Creidtear nó nach gcreidtear

Go fiú mura raibh acu i gceist ach bruscar sráide, b’ait liom é mar thoradh taighde.

 

N’fheadar an im chodladh nó im dhúiseacht a bhíos an mhaidin cheana nuair a bhí monabhar na maidne ag teacht ón raidió. Taibhsíodh dom, agus taibhse i bhfoirm a bhí ann, gur airíos gur déanadh taighde in ollscoil éigin, nó i bhforas éigin, nó ag comhlacht éigin, nó ag fondúireacht éigin a léirigh gurbh iad nutaí toitíní leath an bhruscair sa tsaol.

Mheasas, as mo sheasamh, go raibh sin i leith na hiomarcachta ag amharc isteach dom i gcannaí na gcomharsan, ach cé mise le taighde an Chórais Mhonatóireachta Thruailliú Bhruscair Náisiúnta a bhréagnú, óir b’acu a bhí na figiúir?

Go fiú mura raibh acu i gceist ach bruscar sráide, b’ait liom é mar thoradh taighde. Nuair a chuireas mo lámh isteach san araid bhruscair san ionad siopadóireachta ba neasa dom is páipéar agus cartáin ó Mhac Uí Dhomhnaill agus mascanna aghaidh is mó a theangmhaigh lem lámha.

Ní á bhréagnú atáim, ach buaileadh isteach im aigne...le hord mór trom…gur róbhaol go dtiteann an saghas ransaithe seo isteach san earnáil a thagann salach ar do ghnáththuiscint laethúil.

Mar shampla de sin, bhí i ndéanaí blianta, an tuairisc a chuir an BBC amach gur fhéach trí bhilliún go leith saontachán ar an bpósadh teaghlaigh ríogúil a bhí thuas, seachas thíos, ag an am. Idir Liam V agus Cáit Mhainistir na Corann, mura bhfuil breall orm. Trí bhilliún go leith! Sin leath an domhain bhraonaigh agus thirim. B’eo m’aigne ag dul ar séirse isteach sa chur amach gnáthlaethúil cop-on-úil ag fiafraí agus ag féachaint.

Chrom mo mhéireanta ag comhaireamh. Mar adeireadh Máiréad an Tuíodóra, an tSín, tá sin out, Meiriceá Theas, tá sin out, an Afraic, tá sin out (seachas prislíní beaga a mhair ar mhaithe le drochaigne). B’fhéidir go raibh cúpla céad míle san India as an mbilliún plus atá acu siúd, ach maidir leis an gcuid eile den Áise is i mbun a gcúraim féin a bhí siad an mhaidin mhosach cheoigh sin. Níor sháraigh m’áireamh matamaiticiúil an leathbhilliún féin, fág go bhféadfainn a bheith milliún amú, ann is is. Is é sin le rá, níl aon bhaol gur sroicheadh figiúr fantaisíochta sin an BBC, ná teacht gar do scread sclábhaí ná geonaíl ghiolla an ghairtéir féin dó.

Tá an taighde a bhfuil toradh bréige air dona go leor, ach tá chomh holc leis an taighde gan dealramh. Cad déarfá leis an bpáipéar a ‘chruthaigh’ go maraíodh séideáin bhruithne a raibh ainm baineann leo níos mó daoine ná na cinn a d’iompair ainm fireann? B’in ar an mbonn go gcreidtí go raibh na séideáin bhaineanna níos séimhe ná na cinn eile agus gan eagla amuigh a bheith ar dhaoine dá réir. B’éigean don Oifig Mheitéareolaíochta spreangadh amach go moch d’fhonn na bréige áirithe sin a shéanadh.

Ní hé gach aon duine a dheonfadh deontas mór ramhar don bhuíon a léirigh thar amhras anonn nach raibh bróga sálarda go maith do na cosa; ach oiread leis an suirbhé a thaispeáin gur mhór an cuidiú é glaoch ar otharcharr sa chás is go bhfaighfeá taom croí sa bhaile.

An raibh fonn tochais riamh ort? Má bhí, cé acu ball de do bhalla is mó ar bhain tú pléisiúr as agus tú i mbun do thochais? Glúin, caol na láimhe, smig, droim? Ní hea in aon chor. Is mó an sásamh a bhaintear as tochas an rúitín ná tochas ar bith eile. Agus an raibh fhios agat nach ionann an teocht a bhíonn i gcadairne amháin seachas cadairne eile gan beann ar éadaí?

Bítear ag gearán faoi na mic léinn ollscoile ar an téir lasmuigh de na ballaí, ach uaireanta ba ghátar féachaint ar a mbíonn ar bun laistigh.