Draíocht na scannán fadó: Faoiseamh ó chruatan agus leadrán an tsaoil

Ní raibh teilifís sa teach s’againne

Thug mé ruaig ar na sean fhóid le déanaí chun a fháil amach an raibh an sean phictiúrlann - An ‘Model Cinema’ i Mainistir Éimhín - ann i gcónaí. Chas mé le sean chara scoile chun dul siar ar bhóithrín na smaointe faoin bpictiúrlann fadó.

Is bocht an radharc é an tsean phictiúrlann ar Rae Dhroichead Átha. I bhfad níos lú anois ná mar a choimeád mé i mo chuimhne. In ainneoin go bhfuil dea-bhail ar an díon aispeiste fós, tá doirse an fhoirgnimh lofa agus ag titim as a chéile. An áit ina raibh dhá bhealach isteach ón gcosán níl aon lorg fágtha ann anois. Ar a slí isteach do na daoine bhíodh dhá ghlób solais ar na colúin chun na patrúin a threorú chuig thír na n-iontas i saol na samhlaíochta agus na draíochta.

Ní bhíodh mórán eile ar m’intinn ag an am ach na ‘flicks’ mar a thugtar orthu agus déanta na fírinne, ní raibh mórán siamsaíochta oíche eile ar an mbaile. Ní raibh teilifís sa teach s’againne agus dá bharr sin chaithinn dul go dtí halla an CYMS oíche Déardaoin chun an tsraith theilifíse The Fugitive a fheiceáil. Ba ar éigin a bhínn in ann mo chos a bhrú thar leac an dorais mar ní bhíodh áit suí ná seasaimh taobh istigh toisc an seomra a bheith lán go doras. Aird agus súile gach duine sáite sa teilifís dubh agus bán sa chúinne ag amharc go grinn ar thréan iarrachtaí Richard Kimble a bhíodh sa tóir ar an bhfear leathláimhe a bhí tar éis bhean chéile Kimble a mharú. Ach, dá fheabhas é mar scéinséir mistéire níorbh leor é chun mo chíocras i scannáin chrithlonracha na pictiúrlainne a shásamh.

Trí huaire sa tseachtain a théinn chuig an bpictiúrlann – rud a dtugadh i dtrioblóid mé go minic leis na mBráithre Críostaí. Gach maidin Luain bhíodh an gnáth bhinse fiosraithe romhainn chun a fháil amach cé a bhí ag na pictiúir an oíche roimh ré. Agus dar Fia d’íocadh na coirpigh go daor as mura ndéanfaidís a gcuid obair bhaile don lá sin.

READ MORE

Roimh dhul isteach i ‘dteach na bpictiúr’ dom bhíodh an-chraic agam ag crochadh timpeall le mo chairde i siopa ‘Robinsons’ in aice láimhe ag ól Pepsi agus ag spochadh as a chéile – agus ag baint lán ár súl go sleamhain as na cailíní ag dul thar bráid.

Ní raibh ach réal ar an táille iontrála agus bhíodh dhá phingin eile agam le haghaidh barra taifí ‘Butterscotch’ a bhíodh chomh crua le hadharc pocaide agus a tharraingeodh d’fhiacla as do cheann agus tú ag iarraidh é a chogaint. B’iomaí uair a bhain mé greim as mo theanga toisc go raibh mé chomh mór san i ngreim ag an scéal sa scannán.

Ba mhinic le linn scannáin nuair a bhíodh cuid de mo chairde ag tarraingt achrainn ó bheith ag scairteadh nó ag caitheamh páipéir mhilseáin lena chéile, thagadh an teilgeoir anuas orainn aniar aduaidh ag beartú a thóirse agus ár ndalladh chun na maistíní ba mheasa a aithint. Is ansin a thugadh sé an rabhadh dodhearmadta dúinn: ‘Ciúnas le bhur dtoil sna ‘sé pingine’ nó stopfaidh mé an scannán’.

Uair amháin briseadh ar fhoighne an teilgeora, áfach, agus chuir sé cosc ar roinnt chairde de mo chuid teacht isteach sa phictiúrlann. Rinne siad agóid in aghaidh an chinnidh taobh amuigh den phictiúrlann oíche dar gcionn agus cé nach raibh mé féin ciontach ní fhéadfainn dul thar an líne phicéid. Nuair nár ghéill an t-úinéir don éileamh iad a ligean isteach, d’imigh cuid de na leaids ó smacht agus chaith siad clocha ar dhíon na pictiúrlainne. Nuair a chuala an teilgeoir an rap lasnairde, amach leis in ár ndiaidh mar a bheadh fear mire ann. Ritheamar lenár n-anamacha agus déarfainn dá mbéarfadh sé ar dhuine againn an oíche sin nach bhfaigheadh sé saol práta i mbéal muice.

Scannáin uafáis, Buachaillí bó agus Indiaigh Rua ba mhó a mbíodh á dtaispeáint san am sin. Is dócha go bhfaca mé na céadta scannán ach tá mórchuid acu ligthe i ndearmad agam mar ní raibh siad thar mholadh beirte.

Ach seasann cúpla ceann amach i mo chuimhne: an scannán High Noon agus Gary Cooper cróga a raibh gnúis chreagach dhúshlánach aige agus é réidh chun an fód a sheasamh in éadan Frank Miller agus a bhuíon meirleach. Ba bhagrach amach is amach an t-atmaisféar sa scannán sin. Ghéaraigh ar an teannas leis an gcomhaireamh síos ar an gclog go dtí meán lae – am cinniúnach báire na fola. Crochta ar chorr na cathaoireach a bhíomar agus ár gcroí ag dul amach ar ár mbéal ag féachaint ar Cooper agus é ag feitheamh ar theacht na traenach ina raibh na meirligh díoltasacha. M’anam, ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar Grace Kelly, bean chéile álainn Cooper a ghéill sa deireadh agus a chuidigh lena fear na drochdhaoine a shárú. Níor chaill fear an mhisnigh riamh!

Scanraigh an scannán Cú na mBaskerville an t-anam asam. Agus mé ag siúl abhaile tar éis an scannáin sin chuir na crainn thaibhsiúla ar thaobh an bhóthair scéin ionam mar shamhlaigh mé gurbh arrachtaí scanrúla iad a bhí sa tóir orm. Níos measa fós bhí eagla mo chraicinn orm go dtabharfadh an cú diabhlaí féin aníos ó ifreann fogha fúm agus go sáfadh sé a starrfhiacla fuilteacha i mo scornach faoi mar a shrac sé an scornach as Hugo Baskerville. Cuireadh an ghruaig ina seasamh ar mo cheann agus bhain mé as na boinn é le m’anam abhaile.

Bhíodh an phictiúrlann an-tarraingteach go deo mar ba leigheas agus cúiteamh í ó chruatan, leadrán agus ísle brí an tsaoil. Mar bhealach sóisialta bhí sí an-saor agus ba mhór an leas í do bheirt a bhíodh ag cúirtéireacht mar d’fhaigheadh siad príobháideachas i ndorchadas na pictiúrlainne rud nach raibh ar fáil acu d’uireasa cairr nó a n-áit féin.

Beidh cuimhní geala agam ar an sean teilgeoir scannán mar fhiontraí treallúsach a sholáthair siamsaíocht, spraoi agus draíocht do mhuintir an bhaile ar feadh 35 bliana nuair ba bheag eile a bhí ann dóibh. Is cuimhin liom go maith é mar fhear óg lúfar a thagadh anuas chugainn d’urchar neimhe chun na focail cháiliúla seo a scairteadh orainn: ‘Fanaigí ciúin sna ‘sé pingine’ le bhur dtoil nó stopfaidh mé an scannán’. Ach ní cuimhin liom riamh é ag cur leis an mbagairt sin.