Gradam drámaíochta bronnta ar Róisín Sheehy


Róisín Sheehy – file, rinceoir, scríbhneoir agus drámadóir – a bhuaigh Gradam Gaeilge Stewart Parker BBC Thuaisceart Éireann i mbliana, gradam a bhronntar ar shaothar nua drámaíochta ar ardchaighdeán.

Snámh na Saoirse is ainm dá dráma buach, saothar “filiúnta samhlaíoch” a chuireann síos ar thragóid mara ar chósta Chiarraí sa bhliain 1909. Léirigh An Lab, an Daingean, Co Chiarraí, an dráma anuraidh. Is as Corca Dhuibhne ó dhúchas di agus tá conaí anois uirthi in aice le Loch Baile Uí Scanláin i bPort Láirge.

Ach ní drámaí amháin a bhíonn sí ag scríobh. Foilsíodh saothar próis agus filíochta dá cuid ar irisí ar nós, Comhar, Feasta, An tUltach agus Southword agus craoladh saothar eile dá cuid ar Sunday Miscellany, RTÉ, Radio 1.

Cuireadh oiliúint rince uirthi i gColáiste an Naigín, Baile Átha Cliath, agus tá sí cáilithe mar áisitheoir rince cruthaitheach leis an Laban Guild, Londain. Bhí a rince aonair Casadh mar chuid d’fhéile rince Aonarach le Chéile ar an Daingean i 2017. Chóirigh sí agus dhamhsaigh sí Súile Silteacha sa Rinn i 2016 agus Cibeal an Chaisleáin i gCaisleán na Minairde, Co Chiarraí. Ghlac sí páirt mar rinceoir i dtograí éagsúla in amharclann Garter Lane i bPort Láirge, sa Pavilion Theatre, Baile Átha Cliath, agus Ysgol Penglais sa Bhreatain Bhig.

READ MORE

Léirigh sí agus chur sí An Mhuir Shíoda i láthair, sraith clár do Raidió na Gaeltachta i 2016.