Dealbha ag Bogadh

Dá gcuirfeadh rith rúin aon rud i gcrích chuirfí cosc leis mar chleachtas

Dealbh Edward Colston. Grianghraf: Bristol City Council/PA Wire

Dealbh Edward Colston. Grianghraf: Bristol City Council/PA Wire

 

Thiar i gcianstair an tsamhraidh 1985 fadó riamh thosnaigh dealbha ag bogadh ar fud na hÉireann. B’é an ceann den Mhaighdean Mhuire i mBéal Átha an Spidéil i gContae Chorcaí an sampla ba mhó tásc agus bhí triall na mílte ar an áit. Tharla daoine eile ag coinne go dtosnódh dealbh Christy Ring i gCluain ag bogadh chomh maith le súil is go gcorródh foireann iomána an Chontae de bheagán á leanúint.

Tá an chuma anois air go bhfuiltear ag tosnú ar dhealbha éagsúla a bhogadh nó a leagadh ar fud an domhain. An chonspóid a lean díbirt agus báthadh na deilbhe den trádálaí tráilleanna Edward Colston i Sasana, ba chonspóid í a d’airíomar cheana. ‘Níor cheart go mbeadh sé ann, ach ós rud é go bhfuil, fágtar ann é.’ Nó, ‘Ní maith liom é mar dhealbh, ach ní hé seo an bealach lena dhéanamh.’ Nó ‘Cuid den stair é.’ Gach aon seancheirt de leithscéal madrúil tógadh anuas iad mar a chéile agus ar ais i gcás colúin Nelson i gceartlár na hardchathrach.

Go deimhin, déanadh iarrachtaí iomadúla ar Nelson a thabhairt anuas nach mór ón uair gur éirigh a cholún inár measc. I rith an 19ú haois ritheadh rúin agus rúin ina choinne, ach b’fhuar ar fad iad. Dá gcuirfeadh rith rúin aon rud i gcrích chuirfí cosc leis mar chleachtas. Ba dhéine na hiarrachtaí in óige an tSaorstáit, agus theastaigh ó na Léinte Gorma iad féin an rud lofa a leagadh, cé go raibh duine dá lucht tacaíochta WB Yeats ar son é a aistriú go háit éigin eile. Faic níor déanadh go dtí, mar adúirt an t-amhrán, ‘old Nelson took a powder and he blew.’ Ba chuid de thraidisiún é dealbha maslacha a dhíbirt nuair nár fhéad an gníomh cainte é a dhéanamh, mar a tharla cheana le Liam Oráiste, an Rí Georg II agus an Bíocunta Gough i bPáirc an Fhionnuisce. Smaoinítear ar na deacrachtaí a bhí ann Sráid Uí Chonaill a ainmniú mar mhalairt ar an Tiarna Lionel Sackville, Fear ionad an Rí, Diúc Dorset, Ridire an Ghairtéir agus Scrúdaitheoir an tuair ríoga.

Cuirtear in airde nó baintear anuas dealbha agus leachta cuimhneacháin éagsúla de réir luachanna an phobail ag am ar bith. Ní hionann sin is a rá go gcaithfear gach uile rud a athrú de réir puth gaoithe na linne láithrí, ach uaireanta bíonn an ráiteas poiblí chomh tarcaisneach sin, nó an chúis a sheasann sé dó beo fós agus an nimh ag sruthlú tríd an bpobal i gcónaí dá dheasca. Mar sin, ní móide gur gá Sráid Bhagóid i mBaile Átha Cliath a athrú, mar fág nár dhuine róchairdiúil é Robert Bagod le gnáthmhuintir na cathrach, is san 13ú haois a mhair, agus is féidir linn a ndearna sé mar bhreitheamh a scaoileadh tharainn.

Ní hionann agus abair an Rí Leopold II de chuid na Beilge a bhí ar dhuine de na barbaraigh ba mhó a mhair ar an domhan seo riamh agus Genghis Khan, Pol Pot agus Jean Kambanda a chur san áireamh. B’fhéidir gan amhras, in áit na dealbha go léir de a scrios go dtógfaí ceann úrnua ina mbeadh na céadta míle lámh ag éirí chun na spéire lasnairde ag comharthú an córas teascaithe agus gearrtha a thionscain is a thiomáin sé ionas go mbeadh ruibéar saor le fáil ag cách. Toisc iarmhairt na sclábhaíochta a bheith fós farainn, agus ar eagla an dearmaid, sclábhaíocht fós á cleachtadh in áiteanna, is aithis leanúnach í aon aitheantas poiblí a thabhairt do Leopold i mball ar bith seachas ar leacracha íochtar Ifrinn.

Is ea, uaireanta focal moltach is ea íolbhristeoir.