Duais chonspóideach

Ceist mhór is ea fiúntas dhuaiseanna litríochta sa chéad dul amach

Peter Handke. Grianghraf:  EPA/Julien de Rosa

Peter Handke. Grianghraf: EPA/Julien de Rosa

 

Lean achrann Duais Nobel na litríochta ón gcéad cheann riamh nuair nár bronnadh ar Leo Tolstoi é. Agus gan amhras, is fairsinge na bearnaí d’ainmneacha mór le rá a d’éalaigh trí eangach an choiste bhreithiúnais ná na peidhleacáin agus na cuilí Bealtaine a scinn ar feadh tamaill agus ansin a d’imigh as. Tar éis an tsaoil, cé aige a bhfuil cuimhne anois ar Paul HeyseHenrik Pontoppidan suas is anuas le habair, James Joyce a raibh sé tuillte cúpla uair aige?

Is fíor go raibh cuid eile nár aithníodh agus ba mhaith sin, nó ráineodh go mbeadh níos mó táisc orthu seachas mar atá, agus mheallfaí daoine saonta lena léamh. Duine díobh sin ba ea Henry James, arb é Jane Austen i mbríste é, ach a bhfuil a chuid próis níos tréiciliúla agus níos stóinsithe, más féidir sin. Tá sean-nath ann adeir go raibh trí stíl aige: James the First, James the Second agus The Old Pretender. Sa chás sin, ní raibh Acadamh na Sualainne ina chodladh.

Ceist mhór is ea fiúntas dhuaiseanna litríochta sa chéad dul amach. Is dócha thar aon rud eile go ngineann siad poiblíocht, agus is í an phoiblíocht a thugann gaoth agus seoladh do na leabhair. Fairis sin, cuirtear daoine ag cabaireacht faoi ábhar ar díol cabaireachta é seachas an Breatimeacht, nó an buiséad, nó broimneach bó.

Ina choinne sin thall, chuir an tAcadamh a dhá spág mhóra sa lathach arís i mbliana agus nár bhreá a bheith id dhamhán alla sa chúinne ag éisteacht leis an bplé? Is ea, maítear go bhfuil trí theanga déag eatarthu ag baill an choiste a shocraíonn an scéal mór i ndaingean rúnda a mbotha féin. Bíodh sin mar atá, ach fágtar litríocht fhormhór theangacha an domhain ar imeall na slí, óir conas ab fhéidir leo úrscéalaí a bhreacann sa Kikuyu seachas file a scribileálann sa Mhayalam a mheas? Is sin - fara grá an pharóiste - faoi dear go bhfuil níos mó duaiseanna Nobel litríochta buaite ag an tSualainn ná scríbhneoirí ón Áis le chéile fad a ritheann ó oirthear Istanbul go dtí Ceann Tíre Deshnev na Rúise.

Peter Handke fear na bliana seo. Údar ón Ostair a scríobhann úrscéalta, drámaí agus scriptscannáin go háirithe. Is cuimhin liom gur léigh mé Die Angst des Tormanns beim Elfmeter fadó - ceart go leor ‘Eagla an Chúlbáire roimh an gCic Éirce’ duitse agus domsa (…agus i mBéarla!), ach shíleas gurbh é an teideal an chuid ab fhearr de. Ach ceal eolais ar aon rud eile óna pheann, óna chlóscríobhán, nó óna ríomhaire féin táim balbh le haineolas ina thaobh.

Ach b’é an séideán bruithne a dhúisigh sé ná gur chosain sé iompar na Seirbiach sa chogadh concais a d’fhear siad in aghaidh na gcodanna eile den tseanIúgsláiv RIP. Dúirt sé gurbh é an bua a rug siad ar Bhoisnia an chéad bhua le 500 bliain anuas in aghaidh na Tuirce; gurbh iad na Seirbiaigh ba mhó a d’fhulaing dáiríre sa chogadh; gur déanadh sléacht agus cos ar bolg orthu ar nós na nGiúdach, agus gur eagraigh Moslamaigh féin an t-ár d’fhonn an milleán a chur ar na Seirbiaigh!

Níl aon dabhta ann ach go raibh samhlaíocht aige. Ach mhúscail an bronnadh gradaim seo ceist níos mó: an ceart dúinn, nó an féidir linn meas agus urraim a bheith againn ar scríbhneoirí nach réitímid lena leagan amach polaitíochta, nó go bhfuil an dearg-ghráin againn ar a seasamh poiblí?

Ní féidir liomsa Kipling a léamh, mar shampla, bíodh gur file ceardúil é; ná L. Frank Baum, údar ‘The Wizard of Oz’ óir mhol sé go ndíothfaí an pobal dúchais ar fad, agus bhí Yeats féin faisisteach-bhách.

Cad fútsa, nó an cuma?