‘Cothromaíocht’ ina phríomh dhúshlán ag an Dáil

Labhair Tuarascáil leis an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghail ar ócáid chomórtha 100 bliain na chéad Dála

Foclóir: Comhalta - member, radacach - radical, rannpháirteach - participating, díomách - disappointed, lán dáiríre - fully in earnest, gearán - complaint, cothromaíocht - fairness/equity, aosta - elderly

Céad bliain cothrom an lae inniu, ar an 21 Eanáir 1919, tháinig Dáil Éireann le chéile den chéad uair. Bhí an chéad tionól i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Eisíodh Forógra Neamhspleáchais na hÉireann agus aontaíodh Clár Daonlathach Dháil Éireann.

Ní raibh ach 27 comhalta tofa i láthair ar an lá, fad a bhí 34 comhalta i bpríosún agus comhaltaí eile rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhí faoi rún ag an am. Bhí Cathal Brugha ina Cheann Comhairle ar an gcéad chruinniú poiblí den Dáil. Leis an ócáid seo a chomóradh labhair Tuarascáil le Seán Ó Fearghail atá ina Cheann Chomhairle ar an 32ú Dáil.

Cén tábhacht, dar leatsa, atá leis an gcomóradh seo?

READ MORE

Is comóradh suntasach atá ann. Tá sé an-tábhachtach i gcomhthéacs an chéid atá imithe. Tá sé tábhachtach go mbeadh muid in ann an méid atá bainte amach le céad bliain anuas a phlé agus aghaidh a dhíriú ar an gcéad bliain atá le teacht.

An dóigh leat go n-aithneodh teachtaí ón chéad Dáil an pharlaimint mar atá sé sa lá atá inniu ann?

Is dóigh liom ar shlite éagsúla go mbeidís sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus ar an lámh eile go mbeadh siad mí-shásta go bhfuil fadhbanna móra againn go fóill. In ainneoin an tsaibhris go bhfuil easpa cothromaíochta fós le feiceáil, go bhfuil deacrachtaí againn ó thaobh tithíochta agus ó thaobh an phobail agus iad ag iarraidh leas a bhaint as seirbhísí riachtanacha dóibh féin.

Is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt ar na saolta seo i nDáil Éireann. An dóigh leat gur féidir tuilleadh a dhéanamh lena labhairt a spreagadh?

Tá níos mó ball sa Dáil seo a bhfuil cumas Gaeilge acu ná mar a bhí le fada an lá. Ag an am céanna táim díomách nach bhfuil níos mó úsáide á bhaint as an teanga. Úsáidim féin Gaeilge gach lá ach chomh maith leis sin, caithfidh muid a chur san áireamh go bhfuil buanchoiste curtha ar bun againn le déileáil le cúrsaí Gaeilge go ginearálta. Tá muid dearfach, tá muid dáiríre faoin teanga agus faoi í a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh.

Bhí bean amháin ina comhalta den Chéad Dáil, Cuntaois de Markievicz, a toghadh i gceantar Phádraig, Baile Átha Cliath. Tá roinnt daoine tar éis clamhsán a dhéanamh nach bhfuil a híomhá le feiceáil lasmuigh den fhoirgneamh an dóigh leat gur botún a bhí anseo?

Fuair mé litir ón Seanadóir Ivana Bacik agus baineadh geit asam. Tá an-chuid déanta againn le bliain anuas agus muid ag comóradh an Chuntaois Markievicz chun a léiriú go bhfuil muid lán-dáiríre faoin ngéarchéim ban i dtithe an Oireachtais agus go bhfuil muid dáiríre faoi rud éigin a dhéanamh faoi chun féachaint chuige go mbeidh níos mó ban againn amach anseo. Ó thaobh na griangraifeanna atá ar an bhfoirgneamh lasmuigh; ‘séard atá ansin ná íomhánna na 27 ball a bhí i láthair. Ní raibh an Chuntaois Markievicz i láthair. Ach, tá sise le feiceáil laistigh den halla. Tá a dealbh le feiceáil laistigh den doras. Nuair a thagann an pobal isteach i dTeach Laighin is tríd an ‘Markievicz Entrance’ a thagann siad. Caithfidh mé a rá go raibh an gearrán sin beagáinín mí -chothrom.

Bhí an chéad Dáil sách radacach - má smaoiníonn tú ar an gClár Daonlathach i measc buanna na Céad Dála - agus bhí dúshláin mhóra rompu ag an am. Cad iad na dúshláin is mó atá roimh Dháil an lae inniu agus cén cineál Dála a shamhlófá a bheadh ann i gceann céad bliain eile?

Ag an bpointe seo, is léir gurb iad an Bhreatimeacht agus an fhadhb thithíochta na príomh (dhúshláin) atá os ár gcomhair faoi láthair. Ag féachaint go fad-téarmach ar na dúshláin atá ann, is dócha go mbaineann siad le cothromaíocht. Ag féachaint chuige go leanfaidh muid ar aghaidh ag cothú eacnamaíochta atá láidir agus atá ag déanamh dul chun cinn, nach bhfágann muid éinne taobh thiar agus go ndéanann muid gach iarracht féachaint chuige go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá ar lag-eagna, atá ar mí-chumas, atá aosta, nó atá tinn - go mbeidh na seribhísí stáit is fearr againn agus is féidir linn a chothú. Sin iad na dúshláin atá ann faoi láthair agus amach anseo.

Nótaí

* An Chéad Dáil an teideal atá ar chomóradh Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ar theacht le chéile Dháil Éireann den chéad uair sa bhliain 1919. Tosóidh imeachtaí ag An Taibhdhearc ag 2.50in inniu (an 21ú Eanáir) le siúlóid trí lár chathair na Gaillimhe. Déanfar athchruthú ar an Chéad Dáil os comhair an Túir ag Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire (Eyre Square Shopping Centre) ag 3.30in. Arna stiúradh ag Mícheál Ó Meallaigh, i measc na dTeachtaí Dála beidh Diarmuid de Faoite, Catherine Denning, Maidhc P Ó Conaola, Deirbhile Ní Churraighín, Seán Ó Coisdealbha, Gearóidín Nic Thomáis agus Séamus Ó hAodha. Tabharfaidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh léacht sa Taibhdhearc ag 5.30in.

* Dheimhnigh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an tseachtain seo caite go raibh moill curtha arís ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé ráite cheana gurb é faillí agus neamhshuim an státchórais i leith na Gaeilge is cionntsiocair le droch bhaill cúrsaí teanga sa tír seo. Ach, sa chás seo, síneadh méar an mhileáin i dtreo imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach agus an mhoill atá curtha aige sin ar an reachtaíocht atá ós comhar t Thithe an Oireachtais.

Gheall an tAire go bhfoilseofaí an bille i mbliana agus beidh go leor ag súil go ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill i dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite, “Tá sé tábhachtach anois go bhfoilseofaí agus go n-achtófaí Bille Leasaithe nua gan mhoill; tá siad siúd ar mian leo seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ón Stát ag fanacht rófhada le hAcht níos oiriúnaí dá fheidhm. Leis na ceannteidil (bille) seo tá deis ann faoi dheireadh an méid sin a chur ina cheart.”

* Ranganna théarma an Earraigh: Cuirfear tús le ranganna Gaeilge an tseachtain seo do thosaitheoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidh ranganna de chuid Chonradh na Gaeilge ag atosú san ardchathair agus i nGaillimh ar 21-23 Eanáir 2019. Tuilleadh eolais le fáil ó cnag.ie.

* Tá Club Scannán Sailearna tar éis séasúr nua scannán domhanda a fhógairt. Taispeánfar na scannáin i Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Cois Fharraige, ar na hoícheanntaí cuí. Cosnaíonn ballraíocht séasúir € 35 nó is féidir táille € 8 in aghaidh an scannáin a íoc. I measc na scannán a thaispeánfar sa séasúr seo beidh an scannán Francach C'est La Vie ar an 24ú Eanáir, The Guilty ón Danmhairg ar an 28ú lá Feabhra agus Shoplifters ón tSeapáin ar an 21ú lá de mhí Márta. Breis eolais: clubscannan.ie/ga/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.