Ego Patricius

Messe Cothraige…Mo mhearbhall, tá an teanga athraithe go mór ó d’fhoghlaim mé í


Ego Patricius, peccator rusticissimus. Quia vigilabo ego super te semper, ego autem non sum cum viderem…

Och, mo leithscéal, dhein mé dearmad nach bhfuil Laidin ar eolas ag aon duine níos mó.

Messe Cothraige…Mo mhearbhall, tá an teanga athraithe go mór ó d’fhoghlaim mé í ó na muca ar Shliabh Mis.

Tá sé deacair coimeád suas libh, ach tá níos fusa ón airde atá agamsa oraibh anois sna flaithis.

READ MORE

Bím ag faire oraibh ó thug mé an creideamh cóir daoibh. Ní mise amháin, gan amhras, mar ós ní é gur suáilce is ea an umhlaíocht, ní foláir dom a rá go raibh daoine eile faram.

Bhí Palladius romham, is fíor, ach níor éirigh go rómhaith leis siúd.

Is maith nár dhein, mar cuimhnigh dá mbeadh St Pallies Day agaibh anois in ionad Lá le Pádraig go mbeadh ardghreann ag na turasóirí a bhfuilim ann dóibh go bunúsach.

Is mé a bhí thar a bheith mórálach asaibh ar feadh i bhfad.

Smaoinítear air! Oileán na Naomh is na nOllamh!

Is ea, tá’s agam nach raibh gach naomh ina ollamh agus nach raibh gach ollamh ina naomh, ach mar sin féin. D’éirigh linn na draoithe a dhíbirt, na croíthe dúra gan aon mhaith.

Agus ná creid na scoláirí glice a bhíonn ag tóraíocht téise, dhein mé na naithreacha nimhe a dhíbirt go slán sleamhain, siar thar bhóchna agus trumpaí á séideadh lena n-imeacht.

Is róbhaol, áfach, go bhfillfidh siad arís, agus trumpaí laistiar díobh ón taobh thall.

Bhí aon dream amháin ann, áfach, nár fhéad mé iad a dhíbirt.

Níl aon fhírinne, mar a thuigfeá, i scéal sin na seamróige, ar finscéal lucht scoile é.

Bhaininn leas as luibheanna an t-am ar fad. An cuileann le cealga an diabhail a léiriú. Tá clúmh bhog ar an neantóig, agus is deas í a chuimilt, ach má bheireann tú greim uirthi, raghaidh san fhuil isteach.

Ar aon tslí, b’í an tseamair Mhuire a bhí i gceist agam, ach toisc ceithre chluas a bheith uirthi bhaininn ceann amháin i ngan fhios ós íseal di d’fhonn an scéal a chur abhaile.

Shíl mé gur chuir mé an argóint sin siar isteach, seachas go raibh grúpa amháin díobh nár ghéill dom theagasc.

Mórálach

Bhí mé thar a bheith mórálach asaibh nuair a chloígh sibh leis an gcreideamh cóir in aghaidh na n-eiriceach mbuí.

Is sibh nár ghéill do Chailbhin is a chogal ná do Liútar claon, dá mhéid an mealladh a rinneadh oraibh; cé go bhfeicim go bhfuil aos nua ag iarraidh a bheidh go deas leo.

Dá dtuigfí nach iad siúd is cás liom níos mó seachas an dream úd nár éirigh liom a dhíbirt, in ainneoin mo dhíchill féin.

Bhain sibh míchiall as cuid de na nithe a raibh mé chuca.

An Pota Phádraig, mar shampla. Shíl sibh gur deoch ba ea é, seachas a raibh i gceist agamsa.

Córas ceart séarachais agus uisce a thabhairt isteach. Feicim go bhfuil sibh fós ag troid ina thaobh. Ní gá don dream nár ghéill aon chorrabhuais a bheith orthu.

Bhí siad riamh mar sin.

Dul faoi thalamh, agus gobadh aníos nuair is lú a raibh gá agaibh leo.

Ní fhaca mé féin iad leis na cianta cairbreacha, ach mura bhfaca, ní hionann sin is nach raibh siad ann.

B’fhéidir don aimsir dul as, na Sasanaigh teacht is imeacht, an creideamh dul ar gcúl, an teanga lagú, an béaloideas a chur in imeall na slí, Maigh Eo craobh na hÉireann a bhaint, ba chuma…

Níor shíl mé riamh go mbeadh an dream is mó a dhíbir mé ag princeam mar mhagadh orm gach lá féile dem chuid…

Na leipreacháin mhallaithe!