Iniúchadh an Mhachnaimh

Is dócha gur chóir ‘smaointeoir’ a thabhairt air, ach ní thugann sin aon nod dúinn maidir leis an scóipiúlacht mhachnaimh a chleacht sé

George Steiner. Grianghraif: Frank Miller/The Irish Times

George Steiner. Grianghraif: Frank Miller/The Irish Times

 

Nuair a mhúsclaíonn tú ar maidin seoltar cinnlínte na nuachta isteach id chluasa ó raidió éigin. An stuif laethúil: cabaireacht faoi rialtas a chur le chéile, tuilte móra i lár na tíre, aighneas faoi rud éigin a dúirt an boc seo nó siúd, leithscéal ó dhuine amuigh ansin a bhreac rud éigin tarcaisneach ar mheán sóisialta éigin deich mbliana ar ais, cónaidhm na bhfostóirí ag gearán go bhfuil ardú beag bídeach le fáil ag oibrithe, timpist bhóthair i lár na tíre, suirbhé a léiríonn go bhfuil daoine a dhéanann gáire níos sona ná iad siúd a bhfuil pus orthu, agus ansin mar eireabaillín ar deireadh thiar, fógra go bhfuair drumadóir éigin le rocghrúpa éigin aniar as na 70í bás.

Níor airigh tú riamh puinn ina thaobh, ach an oiread is a d’airigh tú faic mar gheall ar an réalta scannán úd a raibh páirt aici i scannáin nárbh eol duit iad a bheith ann a bhásaigh an tseachtain roimhe sin, ná an t-aisteoir a bhíodh sa tsobaldráma seo a chonaic na milliúin a d’imigh uainn mí ó shin. Mar sin féin, luaitear iad mar chuid de nuacht an lae, agus cromann tú síos go híseal le neart do chuid aineolais. Is é nach gcloistear riamh aon lua á dhéanamh ar fhisiceoir mór le rá a d’éag, nó ar fhealsamh ardéirimiúil, nó ar scríbhneoir mórcháile nár bhain an duais Nobel ach a chuaigh i bhfeidhm ar an litríocht mar sin féin.

Ní móide gur bhain George Steiner le ceann ar bith de na catagóirí sin agus is de thimpist a d’airigh mé go bhfuair sé bás. Saoi ildánach ilteangach ba ea é go rachadh sé dian ort a shainiú cén réimse foghlama laistigh den léann daonna lenar bhain sé. Is dócha gur chóir ‘smaointeoir’ a thabhairt air, ach ní thugann sin aon nod dúinn maidir leis an scóipiúlacht mhachnaimh a chleacht sé.

Mar dhuine a tógadh go trítheangach agus a chaith blianta a óige i bPáras, d’éirigh lena mhuintir - ar Ghiúdaigh iad - éalú ón gcathair sin mí sular ghabh na Gearmánaigh í, Bealtaine 1940. Deireadh sé gurbh é féin agus buachaill eile an t-aon bheirt ina rang a tháinig slán ón Uileloscadh, agus gurbh é an t-ár sin a bhí ina ghósta os a chionn i gcaitheamh a bheatha. Bíodh gur chaith sé a shaol le litríocht, le fealsúnacht, leis na healaíona bhí amhras air maidir lena gcumas chun leasa an duine: ‘Tá’s againn gur féidir le duine Goethe agus Rilke a léamh sa tráthnóna, Bach agus Schubert a sheinneamh san oíche, agus éirí ar maidin chun dul i mbun a chuid oibre in Auschwitz.’

Más é ‘After Babel’ an leabhar is táscúla dá chuid, leabhar ina scrúdaíonn sé gnéithe den teangeolaíocht agus den aistriúchán, tá lé faoi leith agamsa le leabhar beag gairid nach bhfuil oiread sin tráchta air, ‘The Lessons of the Masters’. Scrúdú ar ealaín na múinteoireachta atá ann, agus tugtar faoi deara gur ‘ealaín’ an focal ar chuir sé treise leis mar mhalairt ar an oiliúint leamh, mheicniúil, thur, thirim, thomhas-lárnach, bhosca-thiceáiliúil, bhréageolaíoch, neamhanamúil, shamhlaíocht-mharbh, thuirse-chothaitheach, léannmhaslaitheach, mheabhair-mhoghsaineach, fhaiseanfhurasta, dí-aigeanta, mhiosúrbhách atá thuas go coitianta inniu.

Leabhar é a mhórann an teagasc mar an ghairm is airde ar domhan, agus cúis bhróid dó is ea gurb ionann an focal ‘rabbi’ agus ‘múinteoir’, seachas ‘sagart’. Beag an baol go n-iarrfaí ar aon mhac léinn i mbun oiliúna anois leabhar mar é a léamh, sa chaolsheans fánach sin go mbeadh a fhios ag roinn oideachais gurb ann dó.

Mhaígh sé go raibh mórán leabhar eile le scríobh aige, ach déarfadh a lucht leanta gur leor de ghaisce ar chuir sé i gcrích.