Comhairle bhaoth

Tá dualgas ar dhaoine geit a bhaint astu féin – agus a gcuid leabhar féin a roghnú


‘Ná léitear leabhair mhóréilimh!’

Iarradh orm uair amháin comhairle a chur ar scata mac léinn a bhí ag dul i mbun an tsaoil. Ní fhéadfainn cuimhneamh ar aon rud níos fearr ná sin. Ní hé go rabhas ag iarraidh daoine a chur ó dhoras thionscal na foilsitheoireachta – ceann de na tionscail is mó tábhacht atá againn – ach go díreach ag meabhrú gur cheart do dhaoine machnamh a dhéanamh dóibh féin.

Tharla go bhfaca mé lámh in airde uair amháin le linn léachta a bhí á tabhairt agam. Duine éigin ag lorg eolais, arsa mise liom féin, boc fiosrach ní foláir.

Rud annamh ann féin ba ea ceist im chuid ranganna, óir shíl mé gach a raibh á rá agam a bheith mós soiléir. Ceist chasta éigin a bhí idir chamáin phléite agus mé ag iarraidh gach cúinnín den fhadhb a fhreastal.

READ MORE

‘Cén fáth nach ndeireann tú linn cad é go díreach atá ag teastáil uait sa scrúdú,’ ar seisean, ‘agus scríobhfaimid síos duit é.’

Sea, ar mh’anam! Tuigim dá dtuigfeá dó. Tá an saol ag cur thar maoil agus á luchtú síos le faisnéis, le heolas, le hábhar a phléascfadh an cloigeann is mó amuigh.

Oscail leat do ríomhaire glún féin agus tiocfaidh ina slaoda chugat: go bhfuil deartháir ag Ewan McGregor arb é a chrutaon é, go bhfuil áras mór ag bean chéile Jamie Oliver ar fiú £8.9 milliún é…

Maidir liom féin, is róchuma liom cad a dhéanann One Direction le linn sosa a bheadh tuillte acu, nó cé mhéid sconna óir atá ag Kardashian éigin ina leithreas, nó cén fad é an scuaine i gcomhair bróga Kanye West lasmuigh de shiopa Oscar de la Renta. Gan amhras, is cás liom cad é an chéad scannán eile a dhéanfaidh Ryan Corr, óir is duine daonna mé.

Mór idir na haimsirí. Bhí tráth ann nuair a ligeadh ollscoileanna san Eoraip dá gcuid mac léinn a gcuid ceisteanna féin a chumadh. Is mó duine anois a bhfuil cathú air nár fhreastail sé ar choláiste mar é.

Nó, an nós a bhíodh ann ceisteanna diamhara a chur ar pháipéir fealsúnachta: ‘Cad is misneach ann?’ D’fhág mac léinn amháin an freagra folamh, seachas na focail ‘Seo misneach,’ go lom leo féin a scríobh. Ba dhóigh leat gurbh fhírinní ‘Seo póit’ a chur síos.

Tá daoine adeir, fara fealsaimh mhóra an domhain ar nós Socraitéas, Aibhistín, Schopenhaur agus Wittgenstein gur chóir go n-áireofaí an tUasal Google ina measc. Ach ar nós peileadóirí áirithe a bhfuil sé amuigh orthu go bhfuil inneall iontach iontu ach iad ar díth intinne, caithfear a rá nach bhfuil aon inchinn ach an oiread ag Google. Ní foláir machnamh éigin a dhéanamh duit féin.

Chuige sin an t-áiteamh gan leabhair mhór-ráchairte, nó saothair mhóréilimh a cheannach.

Nuair a bhíonn páistí óg tugann tuismitheoirí isteach sa siopa leabhar nó sa leabharlainn féin iad agus ligeann dóibh dul ag ransú agus ag roghnú dóibh féin le flaithiúlacht na saoirse. Is é sin, mura bhfuil siad sprionlaithe ar nós an athar úd a thug a chuid leanaí amach chun cuairt a thabhairt ar uaigh Santa Claus roimh Nollaig.

Saoirse sin do rogha bhóthair a leanúint, baintear díot é leis an tathant go gcaitheann tú an rud atá á léamh ag cách a chéile a cheannach. Cad a tharla don ród “less travelled by,” mar a mhaígh Robert Frost.

Nó comhairle Sheosaimh Mhic Grianna: “Siúl sna háiteachaí nach siúlann daoine eile, fiú mura bhfeicfidh tú iontu ach tithe cearc.”

Tá dualgas ar dhaoine geit a bhaint astu féin, agus ní dhéanfaidh siad sin má leanann siad an mótarbhealach go cathair na ngnás.