Eipidéim Eile

Ghluais an t-anbhá agus an líonrith tríd an bpobal mar atá inniu

 

Is cuimhin liom iad i gclós na scoile, agus ar imeall na sráide nuair a bhí an chuid eile againn ag imirt nó ag súgradh, na buachaillí sin a raibh cleithíní cailpéara ar a gcosa agus iad go minic ar leataoibh na slí. B’in iad na buachaillí ar bhuail an galar póilió iad nuair a bhíos im bhuachaill óg i gcathair Chorcaí.

Fág nach ionann gach aon eipidéim dá dtagann agus ceann ar bith eile, bíonn a gcosúlachtaí eatarthu. Víreas is ea an póilió ar nós gur víreas é an ceann a bhfuilimid faoi leatrom aige faoi láthair; agus víreas é a ghabhann ó dhuine go duine, is nach nochtann a gcomharthaí sóirt go ceann tamaill tar éis dó dul in ainseal; fairis sin, bhí tráth ann nuair a bhí sé leata ar fud an domhain, cé go bhfuil thar a bheith teoranta inniu.

Bhuail sé Éire sa bhliain 1956, agus bhuail sé Corcaigh go ró-áirithe. Ghluais an t-anbhá agus an líonrith tríd an bpobal mar atá inniu, bíodh nach raibh a fhios ag aon duine conas déileáil leis i gceart. Comhairlíodh do chách fanacht sa bhaile agus bhí siopaí lár na cathrach folamh. Dúnadh áiseanna poiblí, ina measc na linnte snámha amuigh faoin aer. Cuireadh cosc ar dhaoine snámh in Abhainn na Laoi, beart a bheadh inmholta lá ar bith; agus i dteannta gach aon rud eile, leathnaigh na ráflaí.

D’fhás na ráflaí as aineolas faoi fhoinsí an ghalair. Dúradh gur tháinig as beartanna éadaí dara láimhe a tháinig aniar as Meiriceá; dúradh gur de dheasca an bhainne phaistéartha é, óir ba bhainne caoldíreach ón mbó ba choitianta san am; ach ar a laghad níor cuireadh an milleán ar chait mar a tharla sna Stáit Aonaithe suim bhlianta roimhe sin nuair a díscíodh na deicheanna de mhílte puisíní idir bheag agus mhór le teann eagla.

Bhí mise im chónaí go díreach trasna an bhóthair ó Ospidéal Fhionnbharra Naofa, an ball inar chéadtugadh na hothair isteach ann, agus ina bhfuair an chéad duine bás. Níorbh eol dom sin ag an am, ach bhí an t-aer ar tinneall le sceimhle mar sin féin. Ropadh gach páiste óg síos go Halla na Cathrach d’fhonn an vacsaín a fháil, agus cé go raibh eagla ár gcraicinn orainn roimh na snáthaidí móra sin a raibh bior orthu mar a bheadh ar ghob pinn, bhí faoiseamh orainn nuair is píosa siúcra a dáileadh orainn.

Cé go bhféadfadh an víreas duine d’aois ar bith a phleancadh, ba throime go mór a luigh sé ar pháistí óga. Agus dá óige ba mheasa. Lean pairilís iad níos túisce ná aon duine eile, agus ar nós géarchéime an lae inniu, tholg go leor é a shiúil thart gan mhairg ar bith.

Ar nós na scéalta buile a chloistí le déanaí faoi dhaoine ón tSín a bheith á seachaint sular cuireadh d’iachall orainn cách a chéile a sheachaint, cuireadh fainic ar dhaoine fanúint glan amach ó mhuintir Chorcaí. Tharla Corcaigh a bheith i gcluichí ceannais sinsir iomána agus peile na hÉireann an bhliain sin. Bhí litreacha ar na nuachtáin ag moladh gan lucht leanúna an chontae a ligean isteach i bPáirc an Chrócaigh, cé go bhféadfadh cúiseanna eile a bheith leis sin! Dúirt Claud Cockburn, a raibh cónaí air in Eochaill san am, go dtéití go taobh eile an chóiste dá gcloisfí blas Chorcaí ar an traein. Agus diúltaíodh bheith istigh do lucht taistil ó Chorcaigh i dtithe lóistín agus óstáin!

Is é oighear an scéil é, go bhfuiltear ag comhairliú dúinn anois ár lámha a ní gan stad. Scaip an póilió sna tíortha ba shaibhre ar tús, óir bhí an imdhíonacht nádúrtha á scuabadh chun siúil ag an iomad glaineachta agus sláinteachais