Go Leor

Bhí éadaí móra dearga air, ionas go bhfeicfí é, agus mála mór ar a dhroim ina raibh ollmhaitheasaí an tsaoil

 

Tharla, áfach, sna laethanta sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an domhan go léir fad a rith faoina smacht. Agus do ghluais na daoine go léir ionas go bhfeadfaí iad a áireamh bíodh nach raibh de chóir taistil acu ach camall nó asal na gcos. Agus chuaigh Seosamh ó Ghaililí suas go dtí an baile beag gránna ar a dtugtaí Beitlehem toisc go mba de shliocht Dháibhí é chun go ndéanfaí é a áireamh in éineacht le Muire a bhí ag iompar clainne.

Agus do tharla iad ann go dtáinig a haimsir chun an linbh a bhreith agus do rug sí a mac agus d’fhill sí in éadaí é, agus chuir sí ina luí go teolaí sa tuí é, mar ní raibh aon tslí dhóibh sa teach ósta, nó sin adúirt fear an tí leo cibé. An té a bhfuil creideamh aige, creideadh.

Agus bhí ceannaitheoirí sa cheantar céanna agus iad ag faire an mhargaidh istoíche agus isló ar a dtréad. Agus féach, tháinig giolla airgid chucu a raibh céim bainte amach sa bhfiontraíocht aige ó Ollscoil Iúdaéa, agus thuig go bhféadfadh go dtarlódh go raibh custaiméirí aige, mar is mó sin leanbh atá ina luí sa mhainséar a cheannóidh na hoirc is na hairc ach tamall a thabhairt dó.

Agus do tharla gur labhair lucht na siopaí móra lena chéile agus is ea adúirt: ‘Téimis go Beitlehem agus feicimis an seans seo a tharla ann, mar a thaispeáin an margadh dúinn,’ agus tháinig siad ar luas, agus fuaireadar Muire agus Seosamh agus an leanbh ina luí sa mhainséar. Agus choinníodar na labhartha go léir a bhí ina gcroí acu dóibh féin mar bhí rudaí eile le rá acu a bhí i bhfad níos milse a thuigfeadh an saol.

Agus do bhí fear amháin acu a bhí i bhfad níos fearr i mbun an chúraim ná aon duine eile agus thuirling sé ina measc óna charr sleamhnáin ar luas, óir nuair a chonaic sé deis le tapú, thapaigh sé an deis. Bhí éadaí móra dearga air, ionas go bhfeicfí é, agus mála mór ar a dhroim ina raibh ollmhaitheasaí an tsaoil.

Agus do shéid sé a thrumpa agus bhuail a chuid cloigíní agus sheol isteach san áit a raibh an leanbh agus a mháthair agus Seosamh agus leag os a gcomhair amach a raibh aige le díol.

Agus do bhí, gan bhréig: Nintendo Labo xxPhD agus drón lámhspreagtha féintuisceanach agus liathróidí plasma agus uiscechliste kidizúm vteic agus sprek sféarach agus eolasmhar módachlaptracach agus líonra idirbhréagach agus cothromóid chloigeanncheoltach agus mogall inchuimhnte deaslabhrach amháin agus mionlampa numscoilneamheáite agus iontas simplí dí-armatach lánseolta agus Feiciup todhchaíoch gan áireamh agus Kipé2útféin agus eile agus do chuir an meangadh ba sholasmhaire air féin agus é ag triall ar an stábla.

‘Tá’s agam,’ arsa an fear deargbhán lena fhéasóg fhada uasal, ‘tá’s agam nach acmhainn daoibh oiread sin a cheannach anois, ach ní foláir cuimhneamh ar an aimsir amach romhaibh, an leanbh mic seo - atá go hálainn - gan amhras - beidh gá aige leis na hacmhainní seo nó beidh thiar air’.

Agus d’fhéach Seosamh air, agus is é a labhair go séimh: ‘Tuigim go maith go bhfuil job le déanamh agat, ach tuigim, leis, go bhfuil ár ndóthain againn anois, bia agus díon agus teas agus a bheith slán, go raibh maith agat.’

‘Ach…riachtanas is ea na nithe seo ar fad, an Tictendo Mumbo fxSó agus an…’

‘Ní dóigh liom gur airigh tú i gceart mé,’ arsa Seosamh, imir feirge ann cé gurbh fhear séimh é, ‘Tá ár ndóthain againn, is é sin, tá go leor againn, go leor.’

‘Ní thuigim “go leor”’, arsa an fear eile.