Ionsaí leanúnach na Lochlannach

Thapaigh na Lochlannaigh an deis chun cath eile a bhaint in Éirinn


Cé gur cheapamar go raibh siad díbeartha uainn tar éis Chath Chluain Tarbh tá nós acu a bheith ag filleadh de shíor, na Lochlannaigh. Tá cuid de thurasóireacht ár mbailte móra bunaithe ar an mbréagthuiscint gurbh iad a chéadlonnaigh iontu, amhail is nach raibh sé de chumas ag na Gaeil bríce a chur ar bhríce, nó fód a chur ar fhód.

D'fhonn na bréige sin a dhaingniú tugtar clogaid a bhfuil adharca bó ag gobadh amach astu (ar phraghas) do chuairteoirí san ardchathair agus seoltar iad ar snámh (ar phraghas) ar an abhainn shalach a bhí i bhfad níos glaine breis agus míle bliain ó shin. Is cuma nár chaith Thor nó Knut nó Snorre nó Odin ar bith clogad dá samhail riamh, mar cad is fírinne stairiúil ann nuair atá kronerpenninger le cur sa sparán.

Samhlaítear cathair Phort Láirge mar mhórionad Lochlannach, bíodh nach raibh ann ach cúpla sráid a bhféadfadh bacach ar leathchois a thrasnú laistigh de chúig nóiméad mura gcuirfeadh na muca agus an bhualtrach isteach air.

Lasmuigh dhe sin, ní smaoinímid rómhór orthu, na Lochlannaigh. Tá a gcuid tíortha fuar agus feannaideach, daor agus dorcha. Is beag ár mbeann ar a gcuid ealaíne, fág go samhlaítear gurb íomhá de mhuintir Chiarraí í An Scread le hEdvard Munch nuair a fuair Séamus Darby an cúl álainn milis sin d'Uíbh Fháilí sa bhliain 1982.

READ MORE

Is maith linn na scannáin teilifíse bleachtaireachta aduaidh, is fíor, leithéid An Droichead agus Wallander agus Borgen, ach d'oirfeadh aon jóc amháin, anois is arís, nó go fiú aon uair amháin, uair sa mhíle clár.

Tá aon scríbhneoir amháin de chuid na Danmhairge a bhfuil cion agus gean ag gach n-aon air, áfach.

Is é sin, Hans Christian Andersen, nár chaith saol mar a thuairisc, pé acu mar fhinscéal nó mar shíscéal é.

Is é is ionadh liom nár crochadh geansaí glas de chuid fhoireann na hÉireann ar an dealbh den mhurúch bheag atá ansiúd i gcuan Chopenhagen an tseachtain cheana, mar cad eile a dhéanfá agus tú le lucht tacaíochta na foirne sin i gcathair iasachta?

Is fíor gur murúch thar a bheith beag atá sa dealbh sin, agus seans gur bhain sin geit as daoine a raibh taithí acu ar na maighdeana mara móra a bhíodh timpeall ar an mBlascaod Mór, agus atá fós más iontrust mo shúile cinn féin.

Hans bocht, murab ionann is a chuid scéalta, níor dhual dó a bheith éiritheach. Ná sonasmhar ach an oiread, más teist ar bith an sceimhle a bhí air roimh dhul ar bhád, nó go gcuirfí san uaigh agus é fós beo, nó go bhfeicfeadh sé bean nocht ina lánchraiceann! Deirtear gur dócha go bhfuil carachtar Uriah Heep de chuid Dickens bunaithe go slán air, óir d’fhan sé ina theach ar feadh roinnt seachtainí gearra, ach shíl a mhuintir gurbh í an tsíorraíocht a bhí ann.

Tá siad mar sin, na Lochlannaigh. Uaireanta bíonn siad útamálach, tuaipliseach, gan fios a mbealach chun na longa fada ar an trá, agus ansin arís, tugann siad fút go fíochmhar, fiamhíolach, fóbartach, agus go deimhin fochaideach féin. Baineann pé luidín dínite a shíl tú a bhí agat díot. Agus is é is measa, ná go bhfuil sin tuillte agat.

Dúirt bainisteoir na ndúghall, is é sin, foireann na Danmhairge gurb é an cur chuige a bhí aige ná “ionsaí leanúnach a dhéanamh agus cúil a scóráil”. Is é feallsúnacht gach bainisteora na Poblachta glaise ó Charlton i leith ná ‘result’ a fháil. Comhscór náid a náid ab ansa leo. Nó níos lú, dá bhféadfaí.

Níl aon amhras ná go bhfuair siad ‘result’ an tseachtain seo caite.