Insint nua ar scéal Chú Chulainn

Leabhair le seoladh in Ard Mhacha agus i nGaillimh agus raic teanga in Albain


Tá Cú Chulainn i mbéal an phobail agus tá Béarla aige an iarraidh seo. Is duine de na laochra is aitheanta i gcultúr na hÉireann é Cú Chulainn agus seo anois leabhar nua – Cúchulainn: Ulster's Greatest Hero (Gael Linn) – a chuireann a scéal roimh phobal na hÉireann sa dara teanga oifigiúil.

Fear a bhfuil obair mhór déanta aige i saol na Gaeilge, Réamonn Ó Ciaráin, atá i ndiaidh an scéal a thiontú go Béarla agus ealaíontóir ar dóigh, Dara Vallely, a mhaisigh an saothar.

Tá Ó Ciaráin sáite in obair na teanga le blianta agus is fada é ag obair le Gael Linn. Ba don eagras sin a scríobh sé, Laoch na Laochra, leabhar ar Chú Chulainn sa bhliain 2015.

Bhí, a deir sé, “glacadh an-mhaith leis an leagan Gaeilge ach dúirt cuid mhór daoine gur mhaith leo leagan Béarla, daoine nach raibh go leor Gaeilge acu le sult iomlán a bhaint as an leagan i nGaeilge agus iad siúd atá níos compordaí ag léamh i mBéarla.

READ MORE

"Nuair a bhí an leagan Gaeilge déanta, bhí sé soiléir go mbeadh spéis ag margadh ní ba leithne ann, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Cé go bhfuil an leagan seo dílis do Laoch na Laochra is pacáiste iomlán úr é. Tá sé níos so-iompartha, mar shampla. Leabhar ealaíne a bhí i Laoch na Laochra ach leabhar léitheoireachta le healaín chumhachtach atá i Cúchulainn: Ulster's Greatest Hero."

Rinne Ó Ciaráin cinneadh athinsint dhílis a dhéanamh ar na scéalta agus tá réamhscéalta na Tána agus Táin Bó Cuailgne féin le fáil sa leabhar. Le cois na bhfear, tá mná na hÉireann anseo, mar atá Méabh, Scáthach, Aoife agus Eimhear,

Bí ag caint ar ealaín! Níl amhras ann ach go spreagfaidh saothar Vallely samhlaíocht an léitheora. Tá clú air mar dhuine de na healaíontóirí is nuálaí dá ghlúin. Bhí saothar dá chuid ar taispeáint in Iarsmalann Uladh, Béal Feiste, san Acadamh Ríoga Éireannach i mBaile Átha Cliath agus sna Stáit Aontaithe roimhe seo.

Deir Ó Ciaráin go bhfuil an saothar “dírithe ar dhaoine fásta ar mhaith leo scéaltaí phríomhlaoch na hÉireann bheith in aon leabhar amháin, léitheoirí atá ag iarraidh eolas níos fearr a fháil ar mheon ár sean, iad siúd a bhfuil spéis acu sa mhiotaseolaíocht dhomhanda agus iad siúd ar insíodh scéalta Chú Chulainn dóibh nuair a bhí siad beag óg. Is scéalta cumhachtacha iad gan dabht agus beidh suim ag daoine iontu le dul ar turas eipiciúil, más féidir leo an t-am a fháil ar shiúl ón ríomhaire agus ón ghuthán póca.”

Sa tseachtú haois a scríobh manaigh an scéal ársa seo den chéad uair. Seo muid sa 21ú haois agus beirt de bhunadh Ard Mhacha ag insint agus ag samhlú an scéil as an nua.

Seolfaidh An tOllamh Séamus Mac Mathúna Cúchulainn: Ulster's Greatest Hero in Ionad Eamhain Mhacha, Cathair Ard Mhacha, Déardaoin ag 6 p.m.

Poileas agus dealbh-lann

Ní in Éirinn amháin a bhíonn achrann faoi chúrsaí teanga. Turas lae go Dún Éideann agus thug mé cuairt ar an dánlann álainn sa chathair. Tá na focail “Dealbh-lann Naiseanta na h-Alba” greanta go mórtasach ar an bhalla sa tír a vótáil in éadan an neamhspleáchais.

Mar sin féin, níl gach aon duine sásta le cur chun cinn na Gàidhlig. Bhí raic faoi chúrsaí teanga sna meáin an lá a raibh mé ann.

Tá lógó nua Gàidhlig ag na póilíní agus Police Scotland/Poileas Alba air. Beidh Police/Poileas le feiceáil ar charranna na bpóilíní feasta. Thug siad le fios do na meáin go raibh siad ag iarraidh an tseirbhís a dhéanamh “more accessible”.

Bíodh is nach bhfuil Gàidhlig ach ag 1.1 faoin gcéad de dhaonra na hAlban, tá plean teanga cúig bliana ag na póilíní.

Ní raibh gach duine sásta leis an athbhrandáil. Cháin polaiteoir sinsearach de chuid Thóraithe na hAlban, Liam Kerr, an polasaí nua dátheangach: “The fact this is nation-wide will raise questions around whether this is an appropriate use of precious police time and resources.

“Taken to its logical conclusion, the north-east ought to have a Doric logo rather than Gaelic.”

Nach ait go mbíonn fear a bhfuil “Liam” air ag tabhairt amach faoi Ghàidhlig?

Agus nach aite arís go mbíonn “Doric” – canúint phobal na n-ísealchríoch – ag na Tóraithe in Albain mar bhata in éadan na Gàidhlig mar a bhíonn Ultais ag an DUP in Ulaidh in aghaidh na Gaeilge?

Amhrán ollscoile

Tá Ionad an Léinn Éireannaigh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag eagrú sraith ceardlann san amhránaíocht ar an sean-nós. Beidh an chéad cheardlann ar siúl Dé Céadaoin, ag 7 p.m. Beidh cúig cheardlann ar fad ann.

Is í Sarah Ghriallais a bheidh i mbun an cheoil, Amhránaí Cónaitheach ar an Sean-nós de chuid na hollscoile. Is as Conamara di agus bhuaigh sí Corn Uí Riada. Tá na ceardlanna saor in aisce agus fáilte roimh chách.