Comhairliúchán ar Earnáil na Meán

Tuairimí an phobail ar thodhchaí foilseachán Gaeilge clóite agus ar-líne de dhíth

Foclóir: Deonach - voluntary, géarchéim - crisis, ilíocht - diversity, iomadúlacht - numerous, éadáil - gains, inmharthanacht - viability, brath - feeling.

Níl sé ach cúpla seachtain ó d’fhoilsigh Coiste Gaeilge an Oireachtais tuarascáil thromchúiseach inar leagadh amach na deacrachtaí suntasacha a bhaineann leis an gcraolachán Gaeilge.

Thug an tuarascáil sin léargas leathan ar staid na hearnála agus tharraing sé aird ar leith ar mhaoiniú, ar chaiteachas agus ar réimsí na reachtaíochta i measc ceisteanna eile.

Dar ndóigh, ní ag RTÉ agus ag TG4 amháin atá deacrachtaí a chuireann inmharthanacht fhadtéarmach seirbhís thábhachtach Gaeilge i mbaol.

READ MORE

Má dúradh sa tuarascáil úd go bhfuil géarchéim ann don teanga ó thaobh seirbhísí craolacháin Gaeilge de, ní beag ach an oiread na dúshláin atá roimh irisí na Gaeilge.

Roinnt blianta ó shin chaill na hirisí fadbhunaithe An tUltach agus Feasta an maoiniú a bhíodh á fail acu trí Fhoras na Gaeilge. Is ar an ngannchuid agus trí shaothar deonach atá siad fós ag feidhmiú.

I staidéar a rinneadh don Fhoras ar na meáin Ghaeilge anuraidh rinne an t-údar, Séamus Daltún, anailís ar an iris Comhar agus na suímh Nós.ie agus Tuairisc.ie.

Ó 2014 go deireadh 2018, chuir Foras na Gaeilge maoiniú de luach os cionn €2,251,946 ar fáil do na meáin chlóite agus ar-líne seo agus ceadaíodh €496,146 don bhliain 2019.

Is mór an méid é seo cheapfá. Ach, mar a dúirt Séamus Daltún sa tuairisc (atá le fáil ar shuíomh an Fhorais), tá “táirgí ar chaighdeán ard á soláthar ar bheagán airgid” ach, tá sé “deacair a thuiscint go bhféadfaidís leanúint orthu gan breis a bheith ar fáil sa todhchaí.”

Bheadh, dar leis, ar Fhoras na Gaeilge teacht ar bhreis airgid chun a chinntiú go mbeadh seirbhís leanúnach ar ard-chaighdeán á soláthar do phobal na Gaeilge.

Bheadh ciorraithe le déanamh ar na seirbhísí foilsitheoireachta mura mbeadh an maoiniú seo ar fáil agus mar a dúirt sé: “is iad pobal léitheoireachta na Gaeilge a bheadh thíos leis”.

Dúirt sé go bhfuil sé “fíor thábhachtach do inmharthanacht aon Teanga” go mbeadh sí le feiceáil chomh maith le le cloisteáil.

“Chuige seo is gá don Fhoras brú a chur ar pholaiteoirí níos mó airgid a chur ar fáil.”

Scéim athbhreithnithe

D’fhógair Foras na Gaeilge coicís nó mar sin ó shin go bhfuil athbhreithniú le déanamh anois ar mhaoiniú na meán Gaeilge clóite agus ar-líne.

Eisíodh doiciméad comhairliúcháin inar tugadh cuntas ar mholtaí atá déanta maidir leis an scéim athbhreithnithe agus táthar ag lorg moltaí ón bpobal. (Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais ag forasnagaeilge.ie)

Is fiú fáilte a chur roimh chuid de na moltaí atá déanta.

Mar shampla, tá sé molta go bhforbrófar scéim phrintíseachta do chéimithe iriseoireachta Gaeilge.

Smaoineamh maith é seo - an fhad agus go mbeidh poist ar fáil dóibh nuair a bheidh an scéim críochnaithe acu.

Is moladh suimiúil eile é go bhforbrófar scéim phíolótach saor-nuachtáin áitiúla. D’fhoilseofaí iad do na ceantair is mó a bhfuil pobal labhartha Gaeilge iontu.

Chabhródh sé seo le bearna a líonadh - bearna a fágadh nuair a cuireadh deireadh le nuachtán clóbhuailte seachtainiúil.

Ach moltar freisin go gcuirfí deireadh leis na trí scéim reatha a thugann maoiniú do Comhar, Nós.ie agus Tuairisc.ie. Ina n-áit bheadh conradh seirbhíse in-athnuaite do phríomhsholáthróir amháin chun suíomh gréasáin lán-Ghaeilge a sholáthar.

Má ghlactar leis beidh deireadh le maoiniú d’iris liteartha chlóite - Comhar- chomh maith leis an suíomh don óige Nós.ie agus b’fhéidir Tuairisc.ie. Agus, céard faoi na hirisí Feasta agus An tUltach ar cuireadh deireadh cheana lena maoiniú.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil deacrachtaí acu uilig agus tá sé soiléir go bhfuil na trí scéim reatha faoi bhrú mar atá siad faoi láthair.

Ach cén chúis atá leis an gcur chuige áirithe seo?

An é nach bhfuil dóthain airgid ar fáil ó chiste lárnach an Stáit chun go bhféadfaí dul i ngleic go díreach leis na fadhbanna atá luaite i dtuarascáil Dhaltúin?

Cinnte, is féidir feabhas a chur ar chúrsaí ar bhonn straitéiseach agus struchtúrtha ach nár cheart go mbeadh iarracht éigin ar bun chun feabhas a chur ar na foilseacháin seo agus iad a choinneáil neamhspleách ar a chéile?

Buiséad

Tá sé ráite le trí bliana ar a laghad go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta sa tír ach ní cosúil go bhfuil mórán den éadáil le roinnt ar na hirisí agus ar na heagrais Ghaeilge.

Déanfaidh gluaiseacht na Gaeilge a gcás a agairt leis na húdaráis sna seachtainí atá amach romhainn, eiseofar cáipéisí eile agus tuarascálacha eile. Caithfear cúpla pingin sa bhreis ina dtreo, b’fhéidir.

Ach, de réir cosúlachta ní mórán a bheidh le spáráil i sparán an bhuiséid seo.

Níl aon cheist faoi ach go dteastaíonn mórmheáin chun cumarsáid sa teanga agus mothú agus brath comhaltais sa phobal teanga a éascú.

Anuas ar sin, teastaíonn éagsúlacht agus iomadúlacht ghuthanna agus modhanna táirgthe chomh maith chun neamhspleáchas agus ilíocht na meán a chosaint.

An é an bealach chuige sin díriú isteach ar phríomhsholáthróir amháin agus ar mhodh tairgthe amháin- táirgeadh ar-líne?

* Is féidir teacht ar chóip den doiciméad comhairliúcháin anseo: forasnagaeilge.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.