Dún Chaoin – an scoil nár dúnadh

Tugann leabhar nua léargas ar agóid chonspóideach scoile


Dá n-iarrfainn ort roinnt de na rudaí is tábhachtaí i saol na Gaeilge a lua, seans mór go mbeadh an Ghaeltacht agus an scolaíocht chun tosaigh. Tugann leabhar nua Choilm Uí Shnodaigh – Dún Chaoin: oscail an scoil! (Coiscéim, €15) – léargas ar thábhacht an dá ní sin. Cuireann sé i gcuimhne don léitheoir nach bhfuil deireadh leis an streachailt leis an teanga a chur chun cinn agus oideachas a chur ar pháistí na Gaeltachta agus oideachas Gaeilge a chur ar pháistí taobh amuigh di.

Thiar ag tús na 1970í a rinne Roinn an Oideachais socrú scoil Dhún Chaoin a dhruidim, í a nascadh le scoil eile agus páistí an cheantair a chur ar an bhus chun na scoile nua.

Polasaí nua ba chúis leis an druidim ach polasaí nár ghlac muintir an cheantair uilig leis. Socraíodh ar agóid agus, diaidh ar ndiaidh, rinneadh cúis náisiúnta de dhruidim na scoile de bharr an fheachtais sin.

Ghlac an oiread sin daoine páirt san fheachtas sin nach dtig leis an léirmheas ghairid seo a gceart a thabhairt dóibh uilig ach bhain siad le mórán gach aicme. Bhí lucht ollscoile ann – Breandán Ó Buachalla, sárscoláire, – bhí lucht nuachtán ann – Dónal Foley de chuid an pharóiste seo, fear a rinne cion fir ar son na teanga san Irish Times – bhí filí ann, Máire Mhac an tSaoi – ní feachtas go file – agus bhí léar mór de phobal Dhún Chaoin féin páirteach, daoine a chaith iad féin ar na barracáidí le go gcoinneofaí an scoil ar oscailt.

READ MORE

Seans go mbeifeá den tuairim gur leabhar measartha tur a bheadh anseo, cur síos lom ar dhátaí agus ar imeachtaí. Ní bheadh an ceart agat. Leabhar lán croí atá ann, saothar lán daoine. Labhrann fear Kíla le mórán daoine a raibh baint acu leis an fheachtas, rud a chuireann brí ar leith san insint.

Lena chois sin, léiríonn sé an mearbhall a bhí ar dhaoine nuair a chuala siad den chéad uair go raibh an scoil le druidim; nach raibh siad cinnte cad é an dóigh ab fhearr le dúshlán na druidime a thabhairt.

Más de réir a chéile a thógtar na caisleáin, is de réir a chéile a thógtar na feachtais fosta.

Agus a leithéid d’fheachtas. Níl cúis ar bith go n-éireodh leis i ndáiríre. Scríobhann Ó Snodaigh go raibh na húdaráis – idir pholaiteoirí agus státseirbhísigh – ag tabhairt cluas bhodhar d’achainí an phobail: bhí cinneadh déanta agus sin a raibh de.

Bhí Gaeilge ag an aire oideachais, Pádraig Faulkner (FF), agus baint aige le ceann de na ceantair Ghaeltachta ba láidre in Éirinn, Rann na Feirste, áit a raibh sé ag plé leis an choláiste samhraidh ann. Bíodh sin mar atá, thacaigh sé le dúnadh na scoile agus níor thánagthas ar mhalairt tuairime faoi sin go dtí go raibh athrú rialtais ann.

Léiríonn Ó Snodaigh mar a tháinig tuigse chuig daoine, diaidh ar ndiaidh, faoi thábhacht na scoile don cheantar, don Ghaeltacht, don teanga. Cuireann sé síos ar chásanna eile – scoileanna beaga tuaithe Béarla chomh maith – a bhí mar chroí an cheantair agus an imní mhór a bhí ar dhaoine go scriosfaí an ceantar dá ndruidfí iad; rud a tharla i mórán cásanna.

Daoine agus daonlathas atá faoi chaibidil ag Ó Snodaigh agus é sin i stíl bhreá bhríomhar, mar aon le grianghrafanna comhaimseartha. Is maith mar a chluineann Ó Snodaigh caint na ndaoine agus is maith mar a chuireann sé na daoine sin romhat. Thiocfadh leat an leabhar a léamh mar scéinséir beagnach, chomh beo agus a chuireann Ó Snodaigh mothúcháin na haoise i do láthair, mothúcháin a bhí teasaí go maith ar ócáidí. (Thug an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain íde béil thar a bheith gránna do Faulkner, mar shampla.)

Fágfaidh muid an focal deiridh faoi eagarfhocal a bhí san Irish Times faoi chás na scoile, mura bhfuil sin róshotalach: "Transporting children from one school to an overcrowded one five miles away is piecemeal thinking at its worst.

“If we are serious about the Gaeltacht, there are urgent sociological and linguistic questions which must be attended to in a scientific manner.

“The Gaeltacht is dying quickly; there is little time left. Forty-one Gaeltacht schools have already gone. It may be said that with nearly 800 primary schools closed in rural Ireland, Dunquin is a minor matter. Possibly in itself it is, but the row has exposed the total lack of plans by the Government on the Irish language...”

Sa bhliain 1970 a foilsíodh an píosa sin. Seo muid sa bhliain 2017 agus is ann don “piecemeal thinking” agus do na “urgent sociological and linguistic questions which must be attended to in a scientific manner” agus do “the total lack of plans by the Government on the Irish language” go fóill.

(Ná luaigh an straitéis 20 bliain liom. Is trua gur leagadh an oiread sin crann leis an oiread sin páipéir a chur amú!)

Cad chuige a léifeá leabhar a bhaineann le hagóid scoile thiar sna 1970í?

Tá, mar go maireann an meon a dhruid an scoil sin go fóill.