Dualgas ar na húdaráis ‘cosaint dhlíthiúil teanga’ a achtú

Rath na teanga ó thuaidh ag brath ar dhea-thoil agus ar dhea-mhéin feidhmeannach agus airí rialtais

 

éadulaingt - intolerance, aithisiú - demonisation, aineolas aonteangach - monolingual ignorance, raiste - flurry, comhghuaillíocht chomhionannais - equality coalition, ina gceangail - binding, creat - framework, bonneagar - infrastructure.

Caithfear creat reachtaíochta cuí a bheadh greanta i mbonneagar an stáit a achtú má táthar chun cothromaíocht teanga a bhaint amach don Ghaeilge sa Tuaisceart.

Sin a bhí le rá ag Daniel Holder atá ina leas stiúrthóir ar an eagras cearta daonna an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (Committee on the Administration of Justice - CAJ) agus é ag plé na ceiste ag seisiún eolais i dtithe an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Tá Holder ina thionólaí freisin ar an gComhghuaillíocht Chomhionannais - gréasán d’eagraíochtaí neamh rialtais a phléann le cúrsaí comhionannais agus ceardchumann ó thuaidh.

Maítear ó am go chéile go bhfuil muintir an deiscirt dall ar chruachás na teanga ó thuaidh. Fuair Holder cuireadh ó Chonradh na Gaeilge labhairt ag an ócáid seo a bhí á riaradh ag an Teachta Dála Catherine Connolly do theachtaí dála agus do sheanadóirí araon - chun go bhféadfadh siad tuiscint a fháil ar chúrsaí teanga an Tuaiscirt.

Mar atá cúrsaí faoi láthair, braitheann rath na teanga ó thuaidh ar dhea-thoil agus ar dhea-mhéin feidhmeannach agus airí rialtais. Níl cosaint dhlíthiúil ag an nGaeilge agus cé go bhfuil tacaíocht tugtha ag cúig pháirtí (an Alliance, An Páirtí Glás, PBP, SDLP agus Sinn Féin) don Acht Gaeilge, is minic go gcuirtear bac polaitiúil ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.

Dúirt Holder (nach ó chúlra náisiúnach é) go bhfuil meon ar leith sa Tuaisceart atá go diongbháilte in aghaidh na Gaeilge.

Meon é seo, ar sé, atá sáite go minic san seicteachas.

“Agus,” a deir sé, “is gá é sin a aithint agus is gá dul i ngleic leis.”

“Tá an cineál céanna aineolais aonteangaigh ann (a fheictear in áiteanna eile) ach tá sé seo i bhfad níos cealgaí ná sin.”

Dúirt Holder - atá ar dhuine den 200 duine aitheanta a shínigh litir oscailte ag éileamh acht teanga ar an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh Aire na Breataine Theresa May le gairid - go raibh a fhios ag cách go raibh díothú na Gaeilge mar chuid de phróiseas an choilínithe.

“Ná dearmad”, ar sé, “ach go raibh sé ina luath-thionscadal ag stát Thuaisceart Éireann sochaí aonteangach agus aon-chultúrach a chothú.”

Rinneadh é sin tríd an Ghaeilge a dhíothú as na spásanna poiblí, ar sé, “as na cúirteanna, as an bparlaimint agus ón gcóras oideachais”.

Athrú tuisceanna

Tá athrú tar éis teacht ar an tuiscint a bhaineann le cearta daonna agus conas ar féidir na cearta a shlánú le blianta beaga anuas.

De réir caighdeán comhaimseartha cearta daonna is ceart na próiseas seo “a iompú droim ar ais,” ar sé.

De réir na ngealltanas atá leagtha síos i gComhaontú Chill Rìmhinn agus i gComhaontú Aoine an Chéasta tá dualgas ar na húdaráis cosaint a thabhairt don teanga.

Baineann sé, a dúirt sé, le deireadh a chur le polasaithe aonteangacha.

Anuas ar sin, tá dualgas ann dul i ngleic leis an “gclaontacht agus an éadulaingt atá in aghaidh na Gaeilge agus an aithisiú a dhéantar uirthi”.

Ach, an fhadhb atá ann, a deir sé, ná go ndéantar neamhaird ar seo mar gur ‘soft law’ atá dhá rialú faoi láthair.

“Arís agus arís eile d’éiligh forais na Náisiúin Aontaithe agus Coimisiún na hEorpa ar rialtas na Breataine a ndualgais idirnáisiúnta a bhaineann le cearta daonna a chomhlíonadh agus an reachtaíocht seo a achtú.”

An freagra a fhaightear go minic, a deir sé ná: “Bhuel, nach féidir libh (leis na páirtithe) dul ar ais isteach sa gcomhthionól agus teacht ar réiteach níos déanaí.”

“Rinneamar iarracht ar é seo a dhéanamh le trí bliana déag agus cuireadh gach iarracht ó mhaith. Is séanadh é seo ar dhualgais an stáit nuair a deirtear go gcaithfidh na páirtithe teacht ar réiteach eatarthu féin. Ní h-é sin a bhí i gceist leis na comhaontaithe sin,” a dúirt sé.

“Tá níos mó ná aineolas aonteangach i gceist leis seo agus caithfear díriú isteach air sin. Go bunúsach, is seicteachas é”

Raiste leithscéalta

Tugtar raiste leithscéalta nuair a éilítear acht teanga, ar sé: “deirtear gur sárú a bheadh ann ar chearta lucht an Bhéarla. Ach ní hea! Ní sháraítear cearta éinne trí bhreathnú ar phíosa páipéir a mbeadh Gaeilge scríobhtha air - tá sé chomh simplí leis sin.”

Deirtear freisin go minic go bhfuil costas ró-ard ag baint le polasaithe dhátheangacha a chur i bhfeidhm agus go gcaithtear “x milliún” ar sheirbhísí as Gaeilge cheana féin.

Ach, mar a deir Holder, téann an chuid is mó den chaiteachas seo ar oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil.

“Caithfidh na páistí freastal ar scoil éigin - bealach amháin nó bealach eile - agus dá mba rud é gur cuireadh cosc arís ar oideachas thrí mheán na Gaeilge chaithfí an oiread céanna a chaitheamh ar oideachas trí Bhéarla dóibh.”

Agus é ag trácht ar cé chomh gasta is a cuireadh deireadh le polasaí dátheangach an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann, dúirt Holder nach mbíonn srian ar bith ar chaiteachas nuair a bhaineann sé le seirbhísí Gaeilge a mhaolú. I mí Bealtaine 2016, thóg an DUP seilbh ar an roinn oideachais agus níor thóg sé ach “seachtainí” ina dhiaidh sin go dtí gur athraíodh polasaí na roinne ó pholasaí dhátheangach agus gur cuireadh polasaí iomlán nua aon-teangach Béarla i bhfeidhm.

Dualgas

Dúirt Holder go bhfuil an dualgas ar na húdaráis, dlí a achtú chun cosaint a thabhairt don teanga.

“Deirtear linn de shíor gur ar chainteoirí Gaeilge atá an locht go ndéantar ionsaithe seicteacha orthu agus gur gá dóibhsean athrú éigin a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Ach, ní ar chainteoirí Gaeilge atá an dualgas. Is ar na húdaráis phoiblí atá an dualgas dul i ngleic leis an namhaideachas agus an éadulaingt in aghaidh na teanga.

“Tá dualgais idirnáisiúnta ann, tá creatlach ann chun cabhrú le chur cinn na teanga ach ní féidir linn muinín a bheith againn go gcuirfear i bhfeidhm iad.”

“Séard atá uainn ná go n-achtófar dlí crua chun a chinntiú gur féidir linn na caighdeáin a cheapamar a bhí againn (sna comhaontaithe) a chur i bhfeidhm. “Mura dtarlaíonn sé seo leanfaimid ar aghaidh sa ngéarchéim seo ina ndéantar dímheas ar na dualgais atá ina gceangail de réir dlíthe idirnáisiúnta.”