Crainn na hÉireann: ‘Is dual dóibh an urraim is dual do rí’

Tá fréamhacha an chultúir fite fuaite go domhain sa saol thart orainn

 

Foclóir: An sceach gheal - hawthorn; coillearnach - woodland; fálta sceach - hedgerows; tor - bush; fód chiseal - ground layer; giolla tine - fire tender; deismireacht - example; teith - smooth, warm; féithleann - honeysuckle; chathughadh (cathú) - regret; slúighte (sluaite) - hosts/army; mísleacht (milseacht) - sweetness; rothanaibh (roth) - wheels; badhb - vulture/carrion crow, feasacht - knowledge, awareness.

Tá an sceach gheal faoi bhláth arís i gcoillearnacha, i ngarraithe agus i bhfálta sceach ar fud na tíre. Comhartha dealraitheach go bhfuil sé beagnach ina shamhradh iad na bláthanna cumhra bána a thagann ar an tor deilgneach fáthrúnda seo idir Márta agus Meitheamh.

Is minic na sceacha le feiceáil agus iad cromtha ag síor bhrú na gaoithe ar chóstaí na tíre nó ar mhachairí droimnochta intíre. Ach ní planda aonraic é seo, ná baol air.

Bhaintí úsáid as an sceach gheal chun claíocha a dhúnadh ar bheithigh fadó ach ba mhór freisin an tábhacht cultúrtha a bhain leis.

Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an sceach dheilgneach spíonach seo i nósanna agus i bpiseoga agus is iomaí tagairt a dhéantar dó sa bhéaloideas.

Dá bhfeicfí sceach gheal aonraic i lár garraí, ghlacfaí leis go bhfuil an slua sí san áit. Níor mhian riamh leis an treabhdóir an fód a iompú gar don sceach. Cosaint í don áit a thionólann na daoine maithe agus bheadh mí-ádh ar an té a mbeadh sé de dhánacht ann nó inti drannadh leis an sceach fhiáin seo.

Tráth dá raibh bhí an tír clúdaithe le coillte fearnóg, fuinseog agus saileach. D’fhás crainn daracha agus crainn coill go forleathan ar mhachairí agus ar chóstaí na tíre agus d’fhás crainn ailme sna sléibhte.

Ní haon ionadh mar sin é go mbeadh tionchar mór ag na crainn ar chultúr na ndaoine. Tá fréamhacha an chultúir fite fuaite go domhain sa saol thart orainn ach ní i bpiseoga nó i nósanna amháin atá an fheasacht seo ar an dúlra le brath.

Idir na focail sa ghnáthchaint agus na hainmneacha a bhaist ár sinsir ar bhailte, ar aibhneacha ar shléibhte agus gnéithe eile na tíre tá oidhreacht luachmhar againn.

Ní ábhar iontais é mar sin, gur ainm crainn atá i dtosach gach caibidil i bhfoclóir Uí Dhuinnín. B’fhéidir gur mhaisiúchán de dhéanamh na meán-aoise ab ea an nós áirithe sin a bhaist Aibítir na gCrann ar aibítir na Gaeilge agus nach bhfeileann sé don lá atá inniu ann, ach is fianaise é go raibh meas ar leith againn ar na crainn.

Is minic a fheictear ainmneacha na gcrann sna logainmneacha. Ina measc tá leithéidí: Cill Dara, Doire, Cill Airne, Coill Rua, Eochaill, Gleann Cuillinn, Áth Dara agus Cluain Sceach, gan ach dornán a lua.

Nádúr
Dar ndóigh, bíonn an-chuid nithe atá beo, spleách ar a chéile. Tugann crainn dídean do na héin, d’fheithidí agus d’ainmhithe beaga agus is minic a chabhraíonn na hainmhithe céanna sin le pailniú a dhéanamh ar na crainn a bheathaigh iad. Tá tuiscint ar leith le fáil sa litríocht ar seo agus ar thábhacht na gcrann don nádúr.

Sa scéal cianaosta, Aidedh Ferghusa Meic Léide, ar fhoilsigh an tAth Peadar Ó Laoghaire leagan Nua-Ghaeilge de ina leabhar, Eisirt i 1907, tugtar léargas iontach ar an urraim sin.

Nuair a chonaic rí thuaithe Luchra agus Luprachán Iubhdán, giolla tine Fhearguis rí Uladh, agus é ar tí féithleann a chaitheamh ar an tine, labhair sé leis:

“Dein an tine do Rí na bhFleadh, d’Fheargus uasal na Slógh, ach ná cuir sa tine sin Rí na Coille...

“Níl slúighte móra aige mar atá ag árdrí Uladh.

“Ach tá a neart féin aige. Níl an crann san ag fás a’ talamh na hÉireann ná fuil sé n-a smacht”

“Cuireann sé a ghéaga caola fada tímpall ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta.

“Ná loisc é a fhir an deataigh. Is dual dó an urraim is dual do rí. Tabhair dó an urraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort.

“Goinfidh faobhar tú nó báthfaidh uisce thú.”

Cuireann sé comhairle ansin ar an ngiolla bocht maidir leis na cineálacha adhmaid gur féidir a dhó:

“Ná loisc an crann úll álainn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chínn bháin gur mhinic air lámh an duine.

“Ná loisc an draíghean dubh. Ní loiscfid saoir é. Tugann sé díon don éan sa gheimhreadh.

“Ná loisc crann sailighe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag diúl na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é ‘chur sa tine.

“Loisc an cárthann, crann na ndraoithe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngéag bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisc an coll, a fhir an deataigh.

“An fhuinseog; dorcha a dath. Cuireann sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loiscfeadh í.

“Loisc an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearran cos an duine agus do stracann a chuid éadaigh. Loisc an dris idir chríon agus glas.

“Adhmad teith dair úr. Ní gnáth éinne séimh uaidh. Cuireann a ghal teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas ‘na súilibh. Ná cuir sa tine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sileadh súl ar dhaoine.

“Ná staon ón gcrann feárna do losgadh, badhb teasaí na coille. Is fada ó fhuacht duit tine feárna agus sceiche gile.

“Cuileann, loisc a úr. Cuileann, loisc a chríon. Chun tine níl crann le fáil is feárr ná cuileann.

“An trom, an drochadhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisc go mbeidh ‘na ghual.

“Loisc an beithe nuair a gheóbhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisc go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíonn a bhárr ar crith.

“Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh de.

“Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp”.

Agus an domhan ag dul i ngleic leis an athrú aeráide, is eiseamláir dúinn uilig an fheasacht agus an urraim bhíodh againn tráth maidir leis an nádúr agus an dúlra.

Stádas teanga

Cuireadh fáilte roimh fhógra na seachtaine seo caite go dtabharfar reachtaíocht teanga isteach trí Westminster i bhfómhar na bliana seo má theipeann ar Fheidhmeannas Stormont é a dhéanamh roimhe sin.

Tá cúig bliana déag caite ón uair a gheall rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rìmhinn go reachtófaí acht teanga a thabharfadh stádas éigin don Ghaeilge.

Ach i ngeall ar an gcuthach feirge a chuir an gheallúint sin ar chuid de na haondachtóirí ar dóigh leo gur ionsaí ar a bhféiniúlacht féin a bheadh ann dá mbeadh na cearta céanna atá acusan ag aon dream eile, beidh an reachtaíocht i bhfad níos laige anois ná mar a d’fhéadfadh sé a bheith dá gcuirfí i bhfeidhm é nuair a gealladh ar dtús é.

Caithfear a fhiosrú cén fáth nár éiligh Rialtas na hÉireann le linn na mblianta fada sin go gcuirfí i bhfeidhm é? Murach feachtas Chonradh na Gaeilge agus an Dream Dearg ní tharlódh tada.

Ach mar a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí An Dream Dearg, “dul chun cinn stairiúil” a bheadh ann dá gcuirfí acht i bhfeidhm gan mhoill. Tá sé íorónta, b’fhéidir, go ndúirt an Tánaiste Leo Varadkar arís eile le linn na seachtaine gur cheart ísliú ar stádas na Gaeilge a phlé i gcomhthéacs Éire aontaithe.

Ar an drochuair, má theipeann ar cheachtar den dá dhlínse, Stormont agus Westminster, acht a chur i bhfeidhm beifear ag brath ar an Rialtas i mBÁC brú a chur ar rialtas na Breataine.