Greannáin ar son na léitheoireachta

Tá tábhacht leis an fhocal scríofa agus leis an ghreannán daite


Nuair a bhí mé sa bhunscoil rinne ár múinteoirí beag is fiú de na greannáin. B'fhearr leo go mór na leabhair chlasaiceacha ar nós Gullivers TravelsTreasure Island.

Agus mé cúig bliana d’aois bhí mé, cheana féin, ag iarraidh téacs an Beano a léamh. Ó bhí pictiúir sa ghreannán, ní ródheacair a bhí sé ciall an téacsa a thabhairt liom.

Bhain mé an-taitneamh go deo as imeachtaí Biffo the Bear, Dennis the Menace agus Lord Snooty, an múiteálaí ó Eton lena hata ard, báschóta agus carbhat cuachóige.

San am sin bhí mo dheirfiúr, a raibh ceithre bliana aici orm, ag léamh an School Friend. Níorbh fhada go ndearna mé féin iarracht an greannán seo a léamh freisin.

READ MORE

Is maith is cuimhin liom The Silent Three, sa ghreannán sin: triúr cailíní i scoil chónaithe St Kits a tháinig le chéile chun an ceann is fearr a fháil ar phríomh-mhaor na scoile a bhí ina cladhaire cruthanta.

Chaith siad mascanna a raibh uimhreacha orthu agus fallaingeacha glasa faoi húdaí agus iad ag imeacht os íseal ar feadh dorchlaí rúnda na seanscoile chun cothrom na Féinne a bhaint amach.

Le himeacht aimsire tháinig mé ar éagsúlacht ghreannán. I rith fhómhar na bliana ba mhinic a rinne buachaillí agus cailíní malartú ar na greannáin ar lic a ndoirse.

Bhí luach ar leith ag gach uile ghreannán: ba bheag an luach a bhí ar leithéid an Beano agus an Dandy, murab ionann agus the Eagle a d'fhéadfá a mhalartú ar thrí nó ceithre Beanos.

Greannán den chéadscoth ba ea the Eagle a raibh dath snasta air ina raibh cur síos ar "Dan Dare: pilot of the future".

Bhí an-tóir go deo ar ghreannáin Dell ó Mheiriceá ina raibh cartúin Disney ar nós Mickey Mouse agus Bugs Bunny ach bhí mé féin den tuairim go raibh na greannáin seo leamh i gcomparáid leis na DCs.

Sna DSs bhí laochra de gach uile shaghas a raibh cumhachtaí ar leith acu agus iad ag tabhairt catha in aghaidh na coiriúlachta.

De ghnáth chaith siad uile riteoga faoi bhrístí fáiscthe, trínar léir na matáin mhóra. Sa tsraith seo bhí Superman, Batman Wonder Woman, srl.

Superman

Thaitin Superman go mór liom féin. Bhí ar a chumas eitilt ar luas an tsolais agus fiú an domhan mór féin a athshuíomh ar a ais má ba ghá, ach a bhí faoi luí na bíse ag kryptonite, a d’fhág chomh lag le piscín é.

Cé go raibh tóir ar na greannáin Mheiricéanacha seo, bhí tóir níos mó fós ar na ‘Sixtyfourers.’ Bhí an t-ainm seo orthu de bharr go raibh trí scór is ceithre leathanach i ngach uile ghreannán, de ghnáth.

Greannáin chogaidh is mó a bhí sa tsraith Shasanach seo ina raibh scéalta mar gheall ar El Alamein nó Cath na Breataine féin.

Bhí ealaín den chéadscoth iontu agus ba mhinic a cheannaigh m’athair ceann nó dhó dom mar go raibh an-suim aige sna heitleáin – go háirithe eitleáin throda an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí an comhrá iontu méaldrámatach agus bladhmannach: “Thank God Carruthers is only in the drink. I thought the poor blighter’d bought it!”

Iris amháin a mhol ár múinteoirí a léamh ná Our Boys. D'fhoilsigh na Bráithre Críostaí an iris seo. Bhí mé féin ag freastal ar Chaisleán Druimní agus b'iad na Bráithre Críostaí ár múinteoirí.

Ní nach ionadh, thug siad amach an Our Boys a raibh ceithre seanphingin an ceann orthu. Bhí mianach na hirise seo dona go leor i gcomparáid leis na greannáin Shasanacha.

Léamar mar gheall ar Murphy and Co. leagan Gaelach de leithéid Billy Bunter as Greyfriars nó Tom Merry as St Jims.

Scéalta san Our Boys a spreag mé féin agus mo chomhdhaltaí scoile, ná an tsraith Kitty the Hare.

Scríobh an drámadóir Victor O’ Dean na scéalta Gotacha seo a d’inis seanbhean siúil: “Twas a bitter cold November night when O’Flaherty saw the ghost of his Aunt Sarah in the byre, her teeth stripped in a terrible kinda grin, God help us!”

Bhí forábhar as Gaeilge leis an Our Boys dar teideal Tír na nÓg. Ba ann a bhuaileamar le Taidhgín Tréan an Leanbh Láidir agus Cúinne Uncail Phóil.

Chuidigh an iris seo le foghlaim na Gaeilge.

Cúpla bliain ó shin bhí mé i nDùn Dè (Dundee) in Albain. Ba ann a chonaic mé ceanncheathrú Thompson and Thompson a d'fhoilsigh the Beano.

B'ionadh liom cé chomh cosúil is a bhí sráideanna agus cosáin Dhùn Dè leis na sráideanna a d'fheictí sa Beano. Bhí mé ag súil leis na Bash Street Kids nó Denis the Menace a fheiceáil agus iad ag baint tuisle asam.

Cé go gcuirim luach ar na leabhair chlasaiceacha beidh mé de shíor faoi chomaoin ag na greannáin a spreag m’intinn óg agus a thug caoi dom snas a chur ar m’aistí scoile.