Iarracht ar phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath a nascadh le chéile

Líonraí nua Gaeilge imeasc lucht gnó beartaithe le ‘BÁC le Gaeilge’

 

FOCLÓIR: Deontas - grant; borradh - growth; ar an bhfód - established; tomhas - measure; éileamh - demand; ganntanas - shortage; soláthar - provision; tráthrialta - regularly; ceilt - concealment; urchar méaróige - stone’s throw.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil €325,000 de dheontas ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta chun togra a fhorbairt a chuirfeadh borradh faoi úsáid na Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Baile Átha Cliath le Gaeilge (BÁC le Gaeilge) atá ar an togra nua agus tá sé beartaithe leagan amach a cheapadh a bheadh bunaithe, a bheag nó a mhór, ar mhúnla Ghaillimh le Gaeilge. Scéim í sin a bunaíodh sna 1980dí chun an teanga a thabhairt chun suntais i saol laethúil na cathrach sin.

Tá roinnt scéimeanna nó tograí ar nós Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód i roinnt áiteanna eile freisin - i gCill Dara, i Maigh Eo agus i mBéal Feirste. Ach cén fáth go bhfuil gá leis i mBaile Átha Cliath agus céard go díreach a bheadh in ann don chathair lena leithéid de scéim?

“Tá gá leis ar an chéad dul síos toisc go bhfuil an oiread sin Gaeilgeoirí ann agus tá fadhb ann nuair nach bhfuil deis acu seirbhísí laethúla a úsáid,” a dúirt Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir BÁC le Gaeilge.

“An fhís atá againn ná clár gníomhaíochtaí a chur amach a chinnteodh go mbeadh an teanga le cloisteáil agus le feiceáil níos mó i gcathair Bhaile Átha Cliath.”

Cé nach cathair dhátheangach í Baile Átha Cliath, tá pobal mór Gaeilge lonnaithe inti mar a deir Ó Nualláin. I ndiaidh Contae na Gaillimhe agus Dún na nGall, tá Contae Bhaile Átha Cliath anois ar an tríú contae is airde ó thaobh céatadán na gcainteoirí a labhraíonn Gaeilge go laethúil.

Bealach amháin leis an fhás sin a thomhas ná an t-éileamh a bhíonn ar áiseanna agus ar sheirbhísí sa chathair.

Tá fás tar éis teacht ar líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge mar shampla ach mar sin féin níl ceantar ar bith sa chathair nach bhfuil ganntanas éigin ann ó thaobh soláthar scolaíochta.

Ach taobh amuigh den chóras oideachais, ní fheictear mórán rian den teanga go hoscailte sa phríomhchathair, ach go háirithe i gcómhthéacsana tráchtála.

Is minic é ráite go bhfuil easpa feiceálachta agus ganntanas deiseanna chun an teanga a úsáid go poiblí ar chuid de na deacrachtaí is mó a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil sa phobal.

Mar atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge le tríocha bliain anuas nó mar sin, is éard atá i gceist le ‘BÁC le Gaeilge’ ná an teanga a thabhairt chun suntais trí dhul i bpáirtíocht le lucht gnó.

“Tá gníomhaíochtaí leagtha amach againn chun na spriocanna seo a bhaint amach thar thréimhse thrí bliana,” a dúirt Ó Nualláin. Cuirfear cabhair ar fáil do chomhlachtaí an teanga a úsáid go feiceálach ina ngnó laethúil trí Ghaeilge a úsáid ar chomharthaí, ar láithreáin ghréasáin, ar fhógraí agus ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna.

Tá sé beartaithe freisin gnólachtaí a chur ar an eolas faoi sheirbhísí agus áiseanna eile atá ar fáil cheana féin. “Tá a lán seirbhísí ann atá saor in aisce,” a dúirt Ó Nualláin.

Obair fhadtéarmach a bheidh ann na riachtanais ar fad a sholáthar dar ndóigh, ach tá sé socraithe go dtabharfaidh BÁC le Gaeilge faoi chuid den obair sin go pras. Mar cheann de mhór-spriocanna an togra bunófar agus cothófar líonraí gnó.

“An bealach le sin a dhéanamh ná teagmháil tráthrialta a bheith againn leis na gnólachtaí seo agus tacaíocht a thabhairt dóibh,” a dúirt Ó Nualláin.

Ar nós na Gaillimhe, méadófar ar úsáid na Gaeilge freisin de réir mar a bheidh forbairtí nua, bóithre nua agus páirceanna nua á n-ainmniú.

Déanfar cuid mhór den obair seo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tá an Chomhairle Cathrach ag cur €90,000 ar fáil mar mhaoiniú. Anuas ar dheontas Roinn na Gaeltachta beidh breis agus €400,000 san iomlán ar fáil don togra thar thréimhse trí bliana.

Déanfar go leor den obair atá beartaithe i gcomhar leis an Chomhairle Cathrach agus ar cheann de na haidhmeanna is mó suntais b’fhéidir, tá an smaoineamh “Gaeltacht Bhaile Átha Cliath” a bhunú.

Tá roinnt mhaith oibre déanta cheana féin ag Conradh na Gaeilge agus tagann ceantar nó ceathrú Gaeltachta le ceann de na spriocanna atá leagtha amach mar chuspóir i ndréachtphlean forbartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tarraingeofar ar eiseamláir Bhéal Feirste maidir leis an gcuspóir áirithe sin. Cuirfear béim ar an teanga a bheith le feiceáil i ngnólachtaí sa cheantar máguaird.

Táthar ag súil go mbeidh sé seo i bhfoisceacht urchar méaróige d’ardoifig stairiúil Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, nó ‘Uimhir a 6’ mar a thugtar air.

“Tá sé mar chuid de na moltaí atá sa dréacht plean forbartha ach caithfidh muid cinnte a dhéanamh de anois go dtógfar san áireamh é sa phlean deireanach,” a dúirt Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge le fada an lá go ndéanfaí forbairt ar Uimhir a 6 chun áis shuáilceach lárnach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. “Tá cead pleanála faighte againn chun é sin a dhéanamh ach níl muid ag an bpointe fós go bhfuil muid ag tógáil,” a dúirt de Spáinn.

Cé go bhfuil cáil ar an siopa leabhar atá ann, tá gá le níos mó a chur ar fáil.

“Aithnítear go forleathan go bhfuil rud éigin ag teastáil chun i bhfad níos mó seirbhísí ná mar atá ann faoi láthair a chur ar fáil. An cupán caife mar shampla, áit éigin le páistí a thabhairt, amharclann a thógáil - go leor de na háiseanna nach bhfuil ann faoi láthair.

“Sílim go bhfuil cáil ar an bhfoirgneamh mar gheall ar an gclub b’fhéidir níos mó ná aon rud eile. Ach sílim nuair atá aird [ ar ionad ]atá lonnaithe go lárnach a chuireann i bhfad níos mó imeachtaí agus áiseanna ar fáil go gcabhróidh sé sin go mór linn an pobal a nascadh le chéile anseo sa chathair,” a dúirt sé.

Go dtí seo tá roinnt gnólachtaí ar nós Bar Rua ar Shráid Clarendon agus ag Murphy’s Ice Cream ar Shráid Chill Mhantáin tar éis an teanga a úsáid as a stuaim féin ach beidh tacaíochtaí breise ar fáil amach anseo.

Imeasc na gcuspóirí eile atá ag BÁC le Gaeilge tá córas a bhunú i bpáirt leis an Chomhairle Cathrach chun tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge ar aghaidheanna siopaí.

Le fada an lá tá oidhreacht shaibhir na staire agus bunús logainmneacha agus ainmneacha na mbailte fearainn i mBaile Átha Cliath á gceilt.

Rud eile a mbeidh fáilte roimhe mar sin ná córas chun a chinntiú go n-ainmneofar forbairtí nua ar nós eastát tithíochta i nGaeilge. Tarlóidh sin de réir a chéile a deirtear.

Ar cheann de na smaointe atá á bplé faoi láthair tá an smaoineamh suaitheantas an nós an fháinne a chur ar fáil a thabharfadh le fios go bhfuil Gaeilge ag fostaithe a bhíonn ag plé leis an bpobal.

“Tá muidne ag iarraidh go mbeadh rud éigin chomh haitheanta céanna i mBaile Átha Cliath agus go bhfeicfeadh daoine go soiléir go bhfuil Gaeilge ag an duine seo, agus gur féidir gnó a dhéanamh as Gaeilge leis an duine sin,” a dúirt Ó Nualláin.

* Is féidir dul i dteagmháil le BÁC le Gaeilge ag micheal@cnag.ie