Dúshláin agus deiseanna na Gaeltachta

Cúrsaí Gaeltachta, ealaíne agus CLG


Tagann athbhreithniú Údarás na Gaeltachta ag tús na bliana mar a thagann na fáinleoga ag tús an tsamhraidh. An Luan seo caite a eisíodh an tuairisc ar imeachtaí an údaráis don bhliain 2017.

Is maith go dtagann an t-athbhreithniú.

Sa chéad dul síos, tugann an cháipéis deis do gach aon duine obair an údaráis a scrúdú agus ceist a chur faoi éifeacht a gcuid polasaithe agus toradh a gcaiteachais. Chomh maith leis sin, cuireann an tuairisc i gcuimhne dúinn gur daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus go dteastaíonn postanna agus deiseanna uathu. I bhfad uainn an Ghaeltacht mar iarsmalann.

Ní doiligh cur síos gairid a dhéanamh ar na cinnlínte: 630 post nua cruthaithe; méadú ar an bhonn fostaíochta cúig bliana i ndiaidh a chéile; 7,503 post lánaimseartha i gcomhlachtaí; 25 gnó nua tosaithe; tograí nua ceadaithe le hinfheistíocht €28m; pleananna teanga ceadaithe agus pleananna eile le réiteach; tús curtha le forbairt Gréasán Digiteach na Gaeltachta.

READ MORE

Lena chois, fógraíodh straitéis nua do na blianta 2018-2020, straitéis a bheas dírithe ar an Ghaeilge, nuálaíocht agus fostaíocht. Tugann an plean úr le fios: “Déanfar gach iarracht na cúinsí cuí a chruthú, ionas go mbeidh an Ghaeltacht mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail ann agus áit a mheallfaidh an gnáthphobal, fiontraithe agus cuairteoirí araon chun cónaí, maireachtáil agus oibriú ann.”

Dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Mícheál Ó hÉanaigh, go raibh sé sásta leis an leibhéal post a cruthaíodh leis an acmhainn a bhí ar fáil.

Mar sin féin, “tráth cinniúnach” a bhí ann don cheantar, bhí “dúshláin shuntasacha teanga agus socheacnamaíochta le sárú”.

Bhí sé sásta go raibh “na straitéisí cuí againn chun an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an téarnamh eacnamaíoch náisiúnta atá á thuar ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun ceadú do cheantair Ghaeltachta fás, forbairt agus bláthú mar phobail bhríomhara teanga”.

Dúirt cathaoirleach an údaráis, Anna Ní Ghallachair, go raibh “forbairt inmharthana na Gaeltachta, na n-oileán Gaeltachta agus dá réir sin cothú pobail bhríomhair teanga mar phríomhchuspóir agus fócas ag Údarás na Gaeltachta ...”

Tá an t-athbhreithniú breac leis na focail thraidisiúnta sin a bíos i dtuarascálacha den tsórt seo, ar nós “dóchas”, “spreagadh”, “dea-thoradh”, “dúshlán”, “dul chun cinn”, “lúcháir”, “pobal”, “tosaíocht” agus eile.

Thiocfadh leat éirí rud beag searbh faoin chaint chéanna – dá ionraice í. Cá mhéad uair a chuala tú an chaint seo roimhe?

Tá gá agus géarghá, ámh, leis na focail sin a rá arís agus arís eile chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeltacht de.

Cluineadh gach aon státseirbhíseach, gach aon aire, gach aon T.D., gach aon chomhairleoir, gach aon duine, lá i ndiaidh lae, iad: Gaeltacht; plean; acmhainn chuí; bláthú; pobal bríomhar; dul chun cinn; dúshlán, daoine.

Ní féidir le lucht na teanga cás na Gaeltachta a chur chun cinn minic go leor.

Cad é an riocht a bheadh ar an Ghaeilge gan an Ghaeltacht?

Póirtéir an péintéir

Is maith mar a fhóireann an focal ‘ildánach’ do Chathal Póirtéir. Bhí fear Dhoire ina aisteoir agus ina bhainisteoir le comhlacht an Damer, chaith seal ag obair mar iriseoir leis an nuachtán

Amárach

agus seal ní b’fhaide ina dhiaidh sin le RTÉ mar iriseoir agus léiritheoir raidió. Ó, tá sé ag obair leis le cás scríbhneoirí na Gaeilge a fheabhsú le roinnt blianta anuas.

Is ealaíontóir é fosta agus beidh taispéantas dá chuid pictiúr ar thírdhreachanna agus ar mhuirdhreachanna le feiceáil san ionad ealaíne, Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath, idir an Déardaoin 8ú Feabhra agus an Déardaoin 15ú Márta.

“Uisce agus Cloch” an t-ainm atá ar an taispeántas seo. Déanann Póirtéir ceiliúradh ar an timpeallacht ina chuid pictiúr; díríonn sé ar lochanna, easanna, aibhneacha agus ar na clocha trína sileann siad. Eolas: niamh.nic@axisballymun.ie

CLG na Gaeilge

Tá Cumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael le seimineár lae a eagrú ar an téama “An Ghaeilge agus an CLG”. Beidh cainteanna ann ar an cheangal idir an teanga agus CLG agus ar iriseoireacht na Gaeilge agus na cluichí Gaelacha.

Beidh mórán daoine i láthair a bhfuil baint acu leis an CLG agus a bhíonn ag plé leis i nGaeilge: Pádhraic Ó Ciardha, TG4; Gráinne McElwain, tráchtaire spóirt ar TG4; Niall Comer, uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Dara Ó Cinnéide, craoltóir agus iarpheileadóir, mar shampla. Cuirfidh an t-iriseoir Mártan Ó Ciardha agallamh ar Mhícheál Ó Muircheartaigh agus an téama “CLG – inné, inniu agus amárach” faoi chaibidil acu.

Is i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn 10ú Feabhra, a bheas an ócáid. Níl costas ar bith ar an lá ach moltar do dhaoine focal a chur ar thicéad roimh ré. Eolas: siobhan.nichuana@gaa.ie