Cuan an Bhriotáis

Chuir sé iontas orthu, ní nach ionadh, nuair a chonaic siad na longa sa bhá

Cuan an Bhriotáis. Grianghraf: Getty

Cuan an Bhriotáis. Grianghraf: Getty

 

Tharla eachtra le linn an chéad chogaidh mhóir agus is ar éigean go bhfuil aon chuimhne anois air seachas ag sliocht na muintire ar bhain sé leo. Is minic go gcuirtear inár leith gur díbríodh na daoine a ghlac páirt sa chogadh sin as an stair agus gur chóir iad a chomóradh i gceart anois.

An eachtra atá i gceist agam is i bhFeabhra na bliana 1915 a thosnaigh. Is amhlaidh go raibh aoirí caorach ag tabhairt aire go deas ciúin dá gcuid tréada gar go maith do Chuan an Bhriotáis i gCo. Chill Mhantáin, sléibhte Bhaile na Corra i bhfad uathu ar íor na spéire, an fharraige ag glioscarnach faoi ghrian lag na maidne tamall soir uathu. Fairis sin, bhí aoirí gabhar i mbun a gcúram chomh maith, bíodh nach raibh an t-éileamh mór ar chineálacha cáise an ainmhí sin tagaithe chun boird fós. Níor shroich Caprino ná Yagi ná Snofrisk ná Fetid ná Crottin de Chavignol féin carbaill mhuintir an Inbhir Mhóir ag an am sin. Mar sin féin, bhí na haoirí caorach agus gabhar ceanúil ar a gcuid, agus b’éigean iad a chosaint nuair ba ghá.

Chuir sé iontas orthu, ní nach ionadh, nuair a chonaic siad na longa sa bhá. Ní raibh a fhios acu i dtosach cad chuige iad. Ba ghairid, áfach, go bhfaca siad na rampaí á leagadh amach agus na sluaite saighdiúirí ag teacht i dtír. Chúb siad chucu féin, óir ba dheacair a shamhlú cad chuige a mbeadh saighdiúirí ag teacht d’fhonn iad a mharú nó d’fhonn a gcuid ainmhithe a ghoid. Tar éis an tsaoil, níor dhein siad tada in aghaidh duine ná daonnaí a thabharfadh leithscéal dóibh teacht chun dochair a dhéanamh dóibh.

Má bhí alltacht orthu siúd, ní foláir nó bhí garda an chósta réidh ullamh. Óir ba ghairid gur shéid na gunnaí móra le binb laistiar de na dumhcha agus den scrobarnach lasnairde. Thosnaigh na saighdiúirí isteach ag titim go tiubh sular shroich cuid acu an trá, agus dheargaigh ár na fola an mhuir amach chomh fada leis na longa cogaidh féin.

Mar sin féin, d’éirigh le cuid acu stráice talaimh a ghabháil gar do Dhara Dán Eile agus chrom ar lámhach go fiain gach treo siar. Thit Fiach Ó Broin bíodh go raibh sé ar crith le heagla laistiar de mholt nár éirigh leis rith leis an gcuid eile. Leonadh Toirdhealbach Ó Tuathail nuair a scaip a thréad gabhar roimh ghuldarnach na bpiléar. ‘Cén fáth mise?’ d’éigh sé leis an spéir lasnairde nuair a chonaic sé a phutóga ag doirteadh amach ar an bhféar.

Bhí an sléacht níos measa in aice le Gall a’ Phollaí, bíodh is gur díbríodh an namhaid tar éis mórán dua agus uafáis. Ba dheacair do na haoirí caorach agus gabhar aon trua a bheith acu dóibh, go fiú is nuair a chonaic siad na coirp ag iomadú san uisce laistíos ar chaolas Súbhla, mar a thugtaí air go háitiúil de bharr na sméara a bhí ag fás chomh líonmhar ann.

Ní bhfuair siad amach go dtí gur díbríodh ar fad iad gur Turcaigh a bhí ag teacht chun iad a mharú, nó a bhfearann bocht a ghabháil, nó a gcuid tréada a sciobadh leo d’fhonn a dhíol ar an aonach in Íostán an Tairbh. Fós féin, níor thuig siad riamh cad ina thaobh go dtiocfaí i dtír ina bparóiste beag féin, óir ní chuimhneoidís a choíche ná go deo ar chaoirigh is ar ghabhair na Tuirce a mharú.

Chuirfeadh sé iontas orthu dá mbeadh a fhios acu go mbíonn suaitheantais a bhfuil corrán gealaí agus réalta orthu á ndíol taca an ama seo gach bliain d’fhonn an ionsaithe seo orthu féin a chomóradh.