Inár nAice

Beidh liobrálaigh dheasa ann a chuirfidh in aghaidh an chinnidh chiallmhair

Ard-Eaglais Naomh Cainneach

Ard-Eaglais Naomh Cainneach

 

Nach maith mar a chuir muintir Chill Chainnigh agus An Bhoird Phleanála cosc leis an tsionagóig mhór agus leis an láthair fhairsing Ghiúdach a bhí ceapaithe don chathair acu. Is iad a bhí misniúil mar ceapadh go raibh deireadh go deo leis an bhfrithSheimíteachas fadó riamh. Ní foláir nó bhí roinnt daoine sa phobal a bhí cróga go leor leis an solas a fheiceáil faoi dheireadh. Caithfidh go raibh an t-eagrán is déanaí de ‘Prótocal Sheanóirí Shíóin’ léite acu, agus a cheacht foghlamtha. Mura ndéantar iad a stop anois, is gairid go mbeidh an domhan go léir faoina smacht acu.

Ar a laghad bhí siad cliste go leor leis na cúiseanna cearta a aimsiú. Sa lá atá inniu ann ní féidir leat do chuid claonta a nochtadh go hiomlán. Caithfear iad a fheistiú san éadach is fearr agus snas deas béasach a chur ar an rud atá id chroí. Dá réir sin, in áit a rá nár theastaigh uathu go mbeadh sionagóig i lár an phobail acu, agus nár mhaith leo go mbeadh Giúdaigh mar chomharsana óir d’ísleodh sé praghas agus luach a gcuid tithe, bheartaigh siad ar sheift níos caolchúisí ar fad.

Tharraing siad chucu na leithscéalta ba sháimhe ba shéimhe agus ba shibhialta. Beart thar a bheith cliste, óir níorbh fhéidir a rá go lom nár theastaigh uathu go mbeadh Giúdaigh in aon phobal leo, nó ag súgradh lena gcuid páistí, nó go raibh siad salach agus cáidheach agus míbhéasach agus go raibh nósanna aisteacha acu agus gan fhios cad a dhein siad ina dtithe féin.

Ina ionad sin, mhaígh siad go mbeadh an tsionagóig rómhór agus an t-ionad oidhreachta Giúdach rófhairsing, agus go gcuirfeadh sé isteach ar an trácht bóthair, agus nár oir sé don chomharsanacht, agus nach mbeadh sé ag teacht leis an timpeallacht, agus nach raibh aon ghá leis go díreach anois, agus go raibh slite eile lena dhéanamh, agus nach raibh an t-am ceart ann chuige, agus go mbeadh daoine offindid, agus nár bhain lena gcultúr, agus go díreach nach raibh sé CillChainneachúil go leor. Ba chuma, ach tá an méid seo ar fad fíor, ach ní hé an réiteach deiridh ar an scéal ach an oiread é.

Feiceann tú Giúdaigh ar na sráideanna anois ar shlí nach bhfeictí cheana. Féasóga orthu, cuid acu néata is fíor, ach cuid eile mar atá san ealaín is fearr a léirigh Íosa riamh. Féasóga fada mar a bhí ar Mhaois, gan amhras. A gcuid ban, go bhfóire Dia orainn, shílfeá gur mná rialta iad ar seachrán ón gclochar, nó ón ngeiteó. Éadaí aisteacha mar a bhíodh ar dhaoine sa mheánoirthear áit ar lonnaigh an creideamh eiriciúil seo fadó.

Beidh liobrálaigh dheasa ann, gan amhras, a chuirfidh in aghaidh an chinnidh chiallmhair a déanadh gan sionagóig ollmhór agus ionad oidhreachta gan teorainn a thógáil i gCill Chainnigh. Gheobhaimid bladar milis uathu maidir le caoinfhulaingt agus le hoscailteacht agus le fáilte agus le hinchlúisibhití, ach cé a chreideann an stuif sin lándáiríre, seachas an duine nó beirt a scríobhann eagarfhocail sna nuachtáin? Agus níl aon duine a chreideann go gcreideann siad sin siúd ach an oiread.

Och, mo léan! Nuair a bhí seo scríte agam, dúirt cara díograis liom ag féachaint thar mo ghualainn nár cuireadh aon chosc ar shionagóig i gCill Chainnigh, agus gur mosc a bhí le bheith ann! Nár mhise an breallsún! Ach ina dhiaidh sin, d’fhiafraigh mé dhe, ‘ach nach Seimítigh iad ar fad, Giúdaigh agus Arabaigh? Nach ionann iad le fírinne?