách masc a chaitheamh mar chosaint in aghaidh an chóivid 19 go háirithe ar an taisteal poiblí. Mo thuairim féin gur maith sin mar tá leorfhianaise ann gur cosaint éifeachtach é. Ach is deacra anois a áiteamh nach n-aithneoidh tú an duine laistiar den chaille.

Bhíos ag an bhfiaclóir le déanaí agus bíodh gurbh eagal liom nach n-aithneodh sé mé ba mhó m’eagla go mór nárbh eisean é féin a bhí laistiar den druilire agus den stothaire. Ghabhas leor lena thuairim gurbh eisean eisean gur mhise mise ach ba chúrsaí creidimh é.

Cuir masc ar do bhéal agus hata nó scaif ar do cheann agus is cuma nó bean Mhoslamach ar bith tú ina bosca litreach. Ní dócha go maslófar tú, gan amhras, mar ní raibh riamh sna leithscéalta sin ach ceathrúscéalta ó sháil go rinn agus ó ghob go gimide.

Tháinig duine chun an dorais chugamsa ó chianaibhín. Murach go raibh nod agam go raibh sé ag teacht ní bheadh tuairim agam cé a bhí ann. Bhí hata air, agus spéaclaí gréine (ar cheann de na laethanta sin), agus masc an choróinvíris. Ceann breá mór fairsing ó chluas go cluas nach ligfeadh deoir amach as, ná isteach tríd. Bhí mná rialta ar scoil agam ar scanrúla a neamhaghaidh ná pé rud a bhí i bhfolach ina gcuid éadaí fairsinge acu. Sa chás seo, b’éigean dom gníomh dóchais agus carthanachta a dhéanamh.

Nach ait an masc an saol anois nuair atá a n-aghaidh i bhfolach ag dochtúirí oilte agus ag altraí gairmiúla agus ag proifisiúnaigh dheasa an tsaoil mhóir nach bhfuil aon chur ina gcoinne maidir le haithint an duine laistiar den chlúdach?

Mar ní raibh riamh ach dhá argóint in aghaidh éadaí mná den chreideamh Ioslamach, mar atá (a) nár aithin tú a n-aghaidh, agus, nó (b) bhí tú frithMhoslamach.

Ós rud é go bhfuil deireadh anois le (a), agus ní admhófar (b), tarraingeofar ar chinn níos uisciúla. Is é sin (c), go gcuirtear iachall ar mhná an feisteas ban rialta seo a chaitheamh. Agus féach, táim leat. Níl aon amhras faoi sin, go háirithe sna críocha sin ina bhfuil na mná ina dtráilleanna ag fir agus ag an údarás. Níor cheart broic leis sin beag ná mór ná idir eatarthu.

Ach sa chás, go háirithe sna tíortha sin a luaitear an focal ‘sofaisticiúil’ leo - focal gan bhrí - má deir mná gurb é seo a rogha go pearsanta, go príobháideach, go prionsabálta, gan spleáchas d’athair, d’fhear, do theaghlach, agus tá na milte gan áireamh díobh ann gurb é seo a rogha, an leor ‘coinsias fallsa’ mar fhreagra?

Ó sea, tá rogha (d). Ní maith leat é. Och bhuel, tá sorry ormsa chomh maith. Ní maith liomsa é ach an oiread, ach ní bhaineann ‘ní maith liom é’ leis an scéal.