Faoi Ghlas ag Galair

Nach ait nár shamhlaigh aon duine againn cumannachas riamh le Fine Gael?

’Na Margaí bochta, nach nglacfá trua dóibh?’ Grianghraif: Getty

’Na Margaí bochta, nach nglacfá trua dóibh?’ Grianghraif: Getty

 

Cá bhfuil sé uainn, ár slánaitheoir?

Tar éis an tsaoil le glúin nó dhó anuas má bhí réiteach le fáil ar ár gcuid cruachor ní raibh ach uimhir amháin le glao a chur uirthi. Géarchéim tithíochta? Córas sláinte lochtach? Bailiú bruscar? Drochscolaíocht? Poill ar bhóithre?

Cá rachfá? Ní raibh riamh ach an t-aon fhreagra amháin ann. Na Margaí! Lig do na Margaí an scéal a réiteach. Ná cuirtear as do na Margaí ar eagla go mbainfeadh siad greim asat. Is ag na Margaí atá an ghaois. Tá gach eolas ag na Margaí. Tá níos mó tuisceana ag na Margaí ná mar atá ag na fealsaimh go léir ar a síneadh soir siar ó thaobh taobh na cruinne.

Is iad na Margaí ár réalt eolais, ár rí, ár dtiarna, ár ndia uilechumachtach a rialaíonn neamh agus talamh, ár laoch thar sáile, ár mbuachaill bán, ár gcrann solais, ár ngrásta laethúil, ár n-íocshláinte, ár lus leighis, ár bhfál cosanta, ár gcuradh curata, ár mbrí, ár mbeatha, an chúis go bhfuilimid anseo, ár slaitín draíochta, ár ngiolla mear, ár réiteach deiridh, ár bhfoilsiú deifnídeach, is iad na Margaí a chloífidh an dragan, a thachtfaidh an t-arrachtach, a chuirfidh as don namhaid ina nead, a smachtóidh an ainriail, a sháfaidh an fomhórach…ceart go leor, tuigeann tú faoi seo.

Ach cá bhfuil siad uainn anois, nuair is mó atáimid ina ngá?

Ní fheicim ach sóisialachas, agus níos measa ná sin, cumannachas neamhleithscéalach do gach leith? Trumpa na bhFlaitheas ag gealluint seic ar fiú €1,000 é do chách! Rishi Sunak sa Bhanríocht thoir ag maíomh nach tráth idé-eolaíoch é seo agus go ndéanfaidh siad gach dícheall cabhrú le gnóluchtaí, le comhluchtaí, le bainc agus go fiú le roinnt den chosmhuintir (mura mbeadh siad róshantach). Ár rialtas liombó féin ag cur a mbundún amach nach rachaidh lucht trádála go tóin poill nó go hAcheron síos. Fiacha cánach le cur ar athló, íocaíochtaí eatraimh le dáileadh amach, droichead airgid le tógáil dóibh siúd ina ghá, na súmairí airgid ag tabhairt faoiseamh trí mhí do lucht morgáiste a íoc (nó cuid acu). Nach ait nár shamhlaigh aon duine againn cumannachas riamh le Fine Gael?

Sa Spáinn tá an cúram sláinte príobháideach gafa ar láimh ag an rialtas, agus gnáthghéillseanaigh ag éileamh go roinnfeadh an rí cuid bheag den saibhreas rabairneach a fuair sé ón Araib Shádaisteach leo. Orduithe á dtabhairt ag monarchana sna Stáit Aontaithe ábhar leighis agus míochaine a sholáthar! Macron ag rá leis na bainc a ngob a dhúnadh - ‘agus seo é an rud a dhéanfaidh sibh!’ An é go bhfuil athrú meoin ag teacht ar an aos rialaithe, nó an é nach bhfuil ann ach gamba mór den sóisialachas d’fhonn an caipitleachas a shábháil (arís)?

Na Margaí bochta, nach nglacfá trua dóibh? Cé déarfadh anois gur tábhachtaí an dailtín ina chulaith dheas éadaigh Kiton K50 agus é ag screadach ar urlár cheann tí an Mhargaidh ag imirt Footsie leis an Dour Jones nó an Nazidaq seachas an t-altra ina culaith chosanta ag tabhairt aire don bhocht agus don bhreoiteachán? Nár dhána an mhaise anois do rialtas ar bith cur in aghaidh ardú pá agus feabhas ar théarmaí oibre do dhuine ar bith atá ag sclábhaíocht sna seirbhísí sláinte?

Nach binn mar a tógadh na seanfhocail amach in am an ghátair: ‘Ní neart go cur le chéile,’ ‘Ní thig le tine an abhainn a thrasnú gan chabhair’, ‘Is fearr comharsa ná saibhreas,’ ‘Caithfidh lámh amháin an ceann eile a ní’, ach nuair a bheidh an t-aothú seo thart is ‘”eadrainn féin atá sé” mar a dúirt an cat leis an iasc’. Nó: ‘Ná tarraing uisce salach na cosmhuintire chun do mhuilinn féin,’ mar adúirt an Margadh.