Crainnte, ceiliúr, caonach, raithneach

Castar na daoine is iontaí ort ach seal a chaitheamh i measc na gcrann


Mar chuid d’eastát Dhroim Ólainn a bhí Coill an Mhúcháin ar feadh cuid mhaith aimsire.

Ainneoin sin, agus í a bheith i ndeas do shráidbhaile stairiúil Chuinche – agus ainneoin arís í a bheith chomh stairiúil í féin agus go dtángthas ar stór mór óir sa talamh mháguaird – is beag eolas atá ag an bpobal ar an áit seo.

I bhfad siar, le linn na Cré-umhaoise, míle bliain roimh Chríost, ba dhaingean é Múchán agus is ann atá an seandún is mó in Éirinn.

Trí cinn de dhúnta, ceann taobh istigh den cheann eile; seacht n-acra talúna ar fhichid cuibhrithe laistigh den cheann is fairsinge; na claíocha, ina sea, go rabhadar aon mhéadar déag ar leithead, móide dhá mhéadar ar airde.

READ MORE

Ach go bhfuil droch-chaoi le fada ar na dúnta; an-chuid dá gclocha scaipthe fá gcuairt agus brat caonaigh orthu; coill ard fásta ina dtimpeall.

Go deimhin, is í an choill seachas na dúnta is tréine tarraingt ormsa nuair a théim go Múchán. Mo bhealach féin a shníomh i measc na gcrann a shantaím in ionad mé a dhul ag coisíocht ar na cosáin atá leagtha amach.

Agus tig liom bealach nua a fhí chuile thuras mar is coill sách mór í agus cé go bhfuil dlúthfhásra driseacha i réimsi áiride di tá neart áiteacha eile ar féidir bealach a dhéanamh go héasca mar go múchann na crainnte arda go leor den fhásra deilgneach fúthu; fós féin, dóthain solais gréine ag sileadh anuas le beatha a thabhairt do bhláthanna.

Bíonn brat sabhaircíní, sailchuach, samhaidh, cloigíní gorma is eile, ar urlár na coille seo ina dtráth féin.

Agus cantain éan. Bí ag coisíocht leat go cúramach síochánta ar do mharana; do shrón romhat, compás i do chloigeann, ag déanamh do bhealaigh trí chré, chlocha, chaonach, nó raithneach.

Go dtugaim mo gharchlann amach anseo ag fionnachtain. Agus is fionnachtain í. An lá meirbh seo le gairid, go raibh mo ghariníon, Bodhi, as Londain i m’fhochair.

Théis píosa, mar is dual do ghasúir, gur thosaigh sí ag cásamh tart a bheith uirthi. ‘Tá mé spalptha!’ ar sí.

Muid in áit diamhrach chorrach sa choill, leargán clochach, leacracha is bolláin; crainnte scóipiúla, storrúla, mar scáth os ár gcionn.

Tobar agus tart

‘Tá tart orm!’ Tá a fhios ag Dia murar aimsigh sí tobar! Cé nár ghnáth-thobar é ach tobar i ngabhlán íseal ceann de na crainnte móra.

Agus nárbh aon tobar amháin ach oiread é ach trí cinn díofa! Uisce ins chuile cheann!

Cé nár fhéad muid an t-uisce sin a ól bhí cead againn guí a dhéanamh. Gan de dhualgas orainn ach bonn beag airgid a chaitheamh isteach mar ofráil do na déithe.

Gur dhúirt mé le Bodhi go raibh cead aici trí faoi thrí de ghuíonna a dhéanamh. Pé guíonna a rinne sí go ndearna sí dearmad ar a tart!

Le hais na dtoibreacha, bhí fothain bheag amscaí. Fothain fhánach mar a thógfadh gasúr le díograis.

Ag máinneáil abhaile dúinn, i solas ómrach an tráthnóna, gur casadh fear meánaosta orainn. É inár n-araicis gan choinne, ag déanamh a bhealaigh ar chonaire fhéir; faolchú chneasta de mhadra in éindí leis.

Coisméigeanna socra. Go ndearna sé stad, ionann is, nuair a chonaic sé muide. ‘Dhiabhail, cé as a dtáinig?

É caol, ard, os cionn na sé troithe ar airde; chomh díreach le slat sailí. Hata air, féasóg, gruaig fhada go guaillí. Seaicéad is bríste d’éadach a bhí ar aon dath, mórán, le dath an dúlra ina thimpeall. Buataisí troma bróg.

‘Móradh dhuit!’

‘Móradh dhaoibh!’

Cá raibh a thriall?

Chuile chosúlacht air gur sa choill a chaithfeadh sé an oíche. An raibh dídean i gcúlráid aige nó an amhlaidh a bhuailfeadh sé faoi ar an talamh, a dhroim le stoc crainn?

Go dtáinig an fhothain le hais na dtoibreacha isteach i mo cheann. Níorbh fhéidir gurbh é a thóg í sin? Is cinnte nach raibh sí sách mór d’fhear mór mar é!

Cárbh fhios, ámh, nárbh éard a dhéanfadh sé luí siar agus an fhothain chraoibhe a bheith mar scáth dá chloigeann amháin? I bhfionnuaire na huaire an fhaolchú lena chliathán ag coinneáil dé theasa ina cholainn.

Pictiúr ar leith, eispéaras ar leith. Fear de chuid dílis na coille! De chuid dílis an dúlra! Crainnte, caonach, raithneach, luchain, ioraí. Ceiliúr moch na n-éan.

Mé ag samhlú an fear seo i dtiún go hiomlán leis an dúlra agus as alt le chuile cheo eile.

Sean-Phádraic féin in áit na leithphingine! Shamhlaíos nár mhóide go gcasfainn ar fhear chomh hionraice leis a choíchin arís.

Ba é seo an sprioc, an bharrchéim, an bhuaic.