Finné: scéal tromchúiseach Liam Uí Mhaolaodha

Insint ar an drochíde a fuair sé ó dhuine a raibh aithne fhorleathan air i saol na Gaeilge

“Is fada mise amuigh,
Is fada mé im thost,
Is nach fios nach amhlaidh bheidh go deireadh scríbe
Tá mo aigne faoi ghlas,
Níl cead agam isteach.”

Is leis an sliocht seo ón dán Tost le Seán Ó Ríordáin a chuirtear tús leis an dara clár den tsraith faisnéise Finné atá le craoladh an tseachtain seo ar TG4.

Insint atá san eagrán seo ar scéal tromchúiseach Liam Uí Mhaolaodha agus drochíde a fuair sé beagnach caoga bliain ó shin ó dhuine a raibh aithne fhorleathan air i saol na Gaeilge.

Fuair Dómhnall Ó Lubhlaí bás in aois 82 sa bhliain 2013. Sular bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir scoile chaith sé tréimhse san Arm sna caogaidí. Bhí baint aige ina dhiaidh sin leis an ngluaiseacht Phoblachtach agus cúisíodh é i mí Eanáir, 1957, faoin mBille um Chiontaí in aghaidh an Stáit. Gearradh téarma príosúnachta ceithre lá dhéag air nuair a thángthas air agus cáipéisí mídhleathacha ina sheilbh aige i gCathair Dhún Iascaigh, i gCo Thiobraid Árann.

Duine é a chaith a shaol ag obair le heagrais Ghaeilge. Chaith sé tamall fada ag obair le Gael Linn agus bhunaigh sé Coláiste na bhFiann i Ros Muc i 1968. Ceapadh ina mhúinteoir scoile é i gCluain Dolcáin i 1971. Chaith sé seal eile i gcarcair i 1974 nuair a gearradh tréimhse phríosúnachta air tar éis dó diúltú plé le fíneáil páirceála a eisíodh dó i mBéarla. Bhí sé gníomhach go náisiúnta in eagrais eile teanga agus toghadh mar uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é i mí Feabhra, 1976.

READ MORE

Ach, is ar líomhaintí go ndearna Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis ar líon mhór fear óg agus ar bhuachaillí a bhí faoina chúram is minice a chuimhnítear anois air nuair a dhéantar plé ar an duine mursanta seo.

Curtha i láthair ag Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, insítear scéal léanmhar Liam Uí Mhaolaodha ar an gclár agus an éagóir scannalach a rinneadh air agus gan é ach cúig bliana déag d’aois.

Cuireann Ó Maolaodha tús leis an gclár agus é ag cuimhneamh siar ar a chuid laethanta scoile i gCluain Dolcáin agus lá ar leith a raibh dán Uí Ríordáin faoi chaibidil ag an rang faoi stiúir ag Ó Lubhlaí.

“Bhí sé ag iarraidh an focal ‘Tost’ a mhíniú,” a deireann sé ar an gclár agus é ag déanamh athinsint ar cheacht Uí Lubhlaí.

“Bhí sé ag caint faoi gan a bheith ag caint, a bheith ciúin, agus mar sin de.”

Thug Ó Lubhlaí le fios don bhuachaill óg gur ‘rún’ a bhí i gceist leis an bhfocal ‘tost’.

“Tá mé in ann é a fheiceáil anois agus é ag breathnú anuas orm agus ag díriú an dá shúil isteach orm agus é ag míniú an focal ‘rún’ agus chomh tábhachtach agus a bhí sé rún a choinneáil.

“Níl aon amhras orm ach gur teachtaireacht domsa a bhí ansin. Ná sceith an rún seo atá ar eolas agatsa agus agamsa. Níl sé ar eolas ag aon duine eile.”

“An dearcadh a bhí agamsa ar sin ná dá bhfanainnse i mo thost nach mbeadh a fhios ag aon duine eile go brách an méid a rinne Ó Lubhlaí orm.”

“Dar ndóigh níor thuig mé an dochar a dhéanfadh sé sin do dhuine.”

Deireann sé gur fhan sé féin ina thost faoinar tharla dó ar feadh na mblianta agus luann sé an t-aiféala a bhí air faoi sin. Is léir go raibh tionchar an-mhór ag na heachtraí coscracha seo ar shaol Uí Mhaolaodha.

“Níl lá amháin ó shin nár smaoinigh mé air, nó nach raibh tionchar aige sin ar mo shaol ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.”

Insíonn Ó Maolaodha faoi mar a chuir Ó Lubhlaí ina luí ar a mháthair cead a thabhairt dó an buachaill óg a bhreith leis ar feadh deireadh seachtaine. “Dúirt sé go raibh sé ag obair ar thionscnamh agus go raibh cabhair uaidh. ‘Sé Liam an t-aon duine atá in ann cabhrú liom’.”

Ar thaobh amháin, fear dáimhiúil, carasmatach ba ea Ó Lubhlaí agus bhí meas air ach go háirithe de bharr na hoibre ar fad a rinne sé don teanga ar feadh na mblianta. Ach, ar an dtaobh eile, ba dhuine scáfar, cradhscalach, agus bagrach é ar tháinig fearg chreathnach air go héasca.

“Dá siúlfadh sé isteach i seomra, bheadh a fhios agat láithreach go raibh sé ann,” a deireann Muireann Ní Mhóráin ar an gclár.

“D’fhéadfadh sé an cloigeann a chailliúint agus éirigh ana, ana-fheargach agus ana, ana-throdach an-tobann agus ansin mhaolódh sé arís. Bhí an t-údarás sin ag baint leis,” a deireann sí.

Insítear sa chlár faoi mar a thosaigh an tost a bhí timpeall ar Ó Lubhlaí ag creimeadh sa bhliain 1991 agus déantar cur síos ar na hiarrachtaí a rinneadh an scéal a thabhairt chun solais.

“Cé go ndearna daoine iarrachtaí éagsúla thar na blianta an scéal a nochtadh, ní dóigh liomsa go raibh daoine réidh len é a chloisteáil,” a mhíníonn an t-iriseoir Uinsionn Mac Dubhghaill.

Bhí sé i gceist go gcuirfí an dlí ar Ó Lubhlaí sa bhliain 2002 nuair a cuireadh 56 cúis tromchúiseacha ina leith. Ach, mar a mhíníonn an t-iriseoir agus an craoltóir Breandán Delap ar an gclár, maíodh gur loiteadh nó gur cailleadh fianaise thábhachtach a bhain leis an cás. D’éirigh le hathbhreithniú a d’éiligh Ó Lubhlaí agus níor ciontaíodh riamh é as coir ghnéis a dhéanamh ar aon duine.

Nuair a bhásaigh Ó Lubhlaí go hobainn sa bhliain 2013 tháinig níos mó daoine chun cinn le líomhaintí ina choinne a dhéanamh.

Dhiúltaigh na Gardaí aon eolas breise a thabhairt faoi athbhreithniú a rinneadar ar an gcás cúirte ach is léir ón gclár go bhfuil go leor ceisteanna gan fhreagairt fós i gcás Dhomhnall Uí Lubhlaí.

Insíonn Ó Maolaodha, atá ina stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge le blianta fada anuas, a scéal féin go neamhbhalbh sa chlár. Labhraíonn sé go diongbháilte ar na huafáis a tharla dó agus é ina dhalta scoile.

Clár cumhachtach íogair é seo ar fiú breathnú air.

Craolfar Finné ar TG4 ar an gCéadaoin 20ú Eanáir ag 9.30in

Foclóir: Tromchúiseach - grave, scáfar - horrific, léanmhar - distressing, mursanta - domineering, dáimhiúil - charismatic, gluaiseacht - movement, dearcadh - view, ionsaithe - attacks. coscrach - traumatising, creimeadh - erode.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.