Gannchuid aráin, mórchuid gréine

Is mór é an t-aineolas coiteann faoin nGréig

Tá tíortha ann, agus in ainneoin na glóire iontaí a bhíodh acu tráth, is beag ár n-aird orthu inniu. Fág an Iaráin nó an Éigipt féin as an áireamh, tá fíor i gcás na hEorpa a bhfuilimid go mór bladhmann ina thaobh chomh maith céanna.

Ghabhadh na céadta mílte Éireannach (nuair a bhí cead taistil againn) chun na Gréige gach bliain chun a bheith ag sú na gréine, nó chun go ndéanfaí craiceann rósta díobh. Ach ní chun na Gréige a ghabhann siad dáiríre, ach go dtí Mykonos agus Zakynthos, stráicí d’fhearann gainimh a shíneann fad loch na meánmhara siar soir agus mórthimpeall agus arb ionann iad a mhór nó a mhór. Má théann tú chun na Róimhe agus Éire a thabhairt leat, ní raibh tú ann in aon chor.

Is mór é an t-aineolas coiteann faoin nGréig in ainneoin Plato, Socraitéas agus Arastatail. Agus Soificléas agus Euripedéis agus Aristafáinéas. Agus Onassis agus Nana Muscouri agus Nike.

In ainneoin na lúitéiseachta agus na gcomharthaí ómóis a thugtaí do na clasaicí an tan ar mhair na clasaicí beo sna scoileanna, is annamh a mhúintí an Ghréigis. Mar mhalairt uirthi sairsingíodh orainn an Laidin bharbartha, teanga mharmair a gearradh as blocanna crua, focail fhuara gan chlúmh gan ribí daonna, urlabhra reoite a dhiúltaigh eitilt.

READ MORE

Bíodh sin mar atá, d’fhág an Ghréigis raidhse focal againn i dteanga ar bith nach bhfuil ag iarraidh stoitheadh go hiomlán as a préamhacha féin. Bhí tráth ann nuair a bhíodh cianamharcán nó ciandearcán nó fadadharcán nó radharcghloine nó súilfhiodán againn ar teileascóp agus cé déarfadh nach bhfuil sin níos oiriúnaí?

Shnámh na smaointe seo isteach im aigne toisc go bhfuair Mikis Theodorakis bás an tseachtain seo caite. Mura bhfuil a fhios agat cé hé, is cuid den aineolas coiteann é faoin nGréig. Ar urlár lom an aineolais sin, d’aithneofaí gur chum sé an ceol le haghaidh na scannán Zorba the Greek agus Serpico i measc na ndosaen eile. D’athmhúnlaigh sé ceol na Gréige ag tarraingt ar a dhúchas féin, mórán mar a dhein Seán Ó Riada abhus. Fairis sin chum sé iliomad ceoldrámaí, siansaí, ceolta seomra, cantata, oratariónna, bailéanna agus iomainn, ina measc siúd cinn do Gamal Abdel Nasser agus don PLO.

Léiriú an méid sin ar a chlaonta polaitiúla, agus go deimhin, chaith sé tamall ina aire rialtais cé gur chumannach dearfach a bhí ann. Samhlaigh cumadóir ceoil agus file a bheith ina aire rialtais abhus! Tugann a leithéid de shamhlú toise nua don fhocal róchaite sin ‘dochreidte’. Ar nós Hugh McDiarmid, áfach, is amhlaidh go raibh sé ró-náisiunach do na cumannaigh, agus ró-chumannach do na náisiunaigh!

Chuir sé in aghaidh na héagóra go fíochmhar, agus bíodh a theist air sin gur labhair go tréan in aghaidh an chogaidh i gcoinne na hIaráice sa bhliain 2003. Marc meastóireachta ar dhuine ar bith an seasamh a ghlac sé i gcás an ionsaithe bharbaraigh úd ar lean iarmhairt chomh huafásach sin é do gach leith.

Ba chara mór leis an bhfile Giannis Ritsos é a chum an dán ‘Ár dTír’ a bhfuil an líne fháistiniúil ‘Tá ár laethanta ag teannadh ar ghannchuid aráin is ar mhórchuid gréine’, agus fág gur cumadh é nuair a bhí an deachtóireacht mhíleata in airde láin ann, tá blas garbh na fírinne air i gcónaí go háirithe sa tslí ar chaith an tAontas Eorpach leo nuair a bhí siad i ngátar cúnaimh. Fíorghann atáimid sa Ghaeilge maidir le faisnéis ar bith faoin nGréig. Is é Eoghan Mac Aogáin a d’aistrigh dán Ritsos sa chnuasach ‘Tá na Barbaraigh ag teacht inniu: dánta nua-Ghréigise.’

Leabhar é le breith leat an chéad uair eile go mbeidh tú ag triall ar Mykanos nó Zakynthos nó Kraiceanntos.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar