Gá le “samhlaíocht agus solúbthacht” chun polasaí nua oideachais a chur i gcrích

Plean fógraithe chun líon na scoláirí san oideachas trí mheán na Gaeilge a dhúbailt

An tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh. Grianghraph: Alan Betson

An tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh. Grianghraph: Alan Betson

 

FOCLÓIR: Samhlaíocht - imagination, solúbthacht - flexibility, sprioc - goal, soláthar - provision, seasca - sixty, éileamh - demand, tiontú - change, ceantair uirbeacha - urban areas, chun sochair - to benefit.

Beidh gá le “samhlaíocht agus solúbthacht” chun go n-éireoidh le sprioc a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh líon na scoláirí atá san earnáil oideachas trí mheán na Gaeilge a dhúbailt.

Ag caint dó le Tuarascáil, chuir an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir “fáilte mhór” roimh ráiteas an Aire, ach dúirt sé go mbeadh gá le scála ama a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm.

Faoin bpolasaí a fógraíodh ag deireadh Mhí na Nollag, tá sé i gceist go dtiocfadh an t-ardú ar líon na ndaltaí san earnáil mar chuid de phlean nua cuimsitheach chun oideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

“An t-aon cheist ná an gcuirfear i bhfeidhm é. Tá sé uaillmhianach, ach is dóigh liom go bhfuil rud mar sin ag teastáil. An rud gur mhaith leat a fheiceáil ná scála ama leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm.”

Seasca bliain

Cé go bhfuil fás ag teacht de réir a chéile ar sholáthar an oideachais trí mheán na Gaeilge, tá sé ag tarlú go mall.

De réir an ráta fáis le 10 mbliain anuas, measann an tOllamh Ó Duibhir go dtógfadh sé 60 bliain líon na scoláirí atá san earnáil oideachas Gaeilge faoi láthair a dhúbailt faoi mar atá leagtha síos sa sprioc nua.

Thógadh sé 110 bliain an t-éileamh atá ag 23 faoin gcéad den daonra (a roghnódh oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí dá mbeadh sé ar fáil dóibh go háitiúil) a shásamh.

Dar leis an Ollamh, atá ina leas-déan ag Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh spriocdhátaí teanntacha ann.

“Theastódh plean agus lena cheart a thabhairt don Aire dúirt sé gurb shin atá i gceist aige a dhéanamh. Tá sé ag caint ar phróiseas comhairliúcháin agus [ba cheart] spriocanna a leagadh síos chun é sin a bhaint amach.”

Agus is cinnte go bhfuil dúshláin ann.

Tá an tOllamh Ó Duibhir den tuairim go gcaithfear cuid de na scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla i láthair na huaire a thiontú ina ngaelscoileanna amach anseo.

“Feicimid leis an athrú patrún chomh mall is atá sé sin ag tarlúint. Bunaítear scoileanna nua i gceantair a bhfuil fás ar an daonra iontú agus bíonn cead ag na tuismitheoirí vótáil don phatrún is fearr leo. Ach, ní dóigh liom go mbeadh dóthain scoileanna nua le n-oscailt le go bhféadfaí fás den chineál [atá i gceist leis an sprioc] a bhaint amach.”

“Theastódh go leor samhlaíochta agus solúbthachta ó thaobh scoileanna de,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Ceapaim go mbeadh sé deacair go leor é sin a bhaint amach ach cinnte, seo an cineál plean atá ag teastáil le go bhféadfaí teacht le mianta an phobail.”

Mar shampla, d’fhéadfadh sé a shamhlú i gceantair uirbeacha - áiteacha a bhfuil scoileanna móra nó scoil shóisearach agus scoil shinsearach ar aon láthair amháin, nó scoil bhuachaillí agus scoil chailíní ann, go ndéanfaí cónascadh éigin ionas go mbeadh scoil amháin ag feidhmiú trí Ghaeilge agus an scoil eile ag leanúint leis ag feidhmiú trí Bhéarla.

“Caithfear a aithint go dteastaíonn cur chuige nua mar nach leor díreach a bheith ag braith ar cheantair a bhfuil scoileanna nua le bunú iontu chun go dtarlódh sé seo,” ar sé.

Rannpháirtíocht

Polasaí idirghabhálach atá ag teastáil dar leis an Ollamh, rud gur dócha “nár aithníodh” ón uair a bunaíodh an stát. Fágadh faoi mhúinteoirí agus daltaí an Ghaeilge a shealbhú “ag súil go dtarlódh rud éigin draíochtúil” agus go mbainfí úsáid aisti lasmuigh de shuíomh na scoile.

“Rinneadh go leor botún is dócha agus tá sé tábhachtach go mbeadh muid ag foghlaim ó limistéir eile mar tá na castachtaí a bhaineann le teanga mhionlaigh a chur chun cinn comónta ar fud na hEorpa agus in áiteanna eile ar fud an domhain.”

Tá sé i gceist go ndéanfar an polasaí nua a fhorbairt i gcomhar le ranna rialtais eile - ina measc an Roinn Chultúir Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Déanfaidh coiste stiúrtha idir-rannach maoirsiú ar an obair le tacaíocht ó choiste comhairleach. Dúirt an tAire go bhfuil sé i gceist freisin go dtionólfaí próiseas comhairliúcháin san Earrach agus go gcuirfí taighde agus dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta i dtíortha eile mar bhonn eolais faoin obair.

Beidh seans ann mar sin bunús eolaíoch a chur leis an bplé faoin bpolasaí nua agus dúirt an tOllamh Ó Duibhir atá ina stiúrthóir ar Sealbhú - an t- ionad nua taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in OCBÁC - go mbeadh an t-ionad sásta cur leis an bplé a dhéanfar faoin bpolasaí nua.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil géarghá le polasaí nua d’oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal chun na dúshláin agus na fadhbanna a bhaineann leis na naíonraí, na haonaid Gaeilge agus an easpa soláthar atá ar oideachas iar-bhunscoile a aithint agus a réiteach.

Seo é an chéad uair, mar shampla, a mbeidh an naíonraíocht trí mheán na Gaeilge á aithint ag an Roinn Oideachais - rud atá suntasach nuair a chuimhnítear gur tugadh céim síos dí nuair a cuireadh deireadh leis an gComhchoiste Réamhscolaíochta tamall de bhlianta ó shin.

Dúshlán

Ach, chun go rachaidh oideachas trí Ghaeilge chun sochair labhairt na Gaeilge sa phobal go ginearálta, tá fadhb níos leithne ann gur gá dul i ngleic leis: an dúshlán a bhaineann le normalú a dhéanamh de theanga mhionlaigh lasmuigh den chóras oideachais.

“Ní fheictear domsa go bhfuil go leor béime ar na gníomhaíochtaí pobail atá ag teastáil chun pobal a chruthú. Dá mbeadh bunús agat, dá mbeadh dlús cainteoirí agat ag teacht ó scoileanna lán-Ghaeilge d’fheadfá pobal gaelach a chruthú mór-thimpeall orthu,” a duirt Ó Duibhir.

“Ní dóigh liom gur aon panacea iad na scoileanna lán-Ghaeilge,” ar sé, “ach dá mbeadh dlús níos mó daonra le cumas Gaeilge [in ann í a] chur chun cinn mar theanga phobail bheadh seans níos fearr agat.”

Mar is dual d’aon pholasaí nua rialtais bíonn ceisteanna le cur faoi acmhainní agus cur chuige, ach mar sin féin, tá fáilte le cur roimh an bpolasaí nua.

“Cuirim fáilte mhór roimhe. Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach. Ach an cheist i mo cheann: an gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil? An dtiocfaidh toghchán aniar-aduaidh ar seo? “

“Ach, nuair a fheiceann tú ráiteas mar seo - níor mhaith liom a bheith diúltach faoi - sin é an cineál polasaí a bheinn ag éileamh agus tá sé go hiontach go bhfuil an tAire sásta é a fhógairt.”

“Tá muid leath bealaigh tríd straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag an bpointe seo agus tá sé díomách ó thaobh na spriocanna a bhaint amach ach ag an staid seo caithfear fáilte ana-mhór a chur roimhe seo agus le cúnamh Dé cuirfear i bhfeidhm é cuma cé atá ina aire oideachais.”