In am dul i ngleic leis an ‘lúb ar lár’

Dul chun cinn déanta ó thaobh soláthar oideachas trí Ghaeilge ach nach bhfuil sé in am polasaí a chumadh don earnáil ina iomláine?

FOCLÓIR: Alt - article, beartas - policy, tréimhse - period, cinnteacht - certainty, soláthar - provision, aitheantas - acknowledge, fíric - fact, tuismitheoirí - parents, Déardaoin - Thursday, tacaíocht - support, freagracht - responsibility, sainmhíniú - definition, lúb ar lár - missing link.

Agus an t-alt seo á scríobh tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú tagtha ar mheon an Stáit i leith soláthar oideachais trí Ghaeilge. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tAire Oideachais Joe McHugh tar éis rud a bhaint amach nár éirigh le haon Aire Oideachais a dhéanamh roimhe - é a chur ina luí ar an státchóras glacadh leis mar bhun phrionsabal go bhfuil sé de cheart ag cách oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil.

Beartas nua

Dé Máirt seo caite, d’fhógair an tAire Oideachais beartas chun cur leis an soláthar oideachais trí Ghaeilge.

READ MORE

Bunófar scoil Ghaeilge i limistéar pleanála scoile nuair atá gá le scoil nua agus nuair nach bhfuil aon soláthar don ghaeloideachas ann cheana féin.

Má bhíonn níos mó ná scoil amháin le bunú thar thréimhse na mblianta 2019-2022, beidh ar cheann amháin - ar a laghad - a bheith ina Ghaelscoil.

Fógraíodh freisin go mbeidh cúig scoil nua atá le hoscailt sa tréimhse 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt an tAire McHugh gur theastaigh uaidh “cabhrú le dul i ngleic leis an neamhchothroime atá ann san fháil ar an nGaeloideachas.”

“Is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh tuilleadh rogha ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí agus go mbeidh tuilleadh cinnteachta ag tuismitheoirí maidir leis an bhfáil atá ann ar an nGaeloideachas dá leanaí,” a dúirt sé.

Ceisteanna

Tá ceisteanna fós le freagairt.

Más fíor do na mionsonraí a luadh ag bun fhógra na Roinne ar an Mháirt, ní gá go dtógfaí scoil lán Ghaeilge sa chás nach bhfuil aon soláthar déanta cheana féin do oideachas il-sainchreidmheach Béarla sa cheantar.

Más fíor é seo nach é an sean pholasaí céanna arís é?

Ach tríd is tríd, agus lena gceart a thabhairt do phatrúin an ghaeloideachais cuireadh fáilte roimh an nuacht.

“Lá mór seo don oideachas lán-Ghaeilge” a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra Ard-Rúnaí, An Foras Pátrúnachta, gur léirigh sé go raibh tuiscint anois ann go raibh éileamh ag tuismitheoirí ar oideachas trí Ghaeilge.

“Tá siad ag tabhairt aitheantais don fhíric nach bhfuil dóthain scoileanna lán Ghaeilge ann.”

Ach ní mó ná sásta a bhí Educate Together leis an nuacht. Dúradar go raibh ionadh orthu an scéal a chloisteáil. Srian a bheadh sna rialacha nua, a deir siad, ar chumas tuismitheoirí teanga teagaisc a bpáistí a roghnú. Dar ndóigh, is maith a thuigeann pobal na Gaeilge an pointe seo.

Aonaid Ghaeilge

Ach, dá fhad é an lá, tagann an oíche. Ba ghearr gur tháinig conspóid aniar aduaidh ar earnáil oideachais na Gaeilge.

Déardaoin seo caite, ghlac mic léinn Choláiste Lú i nDún Dealgan páirt in agóid faoin laghdú agus an imeallú a dúradar atá tar éis teacht ar líon na n-ábhar atá á múineadh trí Ghaeilge sa scoil.

Aonad Gaeilge í Coláiste Lú atá faoi riar ag an mháthair scoil, Coláiste Chú Chulainn atá ina scoil nua lán Bhéarla atá lonnaithe i lár an bhaile. Amannta tugtar “sruth” ar a leithéid de shocrú.

Tá suas le 13 Aonad ag feidhmiú sa tír faoi láthair agus tá siad uile éagsúil. Tá na cúinsí faoinar bunaíodh iad ar fad éagsúil óna chéile. Ní amháin sin ach níl fáil ar sainmhíniú oifigiúil ar cad is Aonad ann.

Cuirtear san áireamh iad sa phróiseas mar chéim i dtreo gaelcholáistí a bhunú - ach cén mhaitheas é sin mura bhfuil na tacaíochtaí cuí ar fáil don Aonad?

Mar a deir Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach gníomhach le Gaeloidachas: “Bíonn an baol ann i gcónaí nuair atá scoil ag freastal ar phobal mionlaigh laistigh de mór-phobal na scoile go bhféachfaí air mar a bheadh rud atá ag sú acmhainní ón mháthair scoil.”

Tá “cuid acu ag feidhmiú gan aon tacaíocht sa bhreis agus roinnt eile ag feidhmiú le cúinsí níos fabhraigh.”

Dar ndóigh bíonn brúanna eile ar phríomhoidí na máthar scoil. Ní gá gurb iad na tosaíochtaí céanna atá acu siúd agus atá ag muintir an Aonaid.

Anuas ar sin, tá fadhb ann ó thaobh próiseas pátrúnachta de. Is trí chomórtas poiblí a chinntítear cén t-eagras a fhaigheann cead ón Roinn scoil a reachtáil.

Níl gá cumas, tiomantas, taithí nó tuiscint ar leith a léiriú ó thaobh cúrsaí teanga de, rud a bheadh fíor thábhachtach, cheapfá, chun inniúlacht agus oiriúnacht a chruthú.

Polasaí 

Léiríonn na fadhbanna a bhaineann leis na hAonaid Ghaeilge go soiléir go bhfuil sé thar am polasaí oideachais náisiúnta a chumadh don earnáil Ghaeilge ina iomláine.

“Faoi láthair ‘séard atá muid ag déileáil leis ná polasaí do oideachas trí Bhéarla agus tá an t-oideachas trí Ghaeilge ag teacht mar a bheadh aguisín leis sin i gcónaí,” a deir Caoimhín Ó hEaghra.

“Teastaíonn polasaí oideachais lán Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil soláthar ann, chun cinntiú go bhfuil sé á reachtáil i gceart, go bhfuil leanúnachas ann ón naíscoil go dtí an bhunscoil go dtí an meánscoil agus b’fhéidir ar aghaidh.”

Ar nós Ó hEaghra, creideann Clare Spáinneach freisin go bhfuil gá le polasaí oideachais Gaeilge.

“Ceann de na rudaí ar mian linne mar eagras a lorg ón Roinn,” a deir sí, “ná go mbeadh polasaí ann don oideachas lán Ghaeilge trí chéile.”

Macasamhail den pholasaí don oideachas Gaeltachta a bheadh ann, ar sí, “ach do na scoileanna atá ag feidhmiú lasmuigh den Ghaeltacht - ionas go mbeadh an cur chuige comhtháite sin ann.”

Faoi láthair d’fhéadfaí a rá gur scoil aonair í gach scoil lán-Ghaeilge.

“Tá pátrúnachtaí éagsúla acu, tá cúinsí áitiúla éagsúla acu agus tá siad ag brath cuid mhór ansin ar dheá thoil dhreamanna éagsúla, an Roinn ina measc, le rudaí a choinneáil ag imeacht,” a deir Clare Spáinneach.

Ach, dá mba rud é go raibh polasaí ceannródach ag an Roinn maidir le hoideachas lán Ghaeilge - ón naíonra go dtí an t-iarbhunleibhéal, “bheadh sé sin ina chabhair ollmhór.”

Oideachas na luathbhlianta

Ceist eile a bhí sa nuacht le tamall anuas ná an dúshlán atá ann ó thaobh oideachas na luathbhlianta.

Tá ceist ann maidir le dearbhú cáilíochtaí agus ar nós na nAonad Gaeilge, níl fáil go héasca ar shainmhíniú oifigiúl ar céard go díreach is naíonra ann - agus níl sé soiléir cé ar cheart cigireacht a dhéanamh orthu.

B’fhéidir toisc an rath atá ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta go dtí seo go dtuigfidh an Roinn gurb fhiú dul i ngleic leis an “lúb ar lár”, mar a thugann Clare Spáinneach air, atá san earnáil oideachais tri Ghaeilge.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.