Gá le reachtaíocht teanga a fhoilsiú go luath - Ó Domhnaill

Gá le reachtaíocht nua ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil ar chomh chaighdeán le seirbhísí atá ar fáil as Béarla

 

Foclóir: Comharba - successor, Faillí - neglect, Foráil - provision, Constaicí - barriers, Dualgais - duties, Dréacht - draft, Comhfhreagras - correspondence, Foilsithe - published.

Níl sé sásúil nach bhfuil Bille Leasuithe na dTeangacha Oifigiúla foilsithe go fóill ag an rialtas agus tá sé ‘an-tábhachtach’ go mbrúfaí ar aghaidh leis seo go sciobtha, de réir an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Ceapadh Ó Domhnaill i 2014 mar chomharba Sheán Uí Chuirreáin tar éis do Ó Cuirreáin éirigh as an phost de bharr gur chreid sé go raibh an Stát ag déanamh faillí ar chearta teanga phobal na Gaeilge.

Agus é ag déanamh athbhreithniú ar chúig bliana i mbun ról an choimisinéara, dúirt Ó Domhnaill go raibh dul chun cinn déanta ach go gcaithfidh an rialtas brú ar aghaidh leis an reachtaíocht nua ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil a bheidh ar chomh chaighdeán le seirbhísí atá ar fáil as Béarla.

“Nuair a thosaigh mé sa ról tháinig mé isteach ag an am le mo dhá shúil oscailte,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Thuig mé cén ról go díreach a raibh mé ag glacadh agus na constaicí a bhí romham. Agus mar is eol dúinn, am corraitheach a bhí ann ag an am sin. Nuair a d’éirigh mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, as mar Choimisinéir Teanga, thuig mé na dúshláin a bhí romham.”

Dul chun cinn

Ó thaobh oifig an Choimisinéara féin de ó shin, cuireadh deireadh leis an bplean é a chónascadh le hoifig an Ombudsman agus tá méadú tar éis teacht ar líon na ndaoine atá fostaithe ann - tá naonúr ag obair ann anois (bhí ceathrar ag obair ann go lán aimseartha i 2014) agus tá ardú suntasach tagtha ar bhuiséad na hoifige (ó € 567,000 i 2014 go dtí os cionn €800,000 i mbliana).

“Tugann sé sin buanseasmhacht agus láidreacht don oifig.”

Maidir le dualgais na hoifige, braitheann an Coimisinéir gur féidir leis dul i ngleic le gearáin faoi bhun seirbhísí (comharthaíocht, stáiseanóireacht, fógraí taifeadta, comhfhreagrais i nGaeilge, cáipéisí nach bhfuil foilsithe as Gaeilge srl) ar bhealach atá “éifeachtach agus ar bhealach sciobtha don chuid is mó den am”.

Ag déanamh tagairt do chinneadh a rinne an tAire Oideachais anuraidh, athrú a dhéanamh ar an mbealach ina gceaptar pátrúin scoile, mhínigh an Coimisinéir go bhfuil sé mar dhualgas air féachaint ar achtacháin eile lasmuigh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla:

“Mar shampla, an tAcht Oideachais, rinne muid dul chun cinn ansin ó thaobh patrúcháin scoile de anuraidh. An rud atá tú ag lorg is dóiche nuair a fhiosraíonn tú gearán ná go gcuirtear an gearán ina cheart [AGUS]go gcuirtear saghas próisis ar siúl chun a chinntiú nach dtarlaíonn sé arís agus go mbeidh réiteach fadtéarmach buan air. Bheinn ag súil leis sa chás sin go mba é sin an toradh a bheadh ar ó thaobh pátrúnacht scoile amach anseo.”

Dréachtú

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Kyne mar fhreagra Dála le gairid go bhfuil a chuid oifigigh ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú.

Creideann an Coimisinéir go bhfuil sé dáiríre faoi an Bille a thabhairt isteach.

“Creidim go bhfuil (an tAire Kyne) an-diongbháilte faoi acht nua a chur i bhfeidhm agus dul i ngleic leis sin.”

Tá sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Anuas ar sin tá sé mar chuspóir freisin go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Tá sé i gceist freisin go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá dóchas ag an gCoimisinéir go bhfeabhsóidh na leasuithe cúrsaí do phobal na Gaeilge.

“Tá go leor ann, tá rudaí ann a dhéanfaidh difir mór do dhaoine ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge,” a deir an Coimisinéir.

Cé nach bhfuil aon fhoráil sa reachtaíocht faoi láthair maidir le húsáid an tsínte fhada in ainm agus seoladh duine, tá foráil chun bonn reachtúil a chur faoi sa reachtaíocht nua.

“Goilleann sé ormsa mar Choimisinéir Teanga - mar dhuine go bhfuil feidhm agus dualgas leagtha orm chun cearta teanga a chosaint - nach bhfuil aonrud sa reachtaíocht a cheadaíonn dom gearráin ar nós sínte fada a fhiosrú go foirmiúil,” a dúirt sé.

Mar sin féin, dar le hÓ Domhnaill d’fhéadfadh na leasuithe a bheith rud beag níos láidre.

“B’fhearr liom go mbeadh sé beagán níos leithne ná sin - mar shampla má tá oifig ar imeall na Gaeltachta agus go bhfuil oifigí ag cur seirbhísí ar fáil sa cheantar sin gur cheart go mbeadh Gaeilge ar fáil acu siúd freisin. Ach go ginearálta, is ceannteidil mhaithe iad ach níl sé sásúil nach bhfuil an Bille foilsithe go fóill agus tá díomá orm faoi sin.

“Tá sé an-deacair é a chosaint, tá sé míshásúil nach bhfuil sé tarlaithe.”

Gealladh chomh fada siar le 2011 go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cháin Conradh na Gaeilge dréacht mholtaí na gceannteideal nuair a tháinig siad chun solais i 2014 mar “céim mhór ar gcúl don teanga”.

Ach, rinneadh athbhreithniú ar na ceannteidil agus foilsíodh leagan nua dhá bhliain ó shin.

“Ar léamh amháin tá sé ar siúl le hocht mbliana anuas, beagnach. Ar an lámh eile, agus is é seo ceann de na rudaí ar éirigh liom dul i gcionn ar an gcóras, is dóigh ná gur foilsiodh ceannteidil a bhí thar a bheith lag agus easnamhach i 2014.

“An rud is mó a bhí mise ag iarraidh a bhaint amach an uair sin ná cur ina cur ina luí ar dhaoine nár cheart bille a fhoilsiú bunaithe ar na ceannteidil sin agus mo bhuíochas do Joe McHugh agus do Seán Kyne agus an t-iar Thaoiseach Enda Kenny - thóg siad cinneadh gan bille a fhoilsiú bunaithe ar na ceannteidil sin

“Ach anois agus ceannteidil i bhfad níos fearr agus níos éifeachtaí foilsithe, tá sé thar am é a fhoilsiú mar bhille agus é a achtú sa chaoi go mbeidh daoine in ann teacht ar sheirbhísí níos sásúla ná mar atá faoi láthair.”

Breatimeacht

Mhínigh an tAire Kyne sa Dáil gurb é an Bhreatimeacht ba chúis leis an moill ba dhéanaí ar fhoilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla ach dúirt sé go mbeadh an reachtaíocht foilsithe “i bhfad roimh an Nollaig.”

Dúirt Ó Domhnaill gur gá a bheith tuiscineach go pointe faoi dhúshlán na Breatimeachta.

“Tuigim, agus thuigeadh aon duine is dóigh, go bhfuil daoine ag díriú ar sin san am i láthair,” a deir sé.

Mar sin féin, tá roinnt mhaith ama imithe thart ónar cuireadh tús leis an bpróiseas, agus dar leis an gCoimisinéir, cailleadh seans le linn Bliain na Gaeilge.

“Tá na ceannteidil seo foilsithe ó Bealtaine 2017 - sin os cionn bliain go leith ó shin. Anuraidh, bhí Bliain na Gaeilge againn agus bhí an deis ann go mbeadh oidhreacht bhuan reachtúil fágtha inar ndiaidh de thoradh na bliana sin. Agus níor tharla sé sin. Níor tapaíodh an deis anuraidh é sin a dhéanamh agus sin údar díomá domsa.”

Cé go bhfuil beagnach gach uile phíosa reachtaíochta curtha ar an méar fhada go mí Mhárta, dúirt Ó Domhnaill go mbeadh sé “ag impí” go mbrúfaí ar aghaidh leis seo “go sciobtha” i ndiaidh sin.

“I mbliana beidh mo oifig cúig bliana déag ar an saol,” ar sé.

“An bealach is éifeachtaí agus is deise agus cirte le’n é sin a cheiliúradh ná an Bille a fhoilsiú agus a achtú le linn na bliana agus, le’n é sin a bhaint amach, caithfear é a fhoilsiú go luath.”