Furú na Nollag

Bhraith earnáil na haíochta agus na siopadóirí beaga damain na paindéime ar bhealach ar leith le dhá bhliain anuas.

FOCLÓIR: Earnáil na haíochta - hospitality industry; go seoigh - very well; scanraithe - scared; damain - damage; furú - bustle; comharthaíocht - signage; gan mhairg - without regret; gan mhoill - without delay; comharthach - emblematic; cuspóir - objective.

‘Is ar mhaithe leis féin a bhíonn an siopadóir ag díol”.

Leagan eile den seanfhocal “is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán” atá ansin. B’fhéidir gur ag cur leis an bhfírinne atá sé ach, é sin ráite, b’fhéidir go bhfuil sé beagáinín dian ar na siopadóirí bochta freisin.

Bhraith earnáil na haíochta agus na siopadóirí beaga damain na paindéime ar bhealach ar leith le dhá bhliain anuas.

READ MORE

Ní mar a chéile a d’fhulaing siad uile dar ndóigh. Ach tá lucht gnó go ginearálta cráite agus scanraithe ag an gcaint ar bhreis srianta. B’fhéidir, mar sin go gcuirfidh siad fáilte roimh an nuacht go bhfuil cúnamh airgid le cur ar fáil chun aghaidheanna siopaí atá as Gaeilge a athchóiriú.

D’fhógair an rialtas go bhfuil sé beartaithe acu an scéim, Ciste Aghaidheanna Shiopaí Gaeilge, a reáchtáil in athuair an bhliain seo chugainn.

Cuirfear idir €15,000 agus €50,000 de dheontais ar fáil dó ghnóthaí incháilithe ar mian leo athchóiriú a dhéanamh ar chomharthaíocht a bhíodh i nGaeilge san am atá thart.

Tá sé mar aidhm ag an scéim feiceálacht na Gaeilge a mhéadú ar shráideanna na tíre agus beidh orthu siúd ar mian leo cur isteach air, iarratas a dhéanamh trí na húdaráis áitiúla.

Caithfidh na foirgnimh a bheith ar thaifead na struchtúr cosanta nó incháilithe le bheith ar an taifead áirithe sin.

Baineadh leas as an scéim anuraidh chun siopa tabacadóra Tom Clarke i Sráid Amiens a chaomhnú.

Tá an-chuid féidearthachtaí eile ag baint lena leithéid de scéim. Tá drochbhaill ar shean ainmchláir shráideanna na cathrach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha agus i mbailte eile ar fud na tíre.

Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí poiblí ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith na teanga agus b’fhéidir gur cheart a mhacasamhail de scéim a chur i dtoll a chéile chun athchóiriú a dhéanamh orthu sin freisin.

Comhtharlú?
Céard a tháinig i sála na leasuithe dearfacha ar an Acht Teanga? "Gan mhairg, gan mhoill", rinne an Rialtas cinneadh go laghadófaí stádas na Gaeilge san Garda Síochána!

Bí ag caint ar chluiche “nathracha is dréimirí” - is amhlaidh go minic go ndlíonn gach céim suas don Ghaeilge san státchóras dhá chéim síos. Léiriú eile ar mheon atá fós beo sa státchóras maidir leis an teanga sa réimse poiblí agus ar an ngá atá le hacht láidir atá oiriúnach dá fheidhm.

Go dtí seo bhíodh ar aon duine ar theastaigh uaidh post a ghnóthú sa tseirbhís ceann den dá theanga a bheith ar a thoil aige. Is féidir a bheith geall a bheith cinnte de nár theip ar mhórán iarrthóirí post a bhaint amach san fhórsa de bharr a gcuid Gaeilge le fada an lá! Riachtanas siombalach a bhí ann ar bhealach. Ach ba ghníomh tromchúiseach lán le brí an t-ísliú stádais a rinneadh ag Bord an Rialtais.

Rud bunúsach atá sa stádas teanga. Gan stádas, níl in ann do theanga ar bith ach an bás ar deireadh. Tá stádas teanga i gcroílár dhán na Gaeilge sa tír seo ón uair gur díbríodh i dtosach í ón saol poiblí.

Is beartas bréagach é teanga a ruaigeadh as an saol chun cuspóir na hilghnéitheachta a chur chun cinn. Caithfimid an ilghnéitheacht a mhilleadh chun an ilghnéitheacht a shlánú!

Seachas tuilleadh díbeartha a dhéanamh, nach mbeadh sé níos macántaí straitéis dearfach a cheapadh a chuirfeadh an Ghaeilge i láthair na n-inimirceach agus iarrthóirí eile ar an tseirbhís nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu?

Nó an é gur léiriú atá sa chinneadh is déanaí ar mhírún éigin a mhaireann slán sa chóras i gcónaí?

Acht
Is ceart a rá go bhfuil obair na gcapall déanta acu siúd a bhí ag déileáil go díreach leis an reachtaíocht teanga le roinnt blianta anuas.

Ón Aire Catherine Martin, an Aire Jack Chambers a stiúir an Bille tríd an Oireachtas, Aengus Ó Snodaigh, cathaoirleach ar an gCoiste Gaeilge Gaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge, na teachtaí Catherine Connolly, Éamon Ó Cuív, Aindrias Ó Muineacháin, an Seanadóir Lorainne Clifford-Lee agus dar ndóigh na státseirbhísí.

D’oibrigh siad uile go dúthrachtach chun an Bille a chur i gcrích.

Dar ndóigh tá ceisteanna ann maidir le spriocdhátaí agus cumhachtaí an Coiste Comhairleach chomh maith le ceisteanna éile nár réitíodh go fóill.

Ach leag an teachta Ó Snodaigh a mhéar ar chroí na ceiste agus é ag cur fáilte roimh an Bille: “Is é an dúshlán is mó atá romhainn anois, nuair a achtaítear an Bille seo chomh luath agus is féidir leis an Uachtarán é a dhéanamh, ná go gcaithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeidh meon [dearfach in a leith] i measc an státchórais i gcoitinne.”

5 Ghaelscoil
Níor thionól mathshluaite an phobail ag geataí Theach Laighean le fáilte a chur roimh an t-Acht nua an Chéadaoin seo caite. Ach bhí scata gasúr ó chúig Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath Theas ann, iad feistithe ina gcuid éide scoile, agus iad i mbun feachtasaíochta. Gaelcholáiste nua do dheisceart na cathrach a bhíodar ag éileamh.

“Ba cheart go mbeadh an deis ag gach dalta inár scoileanna dul ar aghaidh go hiar-bhunscoil trí mheán na Gaeilge más mian leo,” a dúirt Cormac Chambers, Príomhoide Gaelscoil Lios na nÓg, a bhí ina dteannta.

Níl ach 249 spás iontrála ar fáil go bliantúil sna gaelcholáistí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath Theas/Thiar Theas. Ach tá an líon daltaí sna gaelscoileanna sa cheantar sin tar éis fás ó 3,500 dalta in 2011 go 7,000 in 2021. Tá sé tuartha go mbeidh breis agus 9,000 dalta ag freastal ar na gaelscoileanna sin taobh istigh de chúpla bliain.

Bhronn na daltaí litreacha ar a gcuid Teachtaí Dála.

Bhí Daidí na Nollag i measc an tslua agus mála leathlán aige ar a dhroim. Meastú an mbeidh gaelcholáiste úrnua do dheisceart Bhaile Átha Cliath sa mhála aige Oíche Nollag?

Seán Ó Riada
Caitear na huaireanta an chloig os comhair na teilifíse aimsir na Nollag de ghnáth. Go minic ní bhíonn ann ach am amú ach, leathchéad bliain i ndiaidh a bháis, cuirfidh gariníon Sheáin Uí Riada, an ceoltóir agus an craoltóir, Doireann Ní Ghlacáin, clár i láthair ina ndéanann sí iarracht breis eolais faoin mhórphearsa seo i saol cultúrtha na hÉireann a nochtadh.

Inseofar scéal Uí Riada óna chuid laethanta in UCC go dtí tithe ósta snagcheoil Pháras agus ar ais arís go dtí ceantair Ghaeltachta Iarthar Chorcaí agus Chiarraí.

Beidh caint agus léiriú ar a shaothar cumadóireachta, an chraoltóireacht a rinne sé agus ar na daoine a d’imir tionchar air. Ní i gcónaí a thuigtear nach raibh sé ach 40 bliain d’aois nuair a fuair sé bás.

Imeasc na gceoltóirí a ghlacfaidh páirt sa chlár beidh Barry Douglas, Iarla Ó Lionáird, Nell Ní Chróinín, Steve Cooney, Cormac McCarthy, Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha, Seán Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin í féin.

* Craolfar Seán Ó Riada - Mo Sheanathair ar Lá Fhéile Stiofáin, an 26 Nollaig 2021 ag 9.20pm

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.