Eiscir Riada – ní teorainn go dtí é

Cad é an séadchomhartha náisiúnta is ansa leat? Ní déarfá an teorainn?


Is cinnte go bhfuil an aimsir éiginnte go maith na laethanta seo. Aiteann bhuí trí thine i mBaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin, tuilte i mBéal Feirste, tonn teaspaigh agus an teocht sna 30í ar fud an oileáin. In aon mhí amháin.

Is fada é on radharc a bhí ann níos túisce i mbliana nuair a bhí brat sneachta sínte orainn ar feadh seachtaine. Ach ní mhaireann na heachtraí seo rófhada – roinnt seachtainí.

Samhlaigh más féidir go raibh tráth den saol ann nuair a bhí an áit faoi oighear thar na mílte agus na mílte bliain. Na milliúin de bhlianta go deimhin. Íochtar agus uachtar reoite.

Agus an t-oighear ina shruthanna fud faid na tíre, nó fud faid an domhain ba chirte a rá, mar ní raibh aon tír ann an uair sin.

READ MORE

Nuair a tháinig an leá, d’fhág an oighearaois a rian ar luí na talún i mórán slite, ina measc, Eiscir Riada. Iomaire nó talamh ard atá sínte trasna na tíre, idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath an lae inniu, agus a chuir teorainn nádúrtha ar an bhfód idir an tuaisceart agus an deisceart.

Bhuel, ar an bhfód móna mar is portaigh atá le fáil ar an dá thaobh i gcuid mhaith de lár na tíre. Scarann sé an tír ina dhá leath agus seasann os cionn na talún isle portaigh máguaird.

An tSlí Mhór mar a thugtaí air, nó an Via Magna mar a thugadh na scoláirí Laidine uirthi. D’úsáidtí an ród seo chun taisteal siar agus soir, go Teamhair mar shampla a bhí ina cheann scríbe aitheanta ag an am.

I gcomhar le habhainn na Sionainne, bhí Eiscir Riada mar chuid de ghréasán a shín amach i dtreo na ceithre hairde, agus a thug dúinn leagan luath de chóras iompair Éireann.

Thrasnaigh siad a chéile i lár na tíre, agus is maith a thuig Naomh Ciarán an tábhacht a bhain lena leithéid de chrosbhóthar. Mar is ar an láthair sin a bhunaigh sé Mainistir Chluain Mhic Nóis, ionad foghlama a bhain cáil dhomhanda amach ó shin.

Má fhág Eiscir Riada a rian ar luí na talún, d’fhág sé a rian ar an dteanga chomh maith. Cuimhnigh ar na logainmneacha, Áth Eascrach mar shampla. Agus nach iontach an claochló a thagann ar an eiscir sa ghinideach?

Ach ghin sé go leor scéalta agus stair chomh maith, mar a insíonn an éigse léinn dúinn, Seathrún Céitinn i bhForas Feasa ar Éirinn, mar shampla, cé gur gá a chur san áireamh go raibh go leor den chruthaitheacht sa bhfios chéanna.

Conn Céadchathach

Pé scéal é, bhí an comórtas idir an dá leath seo suntasach i stair agus litríocht na tíre. Ba le beirt mhac an dá leath i bhfad siar, Éireamhón ó thuaidh agus Éibhear ó dheas.

Níos déanaí, Conn Céadchathach a bhí ina cheannaire ar an leath ó thuaidh agus le Mogh Nuadhat a bhain leath an deiscirt. Tá trácht ar go leor cathanna agus caismirtí eatarthu, Cath Mhá Nuad mar shampla sa bhliain 123 AD.

Níos déanaí, bhí sé ina spreagadh agus ina ábhar do na 30 éigin dán a chum grúpa filí ón dá thaobh sa 17ú haois ar a dtugtar Iomarbhá na bhFilí, agus iad ag argóint faoi cé acu den dá leath a bhí níos fearr, Leath Cuinn nó Leath Mogha.

Dhealródh nach raibh san argóint liteartha seo ach cur i gcéill, gur caitheamh aimsire nó taispeántas léinn a bhí ar siúl acu, seachas aon choimhlint ghéar nó searbhásach.

Tadhg Mac Bruaideadha ó chontae an Chláir a chuir tús oifigiúil leis pé scéal é sa dán Olc do thagrais a Thorna. Agus cén tagra nó argóint a bhí déanta ag Torna a bhí chomh holc sin ?

Go raibh an tuaisceart níos fearr ná an deisceart. Chum Lughaidh Ó Cleirigh ó Thír Chonaill dán le hargóint ina choinne ina dhiaidh sin agus lean an iomarbhá.

Mórthimpeall an domhain, gabhann trioblóidí le teorainneacha, uaireanta ar bheagán tairbhe. Agus tá mórán ceisteanna ardaithe faoina bhfuil i ndán ó thuaidh. Tá tús curtha leis an tagra abraimis, ach tá go leor dul chun cinn le déanamh fós.

Quo vademus?

Ní raibh sa Via Magna ach clocha míne beaga agus gairbhéal a fágadh nuair a chúlaigh an oighearshruth. Slí chrua ar thalamh bog.

Ach tá sé aitheanta mar shéadchomhartha náisiúnta anois. B’fhéidir go bhfuil luach inti ar shlite nach dtuigimid fós, agus freagraí ann a bheidh ina lóchrann dúinn sa ród seo romhainn.

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.