Gníomh de dhíth

Moltaí nach ndéanann ach aguisín de chúrsaí teanga agus Gaeltachta

Más fíor a rá go bhfuil fonn comhaontaithe ar cheannairí na trí pháirtí, ní gá go bhfuil an scéal céanna fíor faoina mbaill. Grianghraf: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

Más fíor a rá go bhfuil fonn comhaontaithe ar cheannairí na trí pháirtí, ní gá go bhfuil an scéal céanna fíor faoina mbaill. Grianghraf: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

 

FOCLÓIR: Spaighteanna feamainne - petty animosities, práinn - urgency, fágtha san abar - left in the lurch, sracfhéachaint - glance, tráithnín - piece of straw, fónamh - make use of, ráitis shollúnta - solemn statements, gan fasach - without precedent, lámh is focal - engaged.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil caibidil nua le hoscailt i stair na polaitíochta sa tír seo. Tá Fianna Fáil agus Fine Gael i mbun socraithe leis an gComhaontas Glas agus má éiríonn leis na cainteanna atá ar siúl faoi láthair, ní fada go mbeidh comhrialtas nua i gcumhacht.

Don chéad uair riamh i stair na tíre bheadh an dá pháirtí ba mhó ó bunaíodh an stát sásta a gcuid spaighteanna feamainne a chur ar leath taobh agus dul i rialtas le chéile. Shásódh seo a lán daoine ach bheadh a lán eile ina choinne.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil géarghá le rialtas. Tá an éigeandáil a bhaineann le Cóivid-19 fós faoi lán seoil agus tá an geilleagar titithe as a chéile dá bharr. Anuas ar sin, tá géarghá leis an timpeallacht a chaomhnú agus tá práinn ag baint le cúrsaí sláinte poiblí, cúrsaí tithíochta agus oideachais.

Níl mórán ann, cuma cén dearcadh polaitiúil a bheadh acu, a shéanadh an méid sin.

Ach más fíor a rá go bhfuil fonn comhaontaithe ar cheannairí na trí pháirtí, ní gá go bhfuil an scéal céanna fíor faoina mbaill. B’fhéidir go bhfuil lámh is focal idir na ceannairí faoi láthair ach beidh dúshlán mór orthu, do na Glasaigh go háirithe, na baill a mhealladh isteach i rialtas leis an dá dhream eile.

Tá idirbheartaíocht ar bun agus déanfar na geallúintí ach cé gur scéal suimiúil staire a bheadh i mbeartas nua idir Fianna Fáil agus Fine Gael, is baolach nach mbeadh sé i bhfad go bhfeicfí go bhfuil súiche tiubh ar thóin an phota.

Mar is eol go rí-mhaith do lucht na Gaeilge, ar minic dóibh a bheith fágtha san abar nuair nach gcuirtear gealltanais agus polasaithe rialtais i bhfeidhm, ní hionann geallúint a dhéanamh agus geallúint a chomhlíonadh.

Nuair a bhreathnaítear go fuarchúiseach ar an méid atá foilsithe ag na trí pháirtí le gairid agus iad ag druidim i dtreo a chéile, ní fhéadfaí a rá go bhfuil mórán údar dóchais ann do lucht na Gaeilge an babhta seo ach an oiread.

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na plécháipéisí agus ar na dréacht mholtaí go bhfeicfí nach luaitear an teanga ach mar aguisín - mar thótam ar gá beannú dó ach nach gá fónamh ar bith a dhéanamh dó.

Agus plé suáilceach dá dhéanamh ar chuspóirí so-mholta, cúram sláinte uilíoch, conradh sóisialta úr agus feabhas ar chaighdeán maireachtála do chách, tá pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge á n-imeallú.

Más fíor le rá gur tús ré nua polaitíochta a bheadh ann dá dtiocfadh Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile, nach fíor le rá freisin go bhfuilimid ar bhruach thréimhse cúig bhliana eile de rialtas nach mbeidh an teanga mar chuspóir aige?

Tá sé ríthábhachtach mar sin go mbeadh aire sinsearach ag bord an rialtais a mbeadh an teanga faoin a chúram/a cúram. Gan chara sa chúirt ní fiú tráithnín iad na ráitis shollúnta a dhéanfar gan dabhat le linn tréimhse an chéad rialtais eile faoi fhiúntas na teanga agus na hoidhreachta.

Déantar a lán stocaireachta ar son na teanga agus na Gaeltachta gach bliain agus tá lucht a eagraithe le moladh.

Ach ní fios cén toradh atá ar an stocaireacht nuair nach bhfuil an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite imeasc na gcuspóirí móra atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael ina gcomh-cháipéis ná san 15 éileamh a rinne na Glasaigh orthu.

Cén fáth atá leis seo? An é go bhfuil míghnaoi de chineál éigin préamhaithe go daingean ina measc nó an bhfuil aon bhealach ann len’ a chur ina cheart?

Nach nglacann an gComhaontas Glas leis gur chuid den timpeallacht cultúrtha í an teanga agus go bhfuil sé de dhualgas ar pé rialtas a shocraítear gach iarracht a dhéanamh éadáil na timpeallachta sin a chaomhnú?

Nó an í an fhírinne lom gur cuma leis an aicme pholaitiúil faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht?

Chuir Fianna Fáil agus Fine Gael a gcuid dréacht moltaí faoi bhráid cuid de na páirtithe eile roinnt seachtainí ó shin.

Dúradar ann go raibh an tír ag pointe sa stair atá gan fasach. Dúradar freisin nach féidir filleadh ar an sean cur chuige; gur tógadh cinntí radacacha le gairid agus gur tháinig an stát ar bhealaí nua le rudaí a bhaint amach le linn éigeandála.

Dúradh, leis, go raibh gá le cur chuige aontaithe chun tír níos láidre agus níos cuimsithe a bhaint amach, tír a thabharfadh le fios “go bhfuil na laethanta is fearr fós amach romhainn”.

Tá daoine díograiseacha sa trí páirtí ach dá mba rud é go raibh na páirtithe - gach ceann acu - dáiríre faoin teanga agus faoin gcuspóir go mbeadh Gaeilge ag 20 faoin gcéad de earcaigh sa státseirbhís, nó go mbeadh fáil ag cách ar oideachas lán Ghaeilge, nó go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, nó go slánófaí an Ghaeltacht-nó an chuid dí atá fágtha, cheapfá go ndéanfaí tagairt lárnach, dáiríre dó sin sna plécháipéisí seo.

Ach cén chaoi ar féidir tabhairt faoin éigeandáil teanga?

Mar a dúradh i gcáipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus iad ag trácht ar an éigeandáil sláinte, ní féidir filleadh ar an sean cur chuige.

Tógadh cinntí radacacha le gairid agus tháinig an stáit ar bhealaí nua le cuspóiri a bhaint amach.

Dá gcuirfí an meon céanna i bhfeidhm i leith na teanga, b’fhéidir ansin go mbeadh “na laethanta is fearr fós amach romhainn”.

Ach le’n é sin a dhéanamh, bheadh orthu a bheith dáiríre faoin éigeandáil teanga.