Imeall na faille

Aireoidh mé uaim Kevin Myers mar thugadh sé fuinneamh dom


Iontas seachtaine ba ea cás Kevin Myers agus na himeachtaí a lean a dhíbirt ón Sunday Taidhms. Daoine áirithe ag rince le háthas, cuid eile á chosaint. Ceist eile is ea na prionsabail a mhúsclaíonn an eachtra, agus beifear tamall á gcíoradh.

Táim féin ar dhuine de na daoine sin nár aontaigh le hoiread is siolla dá chuid ó chromas ar a léamh siar sna meánaoiseanna nuair a bhí na smaointe a chuir sé os ard réimiúil.

Go deimhin, scríobhas colúin ag cur go tréan in aghaidh na maslaí a chaith sé go mion le gach n-aon dar shnámh ar bholg na talún; agus fairis sin, ceapaim go raibh litir thall is abhus uaim ag iarraidh mo rachtanna a chur suas is anuas lena chuid féin.

Mar sin féin, aireoidh mé uaim é. Aireoidh mé uaim é mar thugadh sé fuinneamh dom. Tar éis dom é a léamh thagadh riastradh Chú Chulainn orm agus ba róbhaol d’ainmhí bocht ar bith a bhí im ghaobhar. Ach bhíos in ann aghaidh a thabhairt ar an lá le díocas nach mbeadh agam dá léifinn, abraimis, eagarfhocal leamh – agus bíonn gach eagarfhocal leamh, is mar sin a rugadh is a tógadh iad.

READ MORE

Bhínn ag coinne leis an masla seachtainiúil. Is é a bhí offinsibh do mhórán an uile ní a bhfuil meas agam air, agus is é a bhí glic agus cliste ag piocadh agus ag roghnú na samplaí aduaine a chruthaigh a chás. Cad a dhéanfaidh lucht na Gaeilge á cheal? Nárbh é ba mhó a léirigh don saol má bhí sé id choinne nach foláir nó bhí rud éigin le rá ar do shon?

Bhí foréigean Éirí Amach 1916 gránna agus barbartha agus domhaite, ach bhí foréigean an Somme go breá, go beannaithe, go glórmhar, go hinchomórtha.

Marú Éireannach go dona; marú Sasanach go maith. Dhíol sé an teachtaireacht shimplí seo ar feadh na mblianta, agus bhíothas ann a bhí réidh ullamh géilleadh dó.

Is é nár thuig siad gur cuid den phacáiste céanna ba ea gach a ndúirt sé. Lig sé air nár chuid den bhunaíocht é, ach ba bhunúla an bhunaíocht bhunaithe lenar bhain ná aon aicme eile.

An seamsán céanna – go bhfuil na nuachtáin faoi smacht ag an eite chlé agus ag an gcréatúr diamhair sin, 'an ceartas polaitiúil'. An nuachtán seo, an Irish Examiner, an Independent, Belfast Telegraph, foilseacháin Murdoch…ar an eite chlé! Ba mhinic breall orm, ach sa chás seo…

Seachas an fuinneamh sin a thug sé dom, bhí a chuid claonta chomh soiléir sin gur mó an mhaitheas a rinne siad ná a mhalairt. Má shiúil sé chomh gar sin d’imeall na faille, níorbh aon iontas go séidfeadh poc gaoithe le fána é uair éigin.

Mar sin féin, is í ceist í atá ag sonadh agus ag seordán, an bhfuil cead ag duine na tuairimí a raibh Myers chomh líofa ina mbun a chur os ard? Mo thuairim féin, go bhfuil.

Scríobh sé in aghaidh ‘éatas’ an nuachtáin agus bhí sé go minic d’aon ghnó déarfá, offinsibh.

Cén argóint, mar sin, atá in aghaidh na cinsireachta déine a bhí sa Stát seo ar feadh leathchéad bliain? Is mó sin leabhar ar cuireadh cosc leis toisc gur chuir sé gráin agus múisc ar dhaoine. Is deimhin go raibh siad offinsibh do léitheoirí caoine dea-bhéasacha, agus is iad a bhí in aghaidh éatas sciar mór den phobal.

Dhein John Milton áiteamh láidir ar son saoirse cainte agus scríbhneoireachta sa 17ú haois. ‘Cead cainte do chách’ ar seisean go lánláidir – ‘ach amháin do Chaitlicigh!’

Níor athraigh puinn. Bíonn – ‘ach amháin’ – ann i gcónaí.