Cuasnóga i measc seandachtaí ar ceant

Ar chuid de na hiarsmaí b’ inspéise bhí cáipéisí agus litreacha a scríobhadh san am atá thart

 

FOCLÓIR: Furú - commotion, bustle; cuasnóg - lucky find; seandachtaí-antiques; gliúcaigh - curious people; déantáin - artefacts; Caisleán Cheapach Corcóige - Ashford Castle; aibhéardaí - land agent; caoinchead - by kind permission.

Cuireadh lear mór seandachtaí ar ceant i mBaile Átha Cliath le déanaí. De bharr srianta daingne na paindéime níor cheadmhach do shluaite bheith ag teacht le chéile in aon áit amháin chun na seandachtaí seo a mheas. Ní bhíonn an gleo agus an rí rá ag na ceantanna níos mó agus ní bhíonn deis ag daoine an t-ábhar a mbíonn spéis acu ann a fheiceáil lena súile cinn.

Ach, bíonn siad in ann íomhánna a fheiceáil ar an idirlíon agus b’fhéidir nach lú iad na sceitimíní a chuireann na híomhánna sin ar na hábhair cheannaitheoirí a mbíonn spéis ar leith acu sa stair.

Cé go bhfuil furú an cheant ar lár ar na saolta seo, bíonn deis fós ag an duine luach a chuid airgid a fháil.

Thabharfadh na nithe difriúla a bhí ar ceant an babhta seo ar shuíomh idirlín Whyte’s misneach d’éinne a bheadh ar thóir nithe luachmhara nó ar thóir cuasnóga. Bhí sé ar intinn ag an gceannaitheoir áirithe seo léarscáil a cheannach dá bhfaigheadh sé margadh maith.

Caoimhín de Barra

Bhí slám mór cáipéisí agus déantáin sheanda sa cheant freisin. Ina measc bhí pící ó aimsir Éirí Amach 1798, leabhar a bhí sínithe ag Séamus Ó Conghaile, seic a bhí sínithe ag an bPiarsach agus léarscáileanna stairiúla. Bhí boinn airgid ann freisin a rinneadh as miotal gunnaí le linn Chogadh an Dá Rí agus bhí bailiúchán leabhar faoi Chogadh na Saoirse i measc ábhar eile.

Ar chuid de na hiarsmaí ba luachmhaire bhí an litir dheireanach a scríobh Caoimhín de Barra sular cuireadh chun báis é; bhí claíomh ann ón gCré-Umhaois agus bratach trídhathach ó Seachtain na Cásca, 1916.

Íocadh go leor ar na hiarsmaí tábhachtacha staire seo agus ón méid a bhí á thairiscint ar chuid acu is léir go bhfuil an-tóir i gcónaí ar thearc-iarsmaí ársa na tíre seo.

Bhíothas ag súil go mbainfeadh litir de Barra €60,000 - €80,000 amach agus ar deireadh íocadh €75,000 air. Íocadh €7,000 ar chlaíomh na Chré-Umhaoise agus €32,000 ar an mbratach úd.

Ach ar chuid de na hiarsmaí b’ inspéise ar fad b’fhéidir, bhí cáipéisí agus litreacha a scríobhadh san am atá thart. Ina measc bhí litreacha a shínigh breitheamh an mhíchlú, an Tiarna Norbury.

Cuimhneofar go deo ar an óráid a thug Roibeárd Emmet ó ghabhann na cúirte ach b’fhéidir nach fios do chách gur thug, Norbury, an príomh-bhreitheamh a bhí i gceannas ar an trial drochíde go leanúnach dó le linn na trialach. Ar deireadh, ghearr an Tiarna Norbury (nó John Toler mar a baisteadh é) pionós brúidiúil an bháis ar Emmet.

Bhain na litreacha a cuireadh ar ceant le cúrsaí pearsanta mhuintir Norbury. Ar €540 a díoladh iad sin. Ach, níos suimiúla fós b’fhéidir, bhí bailiúchán litreacha ón mbliain 1894 ina bhfuil cur síos ar dhíshealbhú mítheastach tionóntaí ar Oileán Árainn.

Mar chuid den bhailiúchán seo tá litir ó Francis Crozier, aibhéardaí an Tiarna Ardilaun, a scríobh sé chuig C. E. Sutton a bhí ina dhlíodóir ag an tiarna ag an am. Trácht atá ann ar eachtra thromchúiseach a tharla in Árainn le linn Chogadh na Talún.

Chuaigh fir éigeandála go hÁrainn chun aon teaghlach déag a dhíshealbhú as a ngabháltais. Bhí leathchéad póilín ann chun na fir éigeandála a chosaint, ach iontas na n-iontas, dhiúltaigh na póilíní iad a chosaint nuair a sheas na hoileánaigh go stuama ina gcoinne.

Tá litir eile sa bhailiúchán a seoladh chuig an Tiarna Ardilaun, a raibh cónaí air i gCaisleán Cheapach Corcóige i gConga, ina ndeirtear go múinfeadh na díbirtí ceacht don chuid eile den phobal nach ndéanfadh siad dearmad air go deo.

Bhíothas ag súil le €800-€1,200 a bhaint amach ar na litreacha luachmhara seo agus ar deireadh, nuair a thit casúr fíorúil an cheantálaí, d’íoc duine éigin €1,700 orthu.

Tá sé de nós ag oifigigh Iarsmalann Náisiúnta na hÉireann súil ghéar a choinneal ar a bhfuil á thairiscint ag ceantanna agus is minic gur ann a cheannaítear nithe luachmhara ar son an stáit.

Ráiteas Shráid Downing

Rinne Tuarascáil teagmháil leis an Iarsmalann Náisiúnta leis an gceist a fhiosrú agus, mar a tharlaíonn sé, cheannaigh oifigigh na hiarsmalainne roinnt seandachtaí an babhta seo freisin.

Cheannaigh na hoifigigh cóip de Ráiteas Sráid Downing 1993, é sínithe ag an Taoiseach Albert Reynolds agus príomh fheidhmeannach na Breataine, John Major. Cuireadh luach €4,000 - €6,000 ar an gcáipéis áirithe seo ach íocadh €12,000 air ar deireadh.

Bhí cúpla póstaer ar ceant a d’eisigh An Roinn Cosanta thar ceann an Scoil Chosaint Shibhialta sna 1940-50í agus íocadh €120 orthu nuair a bhíothas ag súil go n-íocfaí idir €100 agus €150 orthu.

Ceannaíodh póstaer a eisíodh i 1932 (mar cheiliúradh is dócha) tar éis thoghadh Éamon de Valera. Bhíothas ag súil go n-íocfadh duine éigin €500 - €700 air, ach íocadh €1,200 air ar deireadh.

Tá sé i gceist go gcuirfear na hiarsmaí seo ar taispeáint i 2023, nuair a dhéanfar ceiliúradh ar chomóradh céad bliain Shaorstát Éireann.

Maidir leis an ngliúcach áirithe seo, d’éirigh leis a léarscáil a cheannach. Ba é an chéad uair dó airgead a chaitheamh ag ceant agus cé nach saineolaí é ar a leithéid, creideann sé go bhfuair sé a luach ar an gcuasnóg a cheannaigh sé.

Léarscáil ón mbliain 1778 leis an gcartghrafaí Antonio Zatta as Veinéis ar teideal ‘Parte del regno d’Irlanda, cioè le provincie di Connaught, e Munster’.

Cé gur as Iodáilis atá an léarscáil seo de Chúige Mumhan agus Chúige Chonnacht, is ar na hainmneacha a bhaist na Gaill ar bhailte na tíre seo atá sé bunaithe don chuid is mó. Bíodh sin mar atá a léitheoir, má tá rud éigin níos mealltaí faoi “Porto di Castlemaine,” “Baja Gallway” agus “Isole d’Achille” ná na leaganacha ar a bhfuil siad bunaithe, níor athraíodh ‘Corkaguinie’ mórán ón mbunleagan Gaelach.

Scéim aitheantais do ghnólachtaí

Tá Glór na nGael ag ullmhú scéim aitheantais do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid comharthaíocht agus mar chuid don tseirbhís a chuireann siad ar fáil do chustaiméirí. Tá cuireadh tugtha do chainteoirí idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu ar an dátheangachas sa ghnó páirt a ghlacadh i gcomhdháil Zoom ar an 28 Bealtaine.

Beidh Aodhán Mac Cormaic, atá ina stiúrthóir i Roinn na Gaeltachta agus atá freagrach as an bPlean 20 Bliain don Ghaeilge 2010 -2030 ar an bpainéal. Ina chuideachta beidh Oihan Zubizarreta Irebecampos, stiúrthóir cumarsáide leis an gcomharchumann Bascach EMUN; Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta; agus an Dr Jeremy Evas, Ceannasaí ar Prosiect 2050 i Rialtas na Breataine Bige.

Beidh Niamh de Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo agus comhalta boird Ghlór na nGael ina cathaoirleach ar an seimineár. Cé go bhfuil an ócáid dírithe ar ghrúpaí pobail a bhfuil fonn orthu an scéim aitheantais a chur chun cinn ina gceantair féin, is féidir le haon duine freastal ach clárú a dhéanamh roimh ré. Breis eolais: gradaim@glornangael.ie